Ní haon dochar do scríbhneoir a sceideal oibre a chur bunoscionn ó am go ham

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: bíonn a bhuntáiste féin ag baint le gach cineál rithim oibre, chomh fada is a bhíonn rithim éigin ann

Ní haon dochar do scríbhneoir a sceideal oibre a chur bunoscionn ó am go ham

Bhí sé de cháil ar Toni Morrison, a d’imigh ar shlí na fírinne ag tús na míosa, gur scríobh sí cuid mhór dá saothar ag amanna den lá gurbh fhearr leis an gcuid is mó againn a bheith saor nó inár gcodladh.

‘I am not able to write regularly. I have never been able to do that – mostly because I’ve always had a nine-to-five job. I had to write either in between those hours, hurriedly, or spend a lot of weekend and predawn time.’ 

Lena chois sin bhí beirt mhac le tógáil ag Morrison, mar a bhí ag an scríbhneoir as an mBrasaíl, Clarice Lispector, bean eile a bhí ar m’aigne go minic le deireanas toisc gur i lár na hoíche a bhíodh sí ag obair.

Tá mo mháthair ag fanacht liom ar feadh dhá mhí. Tá galar Alzheimer uirthi agus teastaíonn cúram agus aird uaithi nach mór an t-am ar fad, ach ní hé sin an phríomhchúis nach mbím in ann díriú ar an scríbhneoireacht oiread agus ba mhaith liom faoi láthair. Tá mé ar dhuine de na scríbhneoirí ficsin sin nach mbíonn in ann oiread agus focal a chur ar phár agus neach daonna eile thart orthu – gan trácht ar neach daonna a bheadh gaolta leo. 

Ach tá úrscéal le scríobh agam, agus fágann sé sin go mbím ag obair, fearacht Morrison agus Lispector, go mall san oíche agus go moch ar maidin na laethanta seo. Ar ndóigh b’fhearr liom go mbeadh cúpla uair an chloig as a chéile agam i rith an lae, ach fuair mé amach go dtaitníonn mo sceideal oibre nua le m’fhochomhfhios. Bhí a fhios agam cheana nach stopann an fochomhfhios ag obair nuair a bhíonn na súile dúnta, ach tugaim faoi deara go mbíonn níos mó moltaí ag m’fhochomfhios dom nuair is é m’úrscéal an rud deireanach a bhíonn ar m’aigne roimh dhul a chodladh dom agus nuair is é an chéad rud a bhíonn ar m’aigne ar dhúiseacht dom.

Rud amháin faoin scríbhneoireacht atá á fhoghlaim agam de réir a chéile ná go bhfuil a bhuntáiste féin ag baint le gach rithim oibre, agus ní haon dochar do sceideal oibre a athrú thart nó go deimhin a iompú bunoscionn ó am go ham. Sin ráite, is é mo thaithí féin go bhfuil sé ríthábhachtach rithim oibre éigin a choinneáil agus cloí leis ar feadh scaithimh; ní mór don fhochomhfhios fios a bheith aige cén tráth den lá nó den oíche a bheidh an scríbhneoir ag a dheasc. Agus ar ndóigh, ní mór don scríbhneoir a bheith ansin ag an am a bhíonn beartaithe.

Fág freagra ar 'Ní haon dochar do scríbhneoir a sceideal oibre a chur bunoscionn ó am go ham'