Ní hé deireadh an domhain é d’fhoirne an Pro 12

Seans go mbeidh cúpla imreoir ón ochtar déag a bhí ar phainéal na hÉireann ar fáil do Leo Cullen agus foireann na Laighneach le tabhairt faoi Ghlaschú tráthnóna

Jamie Heaslip 17/1/2015Cé gur tháinig deireadh le hiarrachtaí na hÉireann sa gCorn Domhanda an deireadh seachtaine seo caite, ní hé sin le rá go mbeidh fáil do bhabhta a cúig den Pro 12 ag na Cúigí ar na himreoirí ar fad a bhí ar dualgas idirnáisiúnta le cúpla seachtain anuas. Fós féin, seans go mbeidh roinnt imreoirí nár imir ach cluiche nó dhó sa gCorn Domhanda ar fáil. Is cinnte go mbeidh scíth cluiche nó dhó á thabhairt dóibh siúd a d’imir i gcoinne na Fraince agus na hAirgintíne an Domhnach seo caite. 

Fágann sin gur cheart go mbeadh cúpla imreoir ón ochtar déag a bhí ar phainéal na hÉireann ar fáil do Leo Cullen agus foireann na Laighneach le tabhairt faoi Ghlaschú, curaidh an chomórtais san RDS ar an Aoine seo.  

Bhí Cúige Laighean as baile an Aoine seo caite ag imirt i gcoinne na Scarlets, cluiche a chaill siad, toradh a fhágann iad sa 7ú háit ar thábla an Pro 12. Bhí go leor imreoirí ar bheagán taithí ag imirt do Chúige Laighean sa gcluiche sin. Seans maith nach mbeidh an oiread céanna acu siúd ag cur chun páirce do Chúige Laighean sa gcluiche seo. Mar sin féin, níl Glaschú ach áit amháin níos airde ná iad ar an tábla, dhá cluiche atá caillte acu siúd freisin.  

Seans gur ag na Laighnigh atá an buntáiste, mar gurb iad atá sa mbaile, ach is fiú a lua go bhfuil Albain imithe as an gCorn Domhanda freisin, agus mar sin go bhfuil fáil ag lucht bainistíochta Ghlaschú ar go leor imreoirí don chluiche seo agus is cinnte nach bhfuil siad ag teacht go hÁtha Cliath chun cluiche eile a chailliúint! Tá ábhar sárchluiche sa gcluiche seo, agus tá aimhreas orm an leor buntáiste imirt sa mbaile do na Laighnigh.

Tá ar Chúige Mumhan imirt as baile an Aoine seo, iad sa mBreatain Bheag i gcoinne na Scarlets, foireann a fuair an ceann is fearr ar Laighin i bParc y Scarlets an deireadh seachtaine seo caite.  

Coimhlint idir an dá fhoireann atá bharr an tábla atá anseo, Mumha atá sa gcéad áit le bua i ngach cluiche agus pointe bónais amháin as ceithre chluiche agus Scarlets sa dara háit le ceithre bhua ach gan aon phointe bónais acu fós. 

Tá fhios ag an dá fhoireann bainistíochta go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an gcluiche seo. Má éiríonn le Cúige Mumhan bua as baile a aimsiú, beidh cuma mhaith orthu agus iad lán d’fhéinmhuinín roimh chuairt na nUltach ar Pháirc Thuamhan faoi cheann seachtaine. Ach is deacair bua ar an mbóthar a aimsiú sa gcomórtas seo; ní bheidh tada bog ag baint leis na Scarlets go háirithe agus iad sa mbaile.  

Sílim go mbeidh na hUltaigh, foireann atá sa 5ú háit ar an tábla, róláidir i gcoinne Chaerdydd agus iad tabhairt faoina chéile i mBéal Feirste ar an Aoine seo freisin.

San ochtú háit atá Caerdydd, gan acu acht bua amháin acu as ceithre iarracht sa gcomórtas go dtí seo. Is deacair dom na hUltaigh a fheiceáil ag cailliúint an chluiche seo. Níl an dóchas céanna agam maidir leis na Connachtaigh, faraor, cé go bhfuil siad sa 4ú háit agus iad ag tabhairt faoin na hOspreys, foireann atá sa 10ú háit, ar an Satharn.

Ach an oiread le Cúige Mumhan atá sa mBreatain Bheag an deireadh seachtaine seo freisin, má éiríonn le Cúige Chonnacht geit a bhaint as na hOspreys, beidh éacht acu le ceithre bhua as cúig chluiche.

Ná bíodh aon dul amú ort – ní bheidh sé éasca acu sin a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Ní hé deireadh an domhain é d’fhoirne an Pro 12'