Ní haon chabhair do pháistí le riachtanais bhreise clamhsán an Rialtais

Is iomaí cor a bheidh i scéal na scoileanna sula mbainfear amach an toradh a theastaíonn ó chách…

Ní haon chabhair do pháistí le riachtanais bhreise clamhsán an Rialtais

Bíonn airí rialtais i gcruachás nuair a thugann urlabhraithe dea-chomhairle dóibh, mar a tugadh do Norma Foley sa Dáil Déardaoin.

Mhol urlabhraí oideachais Shinn Féin Donnchadh Ó Laoghaire don aire teacht ar shocrú leis na múinteoirí agus leis na cúntóirí riachtanais speisialta sula bhfógródh sí arís go n-athosclófaí na scoileanna dá ndaltaí.

Mhol Ó Laoghaire di freisin dlús a chur leis na cainteanna idir an Roinn Oideachais agus ceardchumainn na foirne – mar atá á dhéanamh ó shin.

Chuir Aodhán Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre i gcuimhne di gur fhógair sí athoscailt roinnt ranganna gan dul i gcomhairle roimh ré le hionadaithe na múinteoirí agus na gcúntóirí, agus gur fhógair sí an athoscailt arís eile gan comhaontú a bheith déanta lena haghaidh.

Bhí cuid shuntasach den fhírinne chomh maith i dtuairim eile a thug an Ríordánach agus an mhoill a cuireadh ar pháirt-athoscailt na scoileanna á plé. Ní chuirfeadh sé ceist ar bith ar an Aire, a dúirt sé, ar fhaitíos go ndéarfadh sí rud éigin eile a dhéanfadh cúrsaí níos measa ná mar a bhí.

Dúirt Norma Foley leo gur thuig sí go raibh cúrsaí sláinte ag cur imní ar chách agus go raibh a roinn ag éisteacht go géar le gach dream. Ach dúirt sí nár leasc léi a rá go dtabharfadh sí tús áite do pháistí le riachtanais bhreise.

Ar ndóigh oireann sé d’urlabhraithe an fhreasúra i gcónaí a rá le linn aighnis gur chóir d’airí dul i mbun cainteanna agus a bheith cúramach agus flaithiúil ag an am céanna d’fhonn teacht ar réiteach. De ghnáth seachnaíonn siad caint ar shonraí an aighnis cé nach mbíonn aighneas ar bith ar bith go/nach ndéantar margadh a shásaíonn an dá thaobh ar deireadh.

Ar an 6 Eanáir a d’eisigh Norma Foley a ráiteas go n-athosclófaí ranganna do ghasúir le riachtanais bhreise agus ranganna trí lá sa tseachtain do mhic léinn sa séú bliain. Is léir nach raibh na sonraí réitithe ná na socruithe cuí déanta an uair sin ná seachtain ina dhiaidh sin nuair a tugadh le fios arís go rabhthas ar tí na scoileanna a athoscailt do pháistí le riachtanais bhreise.

Chuaigh an scéal in olcas Dé Céadaoin nuair a chuir an tAire i leith Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) John Boyle go raibh cor á bhaint as an bhfírinne aige nuair a dúirt sé nár thug sé treoir do chomhaltaí an cheardchumainn gan dul i mbun oibre. Ba léir tar éis achair ghairid, nár thug sé treoir mar a chuir an tAire ina leith, cé nár mhol sé dóibh dul ar ais ar scoil.

Is ábhar dóchais é mar sin féin go raibh na ceardchumainn agus státseirbhísigh ón Roinn Oideachais in aon seomra le chéile arís an lá dár gcionn, agus socruithe athoscailte á bplé acu arís.

Is é bun agus barr an scéil, áfach, nach ionann an t-aighneas seo agus gnáthaighneas tionsclaíoch. Ní tuarastail ná gnáthchoinníollacha oibre ach sláinte agus faitíos is cúis leis an drogall atá ar mhórán múinteoirí dul ar ais ag obair nuair atá á mhalairt á moladh go láidir d’oibrithe eile.

Thug an Dochtúir Colm Henry, Príomh-Oifigeach Cliniciúil an HSE,  tacaíocht indíreach ach láidir do chás na múinteoirí agus na gcúntóirí nuair a dúirt sé ar Morning Ireland Dé hAoine nach bhféadfaí scoileanna a athoscailt faoi láthair toisc go raibh rátaí scaipthe an víris ró-ard.

Cé go rachaidh an dá thaobh i gcomhairle lena chéile arís an tseachtain seo chugainn ní léir aon chúis mhór dóchais, ainneoin an riachtanas a admhaítear go forleathan – go gcaithfear dul ar ais i mbun oibre go luath. 

Ní foláir ábhairín dóchais a lua,  dá éiginnte é.

Dúirt Norma Foley sa Dáil go raibh moladh á phlé go gcuirfí vacsaín ar fáil do mhúinteoirí agus do chúntóirí i ranganna do pháistí le riachtanais speisialta.

Ní hionann plé ar mholadh dá leithéid, agus ar an athrú ar an ord tosaíochta do ghairmeacha éagsúla, agus é a chur i gcrích.

Theastódh soláthar láidir den vacsaín (nach bhfeicfear go ceann roinnt seachtainí ar a laghad) sula mbeifí ábalta socrú ar leith a dhéanamh do scoileanna is ranganna speisialta. 

Mar sin féin, is léir na buntáistí.

Idir an dá linn, táthar ag súil sa Roinn Oideachais go mbeidh múinteoirí i scoileanna áirithe toilteanach filleadh ar a gcuid oibre. 

Is iomaí cor agus lúb a fheicfear sa scéal seo sula mbainfear amach an toradh a theastaíonn ó chách: oideachas a bheith ar fáil arís do na páistí is mó atá ina chall.

Fág freagra ar 'Ní haon chabhair do pháistí le riachtanais bhreise clamhsán an Rialtais'