Ní hin é an chaoi a scríobhann tú ’J’, a Mhamaí, agus ná fiafraigh díom céard a tharla sa réamhscoil…

Cheap ár gcolúnaí go mbeadh an Babaí ina dhéagóir nuair a thosódh sé ar an gceilt eolais. Bhí dul amú uirthi…

Ní hin é an chaoi a scríobhann tú ’J’, a Mhamaí, agus ná fiafraigh díom céard a tharla sa réamhscoil…

Tá faitíos orm go bhfuil mé caite amach le huisce na bhfataí ag an mBabaí anois agus amhras air an bhfuil aon údarás agam ar aon ábhar ar chor ar bith.  

Nuair a thosaigh an Babaí ar an dara bliain ag an réamhscoil, ní raibh aon chuimhne agam go dtarlódh sé seo. Bhí mé ag súil go bhfoghlaimeodh sé an aibítir, go mbeadh spraoi aige agus go ndéanfadh sé cairde nua. 

Ní raibh aon chuimhne agam, fad is a bhí sé ag foghlaim a chuid abc-anna, go mbeadh sé ag foghlaim an neamhspleáchais chomh maith.

Níl aon chaint aige i ndiaidh na scoile. ‘Cén chaoi a raibh do lá?’ a fhiafraím dhe. ‘Go maith,’ a deir sé agus ní deir sé aon rud eile. 

‘An raibh tú ag dathú?’ a fhiafraím dhe. ‘Níl a fhios agam,’ a deir sé. ‘An raibh scéalaíocht agaibh?’ a fhiafraím dhe. ‘Níl a fhios agam,’ a deir sé.

Faoin am go mbíonn dhá nó trí cheist curtha agam, tosaím ag aireachtáil nach ag léiriú suime ina lá atá mé ach ag éirí rófhiosrach. Níl aon leigheas air, ach stopadh de na ceisteanna. Cheap mé b’fhéidir go dtarlódh sé seo nuair a bheadh sé ina dhéagóir, ach ní raibh aon rabhadh faighte agam faoin rúndacht réamhscoile.

Níl a fhios agam cá bhfuil mé ar an laochliosta aige anois, ach sílim go bhfuil mé tite síos íseal go maith ann. Uachtar reoite agus milseáin atá ag barr an liosta, níl aon dabht faoi. 

Bheadh an bheochan PJ Masks go gairid ina ndiaidh sin. Cá bhfios cá bhfaighfeá anois ar an liosta mé, áit éicint idir brocailí agus bailiú lego, seans.

An chéad leid a fuair mé faoi seo ná nuair a d’iarr sé orm a thaispeáint dhó cén chaoi lena ainm a scríobh síos.

‘Taispeánfaidh mé duit!’ a dúirt

mé, agus beagán gaisce agam. D’imigh mé is fuair mé páipéar is peann luaidhe is thosaigh ag scríobh. Ní raibh mé ach imithe chomh fada leis an dara litir ina ainm nuair a  d’iarr sé orm stopadh. ‘Ní hin é an chaoi a scríobhann tú ’J’, a Mhamaí,’ a dúirt sé liom go húdarásach.

Bhain sé siar asam go raibh sé ag ceartú mo chuid scríbhneoireachta, caithfidh mé a admháil. Ní hamháin mar gheall go bhfuil an rud is deireanaí a scríobh sé féin feicthe agamsa ach… bhuel, níl mé ag rá go bhfuil mo chuid peannaireachta snasta snoite ach, ní hé is measa ach an oiread. 

‘Bhuel, tá mé a cheapadh go bhfuil a fhios agam cén chaoi le ‘J’ a scríobh faoin tráth seo de mo shaol,’ a dúirt mé (go postúil).

‘Tá brón orm Mamaí, ach ní hin é an chaoi a ndéanann an múinteoir é,’ a dúirt sé ansin agus bhí a fhios agam gur aige a bhí an focal scoir ar an gceist.

Fág freagra ar 'Ní hin é an chaoi a scríobhann tú ’J’, a Mhamaí, agus ná fiafraigh díom céard a tharla sa réamhscoil…'