‘Ní ghéillfimid do bhrú ón Roinn nó ón Rialtas’ – cruinniú ar oileán Thoraí faoi sheirbhís farantóireachta

Tá eagla ar dhaoine 'go stróicfear an croí as Toraigh' mar gheall ar an easaontas faoin tseirbhís farantóireachta atá beartaithe don oileán, a deir Bainisteoir Chomharchumann Thoraí.

‘Ní ghéillfimid do bhrú ón Roinn nó ón Rialtas’ – cruinniú ar oileán Thoraí faoi sheirbhís farantóireachta

Ní ghéillfidh pobal Oileán Thoraí do bhrú ó Roinn na Gaeltachta nó ón Rialtas úsáid a bhaint as seirbhís farantóireachta nach bhfuil “sásúil”, a dúradh ag cruinniú poiblí a bhí ar siúl ar an oileán tráthnóna.

D’fhreastail os cionn leathchéad duine ón oileán Gaeltachta ar an chruinniú ag a raibh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus oifigigh óna Roinn i láthair chomh maith.

Bhí ionadaithe poiblí eile i láthair freisin, ina measc an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pearse Doherty agus an comhairleoir contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpuig.

Dúirt baill den Chomharchumann gur tugadh neamhaird iomlán ar mhianta na n-oileánach nuair a bhí an conradh farantóireachta don oileán le bronnadh, in ainneoin go raibh cainteanna rialta acu le Roinn na Gaeltachta, agus gur chuir siad achainí scríofa faoi bhráid na Roinne.

Is ar an chomhlacht Réalt na Maidne Teoranta, as Oileán Árainn Mhór, a bronnadh an conradh sin, agus d’fhreastail úinéir an chomhlachta, Séamus Boyle, ar an chruinniú poiblí inniu.

Is ar an chéad lá de mhí Aibreán a thiocfaidh an conradh úr i bhfeidhm agus conradh cúig bliana atá ann.

D’impigh daoine a d’fhreastail ar an gcruinniú ar an Aire Stáit “cuidiú leo agus éisteacht lena nglórtha”.

D’iarr daoine ar an Aire chomh maith an conradh a bronnadh ar Réalt na Maidne a chur ar ceal agus iad den tuairim go bhfuil ‘The Queen of Aran’, an bád a bheidh i mbun na seirbhíse, “róshean” agus “róchaite” agus nach bhfuil sí “sábháilte le dhul chun na farraige go Toraigh”.

Dúirt Patrick Gerard Ó Baoill as Toraigh go bhfágfadh sé féin agus a chlann óg an t-oileán agus go rachadh siad chun cónaí ar an mórthír dá mbeadh bád nach raibh sásúil i mbun na seirbhíse farantóireachta. Dúirt Rí Thoraí, Patsy Dan Mac Ruaidhrí, go bhfuil “imní mhór agus eagla” ar dhaoine go ndéanfar “bánú” ar an dream óg atá ina gcónaí istigh ar an oileán, atá timpeall naoi míle ón mórthír.

Dúirt Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, nach mbeifí ag géilleadh d’achainí an phobail mar gur bronnadh an conradh sa chás seo mar gheall ar phróiseas ar leith. Thug sé le fios go raibh comhairle dlí faighte ag an Roinn faoin méid sin.

Dúirt cuid de na hoileánaigh go rachadh siad go Dáil Éireann go luath le hagóid a dhéanamh agus tacaíocht mhuintir na tíre a lorg dá bhfeachtas ar son bád atá “ceart agus sábháilte” agus “fóirsteanach” don oileán.

Beidh cruinniú ag Comharchumann Thoraí agus ag ionadaithe ó Roinn na Gaeltachta i dtreo dheireadh na seachtaine seo chugainn faoin scéal.

Dúirt Marjorie Uí Chearbhaill, Bainisteoir Chomharchumann Thoraí, nach bhféadfadh Roinn na Gaeltachta “brú” a chur ar phobal Oileán Thoraí glacadh le bád farantóireachta nach bhfuil “muinín ar bith acu inti”.

Chuir na hoileánaigh “a n-imní agus a gcuid feirge” faoin scéal in iúl do pholaiteoirí agus d’oifigigh Roinn na Gaeltachta ag an gcruinniú agus caithfear cluas éisteachta a thabhairt dóibh anois, a dúirt Marjorie Uí Chearbhaill.

Tá eagla ar dhaoine “go stróicfear an croí as Toraigh” má fhágann teaghlaigh an t-oileán mar gheall ar an easaontas faoin tseirbhís farantóireachta atá beartaithe, a dúirt Bainisteoir Chomharchumann Thoraí.

Dúirt Marjorie Uí Chearbhaill le hÁine Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil sé ráite ag muintir Thoraí go gcuirfear bac ar ché an oileáin ar an 1 Aibreán má dhéanann an bád úr farantóireachta iarracht teacht go dtí an t-oileán.

Fág freagra ar '‘Ní ghéillfimid do bhrú ón Roinn nó ón Rialtas’ – cruinniú ar oileán Thoraí faoi sheirbhís farantóireachta'

  • Caoimhín Ó Seanáin

    Tá an ceart go hiomlán ag muintir Thoraí. Ní saoránaigh den dara grád sibh.
    Caoimhín

  • Des O Murchu

    Cibe duine a cheadaigh contradha farrantoireachta Thoraigh le reic de bhad ba choir an IMO International Marine Organisation cuis dli a thogail i gcoinne Ceadunas Sabhailteacht Farraige Mora don bad ata i gceist don seiribhis! Da gcuirfi NCT ar an bad sin bhainfi den bothar laithreach le finail €5000 + Pointi Pionois ar Cheadunas Tiomana, chomh maith le 500% meadu Arachais Mhara Lloyds! Des O Murchu

  • Des O Murchu

    Ta neart baid iaschchuireachta diomhion sna Cealla Beaga 10 blian aois sabhailte donnmhara garbh a oireach don seirbhis Seo. Leas ar chostais reasunta? Des O Murchu