Ní haon laethanta órga iad saoire an tsamhraidh do pháiste a bhfuil ocras air

Náire shaolta é go bhfuil páistí óga ag fulaingt in ainm na déine

Ní haon laethanta órga iad saoire an tsamhraidh do pháiste a bhfuil ocras air

Tá an samhradh thart. Fiú má tá brothall anseo agus ansiúd go fóill tá na páistí ag dul ar ais ar scoil agus sin clabhsúr ar an samhradh. Mar is gnách tá caint ar an mbrú ar thuismitheoirí an t-am seo bliana agus ar an gcostas mór ar na leabhair agus ar éide scoile. Tá údar maith ag daoine a bheith ag gearán. I mbliana, áfach, tá i bhfad níos mó cloiste faoi dhaltaí scoile thuaidh agus theas a bhfuil ocras orthu.

Scannal is ea ocras a bheith ar pháiste in aon áit in am ar bith. Ach i dtíortha saibhre san 21ú haois? Do-mhaite.

Ní nach ionadh tá aird tarraingthe ag múinteoirí ar an mbail a bhíonn ar dhaltaí a thagann ar scoil gan bricfeasta ná lón a bhfuil cothú ann. Leanfaidh an chonspóid faoi scoileanna nach bhfaigheann bia agus a fuair an t-eiteachas ón scéim faoina gcuirtear béilí te ar fáil. Ba cheart agus ba chóir a bheith glórach agus gníomhach chun a chinntiú go mbeidh bia folláin ag gach dalta scoile.

Dá laghad é, tá iarracht á déanamh ag scoileanna chun cabhair a fháil fad is atá na páistí ar scoil. Ach céard a tharlaíonn sna laethanta saoire? Fearacht go leor eile níor smaoinigh mé riamh air go dtí gur thuairisc na bancanna bia le gairid go raibh méadú mór an samhradh seo ar líon na dteaghlach a tháinig chucu le haghaidh beartanna bia agus le haghaidh béilí. Thuairisc banc bia amháin i mBéal Feirste go raibh líon mór páistí i measc a gcliant agus bunaíodh scéim i nDoire chun cuidiú le páistí a mbíonn ocras orthu i rith na laethanta saoire.

Sa Tuaisceart tá beagnach dalta amháin as gach triúr i dteideal béilí scoile saor in aisce. Sin suas le 100,000 páiste ó theaghlaigh ar ioncam íseal a fhaigheann lón. Faigheann roinnt páistí bricfeasta freisin. Cáilíonn teaghlach ar bith le teacht isteach faoi bhun £16,190 (níos lú na €18,000) sa bhliain agus teaghlach ar  bith atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh don scéim.

Ach céard a fhaigheann páistí na dteaghlach sin le n-ithe nuair nach mbíonn siad ar scoil?

Áiríodh go mbeadh costas £30-£40 an duine sa bhreis sa tseachtain ar bheatha amháin i rith laethanta saoire, gan trácht ar an gcostas a bhaineann le páistí a choinneáil suairc agus slán. Má tá beirt nó triúr páistí sa chlann is beag seans go mbeidh tuismitheoirí faoi chruatan in ann beatha fholláin a chur ar fáil dóibh. Chomh maith leis an drochthionchar ar shláinte atá i gceist anseo, is léir go laghdaíonn easpa bia folláin cumas foghlamtha an pháiste. Agus sin é nó í ar an roth céanna leis an tuismitheoir, easpa deiseanna ag glúin i ndiaidh glúine.

Cé is moite de na bancanna bia, a bhfuil an t-éileamh orthu ag méadú go seasta, ceadaíodh maoiniú an-bheag do scéim phíolótach in oirthear Bhéal Feirste agus i nDoire d’Iúil agus Lúnasa.

Ritheadh scéim eile freisin i nDoire, scéim a raibh daoine óga páirteach ann mar oibrithe. Thuairisc an Irish News gur sholáthair an grúpa sin béilí do 1,400 páiste idir 4 agus 11 bliain d’aois. Ghlac na daoine óga páirt i gceardlanna faoi bhia agus faoi chothú cothrom mar chuid d’fheachtas chun an stiogma a bhaineann le cabhair den chineál sin a chur ar ceal.

Is maith ann na scéimeanna sin ach níl iontu ach ceirín ar chneá mar baineann siad le comharsanachtaí uirbeacha ar leith.

Tá bochtanas in go leor áiteanna eile seachas oirthear Bhéal Feirste agus Baile Mhic Rabhartaigh. Céard faoi áiteanna eile sa dá chathair? Céard faoi na ceantair tuaithe? Ní áirím na teaghlaigh a bhíonn ag iarraidh a mbochtanas a cheilt ar na comharsana de bharr náire?

Conas is féidir a chinntiú nach mbeidh ocras ar aon pháiste taobh amuigh den scoil?  Níl freagra na ceiste agam go beacht, ach is léir gur cheart do na húdaráis mar thús éirí as a bpolasaithe ‘déine’. Go fiú ar bhonn na heacnamaíochta níl aon chiall leis an gcruatan atá á fhulaingt ag daoine in ainm na déine. I dteannta na héagóra ar dhaoine óga níl siad ach ag buanú an bhochtanais. Beidh costas breise ag baint leis sin amach anseo. Fáinne fí atá ann agus is náire shaolta é.

Fág freagra ar 'Ní haon laethanta órga iad saoire an tsamhraidh do pháiste a bhfuil ocras air'