Ní haon ribín réidh é ceannaireacht an DUP do chomharba Robinson

Fágann Peter Robinson an DUP i mbarr a mhaitheasa ach ba chomhartha sóirt ar mhórlaige an pháirtí nach bhfuil éinne ag caint ar a bhunaitheoir, an Dochtúir Ian Paisley

File photo: Trouble in DUP party
Peter Robinson. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Ceiliúradh agus dearfacht a bhí ar taispeáint ag an DUP an deireadh seachtaine seo caite, na toscairí ag déanamh gaisce as cumas Peter Robinson, a gceannaire atá ar tí éirí as. Cé go raibh daoine ag casaoid faoi Robinson ós íseal le tamall anuas cuireadh imreas i leataobh chun seó aontais a chur ar siúl. Bhí lán-smacht ag an gceannaireacht ar an gcomhdháil agus ní raibh faoi chaibidil ach gaisce Pheter i dtaca leis an bpáirtí agus an margadh ‘Tús Nua’ a fógraíodh an tseachtain seo caite. Ní raibh aon chaint fhoirmeálta faoin gcomharbacht, oifigigh ag rá go ndéanfar socraithe in am tráth ach de réir gach leide bhí rún ag an bpáirtí a dhá eite a fhí le chéile i múnla nua ina mbeadh ról d’fheisire i Westminster agus Teachta i Stormont.

Corónú agus ní coimhlint do cheannaireacht an DUP atá beartaithe. Sé Nigel Dodds rogha na coitiantachta mar thríú ceannaire ar an bpáirtí a bhunaigh Ian Paisley. Ní raibh toghchán ann ariamh do cheannaireacht an DUP; roghnaigh an bunaitheoir Paisley é féin agus nuair a cuireadh eisean dá chois seacht mbliana ó shin ceapadh Robinson ina cheannaire agus Dodds ina leas- cheannaire gan iomaíocht.

Cibé duine a bhainfidh an choróin an uair seo beidh sé/sí i bhfeighil ar pháirtí atá in ard a réime ach a bheidh faoi dhianbhrú chun an stádas sin a choinneáil. Beidh toghchán Tionóil ann sa Bhealtaine agus 38 suíochán le cosaint ag an DUP. Gaisce é sin a bheidh deacair le déanamh an athuair.

Ina aitheasc deiridh mar cheannaire do chomhdháil bhliantúil an DUP thug Robinson a bheannacht do Dodds agus d’Arlene Foster. Níor dúirt sé glan amach gurb iad a b’fhearr leis féin mar cheannaire agus Céad Aire, fé seach, ach thug sé ard-mholadh don bheirt amhail is go raibh sé á roghnú mar scothfhoireann. Ghabh sé buíochas le daoine eile freisin, Willie McCrea agus Jim Wells. chomh maith lena bhean Iris agus a chlann.

Díol suntais ab ea é nach ndearna Robinson tagairt ar bith d’Ian Paisley an t-aon cheannaire a bhí ar an DUP roimhe. Slat tomhais is ea é sin ar an deighilt sa pháirtí idir an eite thraidisiúnta, bhunchreidmheach – dílis do Paisley agus lucht na nua-aimsearthachta, eite Robinson.

Maíonn ionadaithe ón DUP go bhfuil tacaíocht na heite traidisiúnta ag Nigel Dodds. Níl dearmad déanta acu go raibh Dodds ar dhuine den dáréag aspal, mar a baisteadh orthu, a cheistigh roinnt na cumhachta le Sinn Féin; bhí Willie McCrea, David Simpson agus Gregory Campbell ina measc freisin, in éineacht le Jim Allister a d’fhág agus a bhunaigh an TUV. D’fhulaing Dodds agus Foster foréigean an IRA ach tá caidreamh cúirtéiseach, gan a bheith cairdiúil, acu le Sinn Fein. Bhí Dodds dílis do Robinson mar leascheannaire ach bheadh an lucht tacaíochta Saor-Phreispitéireach níos sásta leis-sean agus lena bhean Diane Dodds, feisire Eorpach an DUP ná mar a bhí siad ariamh le Robinson agus a theaghlach.

Measann Robinson, deirtear, go dtabharfadh ‘an scothfhoireann’ Nigel Dodds agus Arlene Foster dhá eite an pháirtí le chéile. Tháinig sise isteach san DUP ón UUP dhá bhliain déag ó shin mar agóid in aghaidh Chomhaontú Aoine An Chéasta. Bhí cuid mhór d’fheidhmeannaigh óga an DUP anois ina mbaill den UUP tráth agus an eite thraidisiúnta den DUP amhrasach fúthu. Caithfear iad ar fad a fhí le chéile chun a dhul i ngleic leis an dúshlán reatha.

Tá an UUP neartaithe, de bheagán ar aon nós, iad ag teacht i dtír ar mhíshuaimhneas faoin DUP a bheith ag roinnt cumhachta le Sinn Féin d’ainneoin an bhreithiúnais go bhfuil comhairle Airm an IRA fós ann.

Táthar ag maíomh go bhféadfadh trí nó ceithre cinn de shuíocháin an DUP a bheith i mbaol ón UUP, agus péire eile a bheith i mbaol ón TUV. Beidh gá ag ceannaire nua le lán-chomhoibriú sa pháirtí chun a dhul i ngleic leis an mbagairt sin. Gan dabht tabharfar foláireamh do vótóirí, mar a rinneadh cheana, go gcaithfear tacú leis an DUP chun a chinntiú nach mbeidh Sinn Féin i dtús áite, ach n’fheadar cé chomh fada is a thabharfar cluas le héisteacht don teachtaireacht sin. Ní haon ribín réidh é ceannaireacht an DUP do chomharba Robinson.

Fág freagra ar 'Ní haon ribín réidh é ceannaireacht an DUP do chomharba Robinson'