Ní haon iontas é Rialtas Fox News a bheith bunaithe ag Donald Trump

Dúirt Trump go soiléir go mbeadh sé ar a chomhairle féin agus go gceapfadh sé a rogha duine

Ní haon iontas é Rialtas Fox News a bheith bunaithe ag Donald Trump

An bhfuil iontas ar aon duine faoi na roghanna atá dá ndéanamh ag Donald Trump dá rialtas? An tseachtain seo caite tharraing Matt Gaetz amach as an bpróiseas agus dhiúltaigh dé don ainmniúchán a bhí faighte aige ón Uachtarán le bheith mar Ard Aighne ar na Stáit Aontaithe. Ní hamháin nach raibh Gaetz cáilithe leis an ról a chomhlíonadh, ach tá trí fhiosrúchán éagsúla ar siúl faoi a bhaineann le freastal ar chóisirí gnéis, drugaí mídhleathacha a thógáil agus caidreamh collaigh a bheith aige le duine faoi bhun ocht mbliana déag.

Ní fhaca Donald Trump go raibh aon deacracht leis sin – go deimhin, dar leis, ba shuáilce iompar Gaetz a thug misneach don Uachtarán go mbeadh a rialtas sásta dúshlán institiúidí an Stáit a thabhairt.

Ní hé Gaetz an t-aon duine de na ceapacháin atá déanta ag Trump go bhfuil conspóid ag baint leo. Tá iontas léirithe go bhfuil Tulsi Gabbard curtha i bhfeighil cúrsaí slándála náisiúnta. Tá Robert F Kennedy ceaptha mar rúnaí sláinte agus Dr. Oz, réalta teilifíse, ceaptha le bheith ina riarthóir ar an Lárionad Riaracháin do Medicare agus Medicaid. Tá bean a bhí ina feidhmeannach ar an WWE, an eagraíocht iomrascála, Linda McMahon ceaptha mar Rúnaí Oideachais. Beidh McMahon freagrach, dar leis an Uachtarán Trump, as an gcóras oideachais poiblí a scor agus an cúram a chur ar na Stáit éagsúla.  D’ainmnigh Trump fear a chaith seal san arm mar Rúnaí Cosanta bunaithe, dar leis an Uachtarán, ar an aithne mhór atá ag pobal na Stát Aontaithe ar Pete Hegseth, mar chraoltóir ar Fox News, fear a bhfuil líomhaintí faoi ionsaithe déanta faoi féin.

Cén fáth ar cheart go mbeadh iontas orainn faoi na ceapacháin seo? Tá na meáin chumarsáide i Meiriceá ag léiriú iontais cé go raibh sé ráite go soiléir ag Trump go mbeadh sé ar a chomhairle féin agus go gceapfaadh sé a rogha duine. Eisceacht a bhí i gcás Gaetz mar go raibh sé soiléir nach mbeadh na vótaí aigesean le dul trí éisteacht Seanaid. Is bocht an scéal é nuair atá móramh ag na Poblachtánaigh sa Seanad go bhfuil ceapachán an Uachtaráin do phost an Ard-Aighne curtha ó dhoras cheana.

Leanfaidh Trump ar aghaidh leis na ceapacháin chonspóideacha. Cén fáth nach ndéanfadh? Bhí bua soiléir aige sa toghchán ag tús na míosa. Tá na coireanna inar ciontaíodh é féin curtha ar leataobh mar gheall ar an mbua sin agus ní ghearrfar pionós air. Tá na cúiseanna eile ar fad ina aghaidh a bhí á bplé caite in aer. Léas beag dóchais gur labhair cúpla Seanadóir in aghaidh Gaetz agus gur chinn sé seasamh i leataobh. Ó tharla an íobairt déanta aigesean ní dóigh go mbeidh mórán deacrachta le ceapacháin eile.

Rialtas Fox News atá baiste ag meáin Mheiriceá ar rialtas Trump. Trump 2.0 atá baiste in áiteanna eile ar an rialtas nua. Rud amháin atá cinnte – beidh an rialtas chomh conspóideach agus chomh heisceachtúil leis an bhfear féin agus tá na daoine sin roghnaithe aige leis an méid a gheall sé do phobal na Stát Aontaithe le linn a fheachtais le bliain a chur i gcrích. Is críonna na té a déarfadh an éireoidh leo.

Fág freagra ar 'Ní haon iontas é Rialtas Fox News a bheith bunaithe ag Donald Trump'

  • POR

    Dá mbeadh capall ag Trump, meas tú an gceapfadh sé post dó mar chonsal ar Bhashington, cuir i gcás?