‘Ní gníomh uaigneach oíche an léitheoireacht Ghaeilge níos mó’ –  úrscéal liteartha Gaeilge le cur i gcló den tríú huair 

Labhair Tuairisc leis an údar Liam Mac Cóil agus leis an bhfoilsitheoir Darach Ó Scolaí faoin scéal go bhfuil an triú cló á chur ar úrscéal de chuid Mhic Cóil

‘Ní gníomh uaigneach oíche an léitheoireacht Ghaeilge níos mó’ –  úrscéal liteartha Gaeilge le cur i gcló den tríú huair 

Den tríú huair ó 2006, tá cló nua á chur ar Fontenoy, an t-úrscéal le Liam Mac Cóil a ghnóthaigh Gradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana’ 2006 agus atá áirithe ag an iris Comhar ar ‘na deich leabhar is fearr ó chasadh an chéid’. 

Cén chaoi a n-airíonn an t-údar féin faoin éileamh agus an díolaíocht mhaith atá ar Fontenoy, agus ar a chuid leabhar i gcoitinne?

“Tá an-áthas orm,” a deir Liam Mac Cóil. “Dá ligfinn liom féin, b’fhéidir go ndéarfainn go raibh ríméad orm. Is mór an ní é go bhfuil leabhar gaibhte chomh fada leis an tríú heagrán. Agus tugann sé an-sásamh dom go cinnte go bhfuil oiread sin daoine ag léamh na leabhar.”

Deir Liam, áfach, nach mbreathnaíonn sé ar na leabhair mar rudaí pearsanta nó rudaí a bhaineann leis féin.

“Ní mar sin a bhreathnaím air,” ar sé. “Amhail go bhfuil seilbh de shaghas éigin agam ar an leabhar. Mar níl. Tá go leor i gceist le leabhar a chur amach. Má tá gaisce déanta ag duine ar bith is ag na foilsitheoirí é, Leabhar Breac. Cé leis an leabhar agus é foilsithe – thar aon dream eile, is leis na léitheoirí é. Níl aon bhaint agamsa leis níos mó.”

Agus é ag smaoineamh ar ábhar an leabhair, an cogadh atá ar siúl san Eoraip faoi láthair is túisce a smaoiníonn Liam Mac Cóil air.

“Maidir le Fontenoy go speisialta, ní maith liom smaoineamh go bhfuil an tríú heagrán ag teacht amach agus cogadh ar siúl arís san Eoraip. Ceann de na rudaí a theastaigh uaim a léiriú sa leabhar – ach gan é sin a rá os ard ar chor ar bith ach é a bheith intuigthe – gur rud fireannach í an chogaíocht; go mbaineann sí le béascna atá patrarcach ar bhealach féinchúiseach fíochmhar foréigneach. 

“Ach anois, lenár linn féin, san aonú haois is fiche: an Iaráic, an Libia, an tSiria; agus faoi láthair an Úcráin, áit a bhfuil Putin agus a chuid ginearál ag fearadh cogaidh ar mháithreacha agus ar leanaí, ar sheandaoine, agus ar ghnáthshibhialtaigh, mar chuid bhunúsach den bheartaíocht chogaidh acu.”

An bhfuil sé tábhachtach don scríbhneoir go mbeadh pobal léitheoireachta maith aige?

“Tá sé ráite cheana agam agus is í an fhírinne í: is mór agam pobal léitheoireachta na Gaeilge – iad géar, tuisceanach, báúil. Tá oiread sin daoine ag léamh díreach mar go mbaineann siad sult as an léitheoireacht. Tá sin iontach. ‘Tábhachtach,’ a deir tú. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh léitheoirí mar sin ann. 

“Mór an spreagadh é agus an tacaíocht iontach. Ní hé go mbíonn an scríbhneoir ag scríobh do ghrúpa léitheoireachta faoi leith – ní bhímse, ní dóigh liom; ach is cuid bhunúsach iad na léitheoirí den imoibriú iomlán a bhíonn i gceist leis an rud a dtugaimid ‘litríocht’ nó ‘scríbhneoireacht’ air. 

“Bíonn na léitheoirí, na foilsitheoirí, na scríbhneoirí, na dearthóirí, na clubanna leabhar, na féilte, na scoileanna, na léirmheastóirí, na meáin, na meáin shóisialta, bíonn siad sin uile páirteach san iomlán agus tá sé go hálainn a bheith mar chuid den saol sin, den choipeadh sin, den imoibriú sin.”

An bhfuil próiseas scríbhneoireachta ar leith aige?

“Déanaim iarracht cloí le patrún laethúil,” a deir sé.

 “Éirí ag a leathuair tar éis a cúig gach maidin. Cupán caife agus croissant a bheith agam, sa phatisserie áitiúil síos an bóthar má bhíonn sé ar oscailt. Bheith ag scríobh liom ansin go dtí am lóin. I ndiaidh lóin dul ag siúl leis an mada. Ansin filleadh ar an teach, tae an tráthnóna a bheith agam, píosa a sheinm ar an veidhlín.”

“Ag magadh atá mé. Ní dhéanaim aon cheann acu sin. Ach tá patrún de shaghas agam. Amanta déanaim dréacht garbh agus ansin anuas air sin dréacht agus dréacht eile agus mar sin de, ag útamáil. Ach bíonn a bhealach féin siúil ag chuile bhacach. An rud a d’fheilfeadh don dhuine amháin ní fheilfeadh do dhuine eile; agus an rud a d’fheil domsa inné ní gá gurb in a d’fheilfeadh inniu.”

Is léir óna chuid scríbhneoireachta go bhfuil an-dúil ag Liam Mac Cóil i gcúrsaí staire – caithfidh gur dúshlán ar leith é úrscéal ar nós Fontenoy a scríobh agus é suite i bhfad ó shin?

“Bíonn dúshlán taighde ann go cinnte le leabhar staire. Bíonn léamh i gceist, idirlíon, leabharlann, agus ansin taighde ar an talamh mar a déarfá. Bainim taitneamh as,” a deir sé. “Shamhlaigh mé, mar shampla, go raibh cnocán ar pháirc an chatha in Fontenoy a thabharfadh radharc d’arm amháin ar an arm eile, mórán mar a bhí ag Cath na Bóinne.” Ach nuair a thug sé cuairt ar an áit chonaic sé go raibh monarcha siúcra ann agus gan cnocán ar bith. 

“Níor chuir mé an mhonarcha siúcra sa scéal agus thóg mé amach an cnocán. Botún eile a rinne mé, thug mé buataisí do na gnáthshaighdiúirí. Ansin léigh mé go raibh cuid mhaith de na fir óga a tháinig as Éirinn beo bocht; gan ag cuid acu ach na héadaí a bhí siad a chaitheamh agus cuid acu cosnochta. D’iarr mé orthu a gcuid buataisí a bhaint. Ní mó ná sásta a bhí siad.”

An bhfuil aon rud á scríobh aige i láthair na huaire?

“Tá, táim ag scríobh go leor faoi láthair. Ach níl tada agam i riocht foilsithe. Táim ag iarraidh dul i ngleic leis an traidisiún rómánsach agus nua-aoiseach a bhaineann leis an ealaíontóir aonair.”

Ní hé sin amháin atá ar bun ag an údar.

“Chomh maith leis sin, táim ag iarraidh plé leis an bhfealsúnacht, go bhfóire Dia orainn, agus an chaoi – tá an smaoineamh seo agam ó bhí mé sna déaga – go bhfuil an saol laethúil ann ar thaobh amháin agus ar an taobh eile saol na smaointe agus na samhlaíochta; agus ní gá go mbeadh oiread sin ceangail idir an dá shaol. 

“Ach amháin san eitic b’fhéidir. Ansin tá fadhbanna eile a bhíonn ag cur isteach ar lucht fealsúnachta: cad as d’uimhreacha? céard tá i gceist le saoirse? an féidir a bheith cinnte go dtéann an solas as nuair a dhúntar doras an chuisneora? Ach tá sé róluath le rá an bhfuil leabhar ar fónamh san obair sin. B’fhéidir nach dtiocfadh tada as sin.”

Dar le Darach Ó Scolaí, foilsitheoir Fontenoy agus saothair eile Mhic Cóil amhail An Litir agus Bealach na Spáinneach gur rud amháin é díolaíocht ard a bhaint amach le leabhar do pháistí nó le leabhar atá ar chúrsa scoile éigin, ach gur “rud eile ar fad é nuair a bhíonn díol ard ar leabhar do dhaoine fásta a léitear ar mhaithe le pléisiúr na léitheoireachta amháin. Tá sin fíor go háirithe faoi úrscéal liteartha, a deir Darach Ó Scolaí.

“Is mar sin do Fontenoy, agus is mór an chreidiúint é sin don údar, Liam Mac Cóil.
Ach is rud é seo atá le feiceáil againn le blianta beaga anuas. Déarfainn gur fhás an ghné sin de léitheoireacht na Gaeilge leis an idirlíon agus leis na meáin shóisialta. 

“Ní gníomh uaigneach oíche atá sa léitheoireacht Ghaeilge níos mó ach a mhalairt, is gníomh pobail í an léitheoireacht, is caitheamh aimsire í a roinntear le léitheoirí eile ar shnáithíní Twitter nó ar Facebook.”

Deir Darach go raibh tráth ann nach gcuireadh siad ach idir 600 agus 1000 cóip de leabhar do dhaoine fásta i gcló (ag brath ar an gcineál leabhair a bhí inti).

“Anois is ag druidim le 1500 atá an rith cló sin, agus sílim nach fada uainn go mbeidh 2000 i gceist go coitianta,” ar sé.

Dar ndóigh, rud eile a chabhraíonn le díolachán ná an pobal léitheoireachta a bhailíonn údar maith ina thimpeall. 

“I gcás Liam Mhic Cóil, ó foilsíodh a chéad úrscéal An Dochtúir Áthas i 1994, tá a phobal léitheoireachta ag dul i méid, leabhar i ndiaidh leabhair,” a deir Darach. 

“Le blianta beaga anuas, tharraing sé slua mór léitheoirí chuige féin leis an triológ, An Litir. Anois, tá na léitheoirí sin ag cur aithne ar Fontenoy, ar An Choill agus ar An Claíomh Solais, agus ar a chuid leabhar neamhfhicsin. An bhliain seo chugainn, foilseofar eagrán nua den chlasaic, An Dochtúir Áthas, agus cuirfidh léitheoirí óga na Gaeilge aithne ar cheann de na húrscéalta móra Eorpacha is fearr a scríobhadh riamh sa Ghaeilge. Ní beag sin.”

Fág freagra ar '‘Ní gníomh uaigneach oíche an léitheoireacht Ghaeilge níos mó’ –  úrscéal liteartha Gaeilge le cur i gcló den tríú huair '

  • Seán Mag Leannáin

    Ach bíonn a bhealach féin siúil ag chuile bhacach’ – an chéad uair a chonaic mé an nath cainte seo i nGaeilge. Tá sé cloiste agam i mBéarla anois is arís thart anseo i gCill Mhantáin.

  • Seán Mistéil

    Dea-scéal agus spreagadh do scríbhneoirí eile, tá súil agam. Go maire tú do nuaíocht, a Liaim!

  • Colmán Ó Drisceoil

    “Anois is ag druidim le 1500 atá an rith cló sin, agus sílim nach fada uainn go mbeidh 2000 i gceist go coitianta,” ar sé. Tá sé san iomaíocht do dhea-scéal na bliana. Molann an saothar Liam agus Darach. Buíochas leo beirt.