Ní ghlacfaidh an UUP le hAcht Gaeilge fiú ar mhaithe le hAcht Ultaise agus Cúnant Míleata

Deir ceannaire an UUP Robin Swann gur “polaitíocht shuarach” a bheadh ann glacadh le hAcht Gaeilge ar mhaithe le reachtaíocht eile agus nár cheart an Ultais ná an Cúnant Míleata a úsáid mar a bheadh ‘míreanna margántaíochta’ ann

Ní ghlacfaidh an UUP le hAcht Gaeilge fiú ar mhaithe le hAcht Ultaise agus Cúnant Míleata

Ní ghlacfaidh an UUP le reachtaíocht a thabharfadh cosaint don Ultais agus a thabharfadh isteach Cúnant Míleata ó thuaidh sa chás go mbeadh an reachtaíocht sin á tabhairt isteach mar chuid de mhargadh le Sinn Féin faoi Acht Gaeilge.

Dúirt ceannaire an pháirtí aontachtaigh, Robin Swann, nach n-aontódh a pháirtí le haon mhargadh faoi chúrsaí reachtaíochta “a dhéanfadh na Balcáin” den Tuaisceart, agus gur masla a bheadh ann margadh a dhéanamh faoi Acht Gaeilge dóibh siúd ar áil leo an Ultais nó a bhfuil meas acu ar shaighdiúirí na Breataine.

Cháin Swann  an DUP agus Sinn Féin araon mar gheall ar an mbac, dar leis, atá á chur ag an dá pháirtí ar athbhunú Stormont. Dúirt sé gur tugadh “go leor ama agus spáis” don DUP agus do Shinn Féin teacht ar chomhréiteach ach nach raibh “aon toradh” air sin.

“Chas siad le chéile na dosaenacha uaireanta, chas siad le rialtas na Breataine agus le rialtas na hÉireann, le státseirbhísigh shinsearach, ina measc Buan-Rúnaithe, agus deirtear linn gur chas siad le gach páirtí leasmhar anois agus arís freisin,” a dúirt Robin Swann.

Dúirt sé gur “polaitíocht shuarach” (‘low politics’)a bheadh ann glacadh le hAcht Gaeilge ar mhaithe le reachtaíocht eile agus nár cheart an Ultais ná an Cúnant Míleata a úsáid mar a bheadh “míreanna margántaíochta” ann.

Tá molta ag dreamanna éagsúla cheana féin, an DUP féin agus an Alliance ina measc, go dtabharfaí isteach reachtaíocht a thabharfadh aitheantas do theangacha agus canúintí an Tuaiscirt seachas Acht Teanga don Ghaeilge amháin mar atá á éileamh ag Sinn Féin, Conradh na Gaeilge, an Dream Dearg agus páirtithe agus grúpaí eile.

Mhol an DUP níos luaithe i mbliana go dtabharfaí isteach ‘Acht Cultúir’ a mbeadh an Cúnant Míleata mar chuid de. Tá a leithéid de Chúnant ann sa Bhreatain cheana féin, agus tugann sé cearta agus pribhléidí breise do bhaill agus d’iarbhaill arm na Breataine.

Mhaígh Gerry Adams, áfach, gur “tairiscint gan bhrí” agus reachtaíocht “mhantach” a bhí i moladh an DUP i leith na Gaeilge agus nach mbeadh “údarás reachtúil, straitéis, cumhacht, ná maoiniú” ar bith ag an teanga faoin ‘Acht Cultúir’ a mhol an páirtí aontachtach.

“Cén bhaint faoin spéir atá ag an nGaeilge le saighdiúirí Arm na Breataine? Cén bhaint faoin spéir atá ag cúnant saighdiúirí Arm na Breataine le reachtaíocht faoi chearta teanga? Bhí sé míchuí amach is amach.

“Níl aon deacracht ag Sinn Féin tacú leis an Ultais — is gné lárnach dár gcultúr í agus is mar sin a bhí le 400 bliain — ach an rud a theastaíonn ná Acht aonair Gaeilge,” a dúirt Adams.

Fág freagra ar 'Ní ghlacfaidh an UUP le hAcht Gaeilge fiú ar mhaithe le hAcht Ultaise agus Cúnant Míleata'