Ní haon údar sásaimh d’Éirinn Rialtas na Breataine a bheith in aimhréidh

Caithfimid plean gníomhach a bheith againn féin don Bhreatimeacht crua agus faoi láthair níl againn ach manaí gan substaint

Ní haon údar sásaimh d’Éirinn Rialtas na Breataine a bheith in aimhréidh

Theresa May. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá borradh faoin bhfeachtas sa mBreatain le neamhní a dhéanamh de thoradh reifreann an Bhreatimeachta ó aontaíodh in Chequers go lorgódh Sasana Breatimeacht bog a ghlacfadh den chuid is mó le rialacha an Aontais Eorpaigh sa chaidreamh nua.

Ní nach ionadh, chuir Rialtas na hÉireann fáilte roimh Shasana a bheith ag géilleadh mar seo, ach níor mhair a ngliondar croí rófhada.

Léiríodh taobh istigh de dhá lá gur ar seachrán bhí an tuairimíocht go raibh an rialtas thall aontaithe agus d’éirigh David Davis agus Boris Johnson as.

Ach níos tábhachtaí ná sin, mar a mhínigh comhfhreagraí RTÉ Tony Connolly, ní raibh cosúlacht ar bith ar an scéal go nglacfadh an AE fiú leis an méid a aontaíodh in Chequers ar an údar gur shárú ar phrionsabail an Aontais ab ea an méid a bhí á mholadh faoin margadh aonair a choinneáil ach cuid de a chur ar leataobh, an chuid a bhaineann le seirbhísí, seirbhísí airgeadais ina measc.

Mar sin féin, ní iarracht gan bhunús a bhí ar siúl ag Theresa May, Príomh-Aire na Breataine.  Labhair sí go fórsúil i dTeach na Parlaiminte in Westminster ag cosaint an phlean is á chur i gcomhthéacs an Bhreatimeachta chinnte.

Chomh maith leis sin – agus ní raibh mórán tuairiscí faoi seo abhus –sheas beirt cheannairí tábhachtacha léi.

Ar dtús, dúirt Seansailéir na hOstaire, Sebastian Kurz, gur chóir níos mó ama a thabhairt don Bhreatain sa phróiseas idirbheartaíochta, moladh a bhainfeadh cuid mhaith den phráinn den scéal dá nglacfaí leis.  Ag an Ostair atá an tréimhse uachtaránachta sé mhí ar an Aontas faoi láthair agus, murab ionann agus lucht na tíre seo, beidh Kurz ag an mbord idirbheartaíochta dá bharr.

Ba thruamhéalach an rud nár chuir aon iriseoir as Éirinn ceist air faoin seasamh sin nuair a thug Kurz cuairt ar an tír seo.  Is cosúil nach raibh a fhios ag na hiriseoirí go raibh a leithéid ráite aige, nó má bhí níor thuig siad go raibh aon tábhacht leis.

Ansin tháinig sé chun solais go raibh litir seolta ag Horst Seehoffer, tánaiste Angela Merkel i rialtas na Gearmáine, go dtí Coimisiún na hEorpa inar cháin sé an seasamh dígeanta a thóg lucht idirbheartaíochta an Aontais sna cainteanna.  Mhol Seehoffer cur chuige i bhfad níos boige.

Arís, is ar éigean go raibh aon phlé i meáin na hÉireann faoi sin, ach thug an dá scéal misneach mór don Bhreatain, agus iad ag súil gur féidir Breatimeacht níos boige a bhaint amach.

Ar ndóigh, d’oirfeadh sé sin do lucht gnó na Gearmáine, ach mar tá ráite agam roimhe seo tá an seansailéir Angela Merkel suite de go dtabharfaí tús do phrionsabail an Aontais ar riachtanais lucht gnó na Gearmáine.

Ach an mbeidh an t-údarás ag Merkel feasta an dearcadh sin a bhrú agus í lagaithe laistigh dá rialtas mar gheall ar an aighneas idir í féin agus Seehoffer?

Ar ndóigh, ní chabhraíonn sé leis na hiarrachtaí atá ar siúl ag na Sasanaigh nach féidir leo fadhb na teorann ar an oileán seo a réiteach. Le teorainn chrua a sheachaint beidh orthu fanacht faoi rialacha an Aontais den chuid is mó ó thaobh na heacnamaíochta de, nó an teorainn eacnamaíochta a bhogadh go dtí Muir Éireann.

’Sé an dara rogha an ceann is ciallmhaire, ach níl an tsolúbthacht sin acu mar gheall go bhfuil rialtas May ag brath ar thacaíocht an DUP – tacaíocht nach mbeadh ar fáil sa chás go ndéanfaí sin.

Cinnte tá Rialtas na Breataine in aimhréidh ar fad. Ach ní dóigh liom go ndéanfaidh díograiseoirí an Bhreatimeachta iarracht fáil réidh le May mar phríomh-aire go dtí go mbeidh deireadh leis an tréimhse idirbheartaíochta. 

Tá faitíos an domhain orthu go mbeadh an bua ag Páirtí an Lucht Oibre agus a gceannasaí sóisialach Jeremy Corbyn dá mbeadh toghchán ann. (Agus in ainneoin an bhrú atá air, tá seisean ag diúltú droim láimhe a thabhairt leis an mBreatimeacht).

Tá súil ag na díograiseoirí Breatimeachta má éiríonn leo go mbeidh siad in ann an socrú a leasú ansin, sa chaoi, mar shampla, go ndearna an Saorstát leasuithe ar an gConradh Angla-Éireannach sna tríochaidí.

San idirlinn, tá muidne fágtha taobh amuigh den doras ag súil go mbeidh Barnier in ann an fód a sheasamh in aghaidh na hOstaire agus Seehoffer.  Ach má sheasann, is Breatimeacht crua a bheas ann a mbeidh impleachtaí móra ag baint leis dúinne maidir leis an teorainn agus cúrsaí trádála idir muid féin agus an Bhreatain, go háirithe i dtaobh earraí talmhaíochta.

Is ar éigean i ndáiríre gur féidir le May tuilleadh a ghéilleadh, ach ní bheidh sé éasca dag an AE glacadh lena cuid moltaí.

I gcás an Bhreatimeachta chrua, níl a fhios ag an rialtas abhus céard a dhéanfaidís.  Tá sé soiléir áfach nach leor a rá nach cuid den ‘damáiste comhthaobhach’ a bheidh ionainn i ndiaidh imeacht na Breataine ón Aontas, mar atá á rá ag uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald.

Caithfimid plean gníomhach a bheith againn, agus faoi láthair níl ann ach manaí gan substaint.

Fág freagra ar 'Ní haon údar sásaimh d’Éirinn Rialtas na Breataine a bheith in aimhréidh'

  • Concubhar

    An bhfuil cosantóir níos tréine ar Bhreatimeacht, in ainneoin na h-aimhreidhe atá cruthaithe aige don Bhreatain, ná hEoin Ó Murchú? Eisean de shíor ag moladh dúinn luí isteach le na Sasanaigh agus dul in éineacht leo ar a dturas mífhortúnach! An é seo a chreideann sé i bhfirinne? Aimhleas an Aontais isea leas na Rúise, ar ndóigh. Beidh sé ar aon phort leis an dTrumpach mar sin.

  • Eoin Ó Murchú

    Níor mhol mé riamh luí isteach leis na Sasanaigh. Nuair a deireann Copncubhar a leithéid léiríonn sé nach féidir leis léamh nó argóint a thuiscint.
    Molaim dúinn idirbheartaíocht faoi seach a dhéanamh le Sasana agus leis an Eoraip araon. Le bheith fírinneach is cuma liom leas Shasana, ach ba mhaith liom stop a chur le forbairt an AE i dtreo ollstát, le harm, polasaí ‘cosanta’ (i. cogaidh) caidreamh dúshaothraithe leis an gcuid eile den domhan, bagairt soir is ó dheas.
    Cómhoibriú ionraic, sea; ach athfhás an impiriúlachais, ní hea!