Ní haon mhórsheod de chuid Clint Eastwood ‘Richard Jewell’ ach níl a bhuille tugtha go fóill ag an seanfhondúir

Beidh Clint Eastwood deich mbliana le cois na gceithre scór i mbliana agus mar is dual don cheardaí tréitheach seo tugann sé faoina chúram go tomhaiste sa scannán is déanaí uaidh

Ní haon mhórsheod de chuid Clint Eastwood ‘Richard Jewell’ ach níl a bhuille tugtha go fóill ag an seanfhondúir

Richard Jewell
Stiúrthóir: Clint Eastwood
Cliar: Paul Walter Houser, Sam Rockwell, Kathy Bates, Olivia Wilde, Jon Hamm, Nina Arianda

I bhfad na haimsire is mó a shamhlófar Clint Eastwood le cathaoir an stiúrthóra ná lena róil shainiúla os comhair an cheamara. Cé go bhfuil breis agus dhá scór saothar stiúrtha aige faoin tráth seo, is iad na saothair ó 1992 i leith, nuair a bhí na trí scór slánaithe aige, is mó atá neadaithe i scioból samhlaíochta an lucht féachana: Unforgiven (1992), A Perfect World (1993), The Bridges of Madison County (1995), Mystic River (2003), Million Dollar Baby (2004), Letters from Iwo Jima (2006), American Sniper (2014) agus a thuilleadh eile nach iad.

Tá 11 ainmniúchán Oscar gnóthaithe aige agus tá ceithre dheilbhín beag óir ina sheilbh aige; an líon céanna le Spielberg agus Scorsese curtha le chéile.

Beidh Eastwood deich mbliana le cois na gceithre scór i mbliana agus mar is dual don cheardaí tréitheach seo tugann sé faoina chúraimí anseo go tomhaiste, pointeáilte le saothar breá a chur os ár gcomhair.

Baineann sé adhmad as alt le Marie Brenner ó 1997 le cuntas a thabhairt ar an méid a tharla do Richard Jewell i 1996. Bhí Jewell ag obair mar gharda slándála ag na Cluichí Oilimpeacha in Atlanta an bhliain sin nuair a tháinig amhras air faoi mhála a bhí fágtha faoi bhinse i bpáirc ina raibh ceolchoirm ar siúl. Bhí daoine á ndíbirt ón áit nuair a phléasc an buama; maraíodh beirt agus gortaíodh breis agus céad duine.

Aithníodh ar an bpointe go mbeadh breis maraithe murach gníomhartha Jewell agus deineadh laoch náisiúnta dó, dá réir.

Ba éan corr é, áfach. Fear a bhí gafa lena mhian a bheith ina phóilín agus chuir a iompar leanbaí ait míshuaimhneas ar dhaoine. Ní fada nó gur tháinig amhras ar na póilíní faoi.

Príomhthéama an scannáin mar sin ná an ghéarleanúint a rinne an FBI agus na meáin ar dhuine a bhí neamhchiontach. Is í an t-iriseoir Kathy Scruggs (Wilde) máistir conairte na meán. Léamh tanaí a dhéantar uirthi agus í á cur os ár gcomhair mar dhuine uaillmhianach a bhí sleamhain agus glic. Níl ós na meáin ach scéal, níl ós na húdaráis ach duine a ghabháil gan dul i bhfad scéil le cúraimí. Tá Jewell bocht sáinnithe sa lár.

Bogann an saothar ar aghaidh ar a bhogstró agus tugann an chliar ar fad taispeántais ábalta uathu. Éiríonn le Houser duine caithiseach ait a chur os ár gcomhair. Duine leanbaí, duine le Dia, ach duine a bhí glic agus diongbháilte ag an am céanna. É ag maireachtaint lena mháthair (Bates) agus níl uaidh ach post a bheith aige mar phóilín. Duine ann féin is ea a dhlíodóir, Watson Bryant (Rockwell) chomh maith agus is é an caidreamh idir eisean agus Jewell  máithreacha an scannáin. Is é Bryant, agus a chuid iarrachtaí srian a choimeád ar pháistiúlacht a chliaint, a sholáthraíonn roinnt míreanna grinn dúinn.

Cé nach ndéanfar an saothar seo a áireamh i measc mhórshaothair Eastwood léiríonn sé nach bhfuil a bhuille tugtha go fóill ag an seanfhondúir. Níl ná an diabhal é.

Fág freagra ar 'Ní haon mhórsheod de chuid Clint Eastwood ‘Richard Jewell’ ach níl a bhuille tugtha go fóill ag an seanfhondúir'