Ní hé gnó na státseirbhíse cinntí polaitiúla a dhéanamh

Ní hamháin go bhfuil an t-easnamh daonlathach in Stormont de bharr bhaghcat an DUP ag cur ualach breise ar an státseirbhís ach tá guagacht thromchúiseach cothaithe ag buiséad na dTóraithe

Ní hé gnó na státseirbhíse cinntí polaitiúla a dhéanamh

‘Daoine a toghadh, a bhfuil sainordú daonlathach acu ba cheart a bheith freagrach as polasaithe ní seirbhísigh poiblí anaithnide.’ Ní polaiteoir radacach a bhí ag caint ach an duine is sinsearaí sa mhaorlathas i dTuaisceart Éireann, Jayne Brady, ceannaire na státseirbhíse.

Ní hamháin go bhfuil an t-easnamh daonlathach in Stormont de bharr bhaghcat an DUP ag cur ualach breise ar an státseirbhís ach tá guagacht thromchúiseach cothaithe ag buiséad na dTóraithe. Níl an Státrúnaí Heaton-Harris toilteanach freagracht a ghlacadh as a ‘buiséad an phionóis’ mar a thugtar air go forleathan, a chur i bhfeidhm.

Tá an Státrúnaí ag iarraidh ar an státseirbhís róchaiteachas Stormont anuraidh a cheartú agus laghduithe eile a dhéanamh ar sheirbhísí. A thoradh sin, cruatan a chur i bhfeidhm, ciorruithe timpeall £800 milliún nuair a chuirtear boilsciú san áireamh. Is mór an méid é as £14 billiún agus áiríonn saineolaithe go n-éileoidh sé beartais a bhfuil dualgas reachtúil ar ranna iad a sholáthar. Creideann an státseirbhís go sáródh an cúram sin a gcumhacht.

Is léir go bhfuil leas á bhaint ag an Státrúnaí as an mbuiséad conspóideach le brú a threisiú ar an DUP chun filleadh ar Stormont. Bíodh an plean sin ciallmhar nó ná bíodh – agus níl aon chosúlacht ar an scéal faoi láthair go bhfuil rún ag an DUP rud a dhéanamh air – is ag cur leis na heasnaimh dhaonlathacha atá an Státrúnaí Heaton-Harris. Tá diúltaithe as éadan aige freagracht a ghlacadh as a bhuiséad a chur i bhfeidhm; riail dhíreach a bheadh ansin dar leis agus sin céim nach bhfuil sé sásta a ghlacadh.

Seachtain ó shin scríobh Jayne Brady litir chuig an Státrúnaí ag cur in iúl dó féin agus dá roinn go ndéanfadh an buiséad damáiste fadtéarmach. Cúpla lá ó shin bhí sí i measc ionadaithe ón státseirbhís a thug fianaise don Choiste Parlaiminte um Ghnóthaí Thuaisceart Éireann. Chuir sí féin agus rúnaithe ranna eile in iúl don choiste go mbeadh gá le cinntí chun an buiséad a fheidhmiú, cinntí nach bhfuil éinne seachas polaiteoir tofa i dteideal a dhéanamh. Ní bheadh an státseirbhís in ann a leithéid de chinntí a dhéanamh a dúirt Brady.

Níor cheart go mbeadh státseirbhísigh páirteach in obair pholaitiúil, ar sí. Sé a ndualgas anailís agus comhairle neamhchlaonta a sholáthar agus ansin treoir a ghlacadh ó aire chun polasaí a chur i bhfeidhm. Is deacair a shamhlú go mbeifear in ann pairilis nó achrann faoin mbuiséad idir an Státrúnaí agus an státseirbhís a sheachaint. Tá roinnt den bharúil go mbeidh daoine ag triall ar na cúirteanna maidir leis an bpraiseach seo.

Tá foláireamh tugtha ag Príomh-Chonstábla an PSNI go mbeidh cuid de na ciorruithe atá buailte airsean dodhéanta. D’fhógair sé cheana go gcuirfí bac ar earcaíocht agus go dtitfeadh ballraíocht na bpóilíní go dtí an leibhéal is ísle ariamh. Ach ní leor an méid sin chun déileáil le £141 milliún de thitim ar a bhuiséad.

Fearacht an PSNI, tá go leor de na socruithe is éasca fógartha cheana féin ag an Roinn Oideachais, céimeanna a bhuailfidh an aicme is boichte. Tá deireadh á chur le tacaíocht bhreise do dhaltaí mar shampla – bricfeasta, liúntas bia sna laethanta saoire, seirbhís chomhairliúcháin agus saortháirgí an mhíostraithe. Tá caint ar bhusanna scoile a chealú.

Ní bheidh an tseirbhís sláinte in inmhe na bearnaí móra sa chóras a chur ina gceart ná altraí agus speisialtóirí a earcú chun a dhul i ngleic leis an nganntanas foirne. Tá titim 14% luaite leis an Roinn Infreastruchtúir a bhain úsáid anuraidh as cúlchiste Translink chun an tseirbhís iompair phoiblí a choinneáil sa tsiúl. Tá baol anois go gcaithfear soilse ar na sráideanna a mhúchadh, nach ndeiseofar bóithre agus nach mbeifear in ann grean a leathadh má bhíonn sioc ann.

Bhí an t-údarás ag státseirbhísigh ciorruithe a dhéanamh i gcásanna nár chuid dá gcúram reachtúil iad murab ionann agus beartais ar nós oideachas a sholáthar, dícheall a dhéanamh chun saoránaigh a choinneáil slán agus bunchearta a chosaint.

Sé freagra an Státrúnaí Heaton-Harris ar imní na ndaoine gurb iad na polaiteoirí logánta a chruthaigh na fadhbanna agus gur fúthu iad a leigheas trí Stormont a athnuachan. Is fíor go bhfuil cuid den cheart aige.

Ní dheachaigh Feidhmeannas Stormont i ngleic le hobair athchóirithe riachtanach nuair ab ann dó agus is ar an DUP an milleán faoin bhfolús ó shiúil siad amach breis is bliain ó shin. Ach níl lámha Heaton-Harris féin glan. Mar bhall de bhrúghrúpa sna Caomhaigh bhí sé ar dhuine d’ailtirí an Bhreatimeachta chrua as ar eascair an prótacal agus baghcat an DUP. Ina theannta sin, ó tá sé ag cur brú ar státseirbhísigh chun bearnaí polaitiúla a líonadh, tá a chuid teaicticí ag cur leis an easnamh daonlathach.

Fág freagra ar 'Ní hé gnó na státseirbhíse cinntí polaitiúla a dhéanamh'