Ní haon bhac ar an dátheangachas é Siondróm Down – taighde

Rinne taighdeoirí sa Bhreatain Bheag comparáid idir leanaí dátheangacha a raibh Siondróm Down orthu agus leanaí nár labhair ach an Béarla

Ní haon bhac ar an dátheangachas é Siondróm Down – taighde

Ollscoil Bangor, an Bhreatain Bheag

Léiríodh i dtaighde a rinneadh faoin mBreatnais nach aon bhac ar an dátheangachas é Siondróm Down.

Is é seo an chéad taighde dá leithéid sa Ríocht Aontaithe. Rinne an lucht taighde in Ollscoil Bangor i dtuaisceart na Breataine Bige staidéar ar leanaí dátheangacha a raibh Siondróm Down orthu agus a labhraíonn an Bhreatnais agus an Béarla agus níor aimsíodh aon fhianaise go raibh aon deacrachtaí níos mó ag na leanaí sin ná a bhí ag leanaí aonteangacha.

Rinne na taighdeoirí comparáid idir leanaí dátheangacha a raibh Siondróm Down orthu agus leanaí nár labhair ach an Béarla, agus léiríodar go raibh an dá ghrúpa chomh maith céanna i mBéarla agus go raibh scileanna maithe sa mBreatnais acu chomh maith.

Foilsíodh torthaí an taighde seo mar chuid de shaothar taighde an Dr Rebecca Ward agus í ag obair i Roinn na Teangeolaíochta in Ollscoil Bangor.

“Is iontach go deo a bheith ábalta an toradh dearfach seo a chur ar fáil don phobal. Tá súil agam go spreagfaidh na torthaí seo cur chuige níos ionchuimsithí ó thaobh an dátheangachais agus go ndearbhóidh sé cinneadh na dteaghlach sin a chloíonn leis an dátheangachas fiú  nuair a bhíonn amhras ar dhaoine eile,”  a deir Dr Rebecca Ward.

Foilsíodh an taighde sa Journal of Communication Disorders, agus is é an chéad ghrúpstaidéar é sa Ríocht Aontaithe a scrúdaigh leanaí dátheangach a raibh Siondróm Down orthu. Is beag staidéar dá leithéid atá ar fáil go hidirnáisiúnta.

Dúirt stiúrthóir an taighde, an Dr Eirini Sanoudaki, Léachtóir Sinsearach sa Teangeolaíocht: “Pribhléid atá ann taighde ceannródaíoch mar seo a dhéanamh, taighde a mbeidh an-tionchar aige ar shaol daoine. Bhíodh éiginnteacht ar theaghlaigh agus ar oibrithe gairmiúla na seirbhíse sláinte go dtí seo toisc nach raibh aon fhianaise ar fáil dóibh faoin dátheangachas. Tá teachtaireachtaí ag teacht thar sáile chugam agus ó dhaoine anseo sa mBreatain Bheag agus iad ag lorg comhairle agus tabharfaidh na torthaí dearfacha seo roinnt cinnteachta dóibh, cinnteacht atá ag teastáil.”

Bhí comhpháirtíocht agus comhoibriú Chumann Siondróm Down ag an tionscadal seo. Dúirt Julian Hallett, Bainisteoir Forbartha Seirbhísí an chumainn: “Ba chóir tacaíocht a thabhairt do gach leanbh agus gach duine fásta chun iad féin a chur in iúl ar bhealach a léiríonn a gcultúr agus a bpobal. Tá i bhfad níos mó daoine againn anois a bhfuil Siondróm Down orthu agus a chaitheann saol dátheangach agus is iontach an taighde seo a bheith againn anois lena dtaithí sin a léiriú níos soiléire.”

Fág freagra ar 'Ní haon bhac ar an dátheangachas é Siondróm Down – taighde'

  • Maire Uí RAinne

    Eolas agus treoir iontach tabhachtach do thuismitheoiri agus muinteoiri Gaeltachta toradh an tagh

    Eolas agus toradh tabhachtach e an taighde seo do thuismitheoiri agus do mhuinteoiri na scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna .Tugann se soileiriu ar go leor .

    Maire Uí Ráinne. An Tra Bhain .