Ní ‘géarleanúint’ í an chóir á lorg nó go bhfaighfear í

Nocht ciontú as dúnorgain Aidan McAnespie gur argóint fhéinchúiseach é maíomh na dTóraithe gur gá stop a chur le cúisimh mar nach mbeadh fianaise ó aimsir na dTrioblóidí ar fáil do chúirteanna

Ní ‘géarleanúint’ í an chóir á lorg nó go bhfaighfear í

“Leanann an ghéarleanúint,” arsa urlabhraí d’iarshaighdiúirí a rinne seirbhís i dTuaisceart Éireann. Ag caoineadh an bhreithiúnais go raibh an t-iarshaighdiúir David Holden ciontach as dúnorgain Aidan McAnespie a bhí sé. Is gearr go mbeidh sé 35 bliain ó maraíodh Aidan McAnespie, 23, ag ionad seiceála Arm na Breataine ar an teorainn in Achadh na Cloiche. Bhí sé ar a bhealach chuig cluiche peile, tar éis siúl tríd an seicphointe nuair a bhuail piléar sa droim é.

Ba ghearr go raibh sé soiléir gur scaoileadh trí philéar ó mheaisínghunna san seicphointe, gur athscinn ceann de na hurchair ón mbóthar agus gurb é sin a mharaigh Aidan. Ba é an saighdiúir David Holden, 18, a scaoil. Mhaígh sé gur thimpiste ab ea é, gur sciorr a mhéar ar an truigear agus nach raibh a fhios aige go raibh an gunna cocáilte. Ar an mbonn sin, cealaíodh cúiseamh ina leith i 1988. Ghearr an tArm fíneáil £370 air as a bheith míchúramach agus b’in deireadh an scéil fad is a bhain sé leis na húdaráis mhíleata.

Níorbh amhlaidh don teaghlach a chuaigh i mbun feachtais ag éileamh an chirt. Chothaigh an eachtra nimh sa chaidreamh Angla-Éireannach freisin mar is léir ón gcuntas seo ag Breandán Delap in Tuairisc an tseachtain seo caite.

De bharr athbhreithnithe agus tástálacha balaistíochta cúisíodh Holden arís. Dé hAoine seo caite, tar éis 35 bliain beagnach, rialaigh an Breitheamh O’Hara gur iompar mórfhaillíoch ab ea é ag an saighdiúir Holden an truigear a tharraingt nuair ba léir go bhféadfadh toradh marfach a bheith air. Chiontaigh sé é as dúnorgain le mórfhaillí.

Níorbh iontas é go raibh gluaiseacht na n-iarshaighdiúirí míshásta.

Deir siad nár cheart aon iarbhall de na fórsaí slándála a fhiosrú ná a chúiseamh in aon chor. Líomhaintí cráiteacha iad na cinn in aghaidh fhórsaí an stáit dar leo agus rinneadh iarracht sa chúirt stop a chur leis an gcás seo. Conas is féidir leo a rá gur chás cráiteach é duine a chúiseamh as fear neamharmtha a lámhach agus a mharú?

I ndiaidh an bhreithiúnais dúradh gur ciapadh nó géarleanúint é a bheith sa tóir ar iarshaighdiúirí ‘a fiosraíodh cheana’. Ní admhaítear go raibh cuid den bhfiosrú cheana lochtach nó ar nós cuma liom. Bhí súil acu gur ghearr go mbeadh an bille atá faoi chaibidil sa Pharlaimint ina reacht a thabharfaidh cosaint dóibh. Dúirt an tAire Johnny Mercer, a bhfuil freagracht air as gnóthaí na n-iarshaighdiúirí, go raibh sé tiomanta do na geallúintí a bhí i gclár toghcháin na dTóraithe in 2019; bhí tacaíocht den uile chineál á fáil ag David Holden ó chomhghleacaithe san Roinn Cosanta, a dúirt sé.

Ba iad na geallúintí in 2019 go gcinnteofaí nach ndéanfaí fiosrú ná cúiseamh ar iarshaighdiúirí, go mbeadh maithiúnas nó díolúine ó ionchúiseamh. Fuair rialtas Boris Johnson comhairle nach mbeadh sé sin dlíthiúil mura bhfaigheadh na paraimíleataigh é freisin.

As sin a d’eascair an bille a chuir iarStátrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis faoi bhráid na Parlaiminte, an bille oidhreachta agus athmhuintearais. Ní hamháin go gcuirfeadh an plean stop le fiosruithe agus cúisimh faoi eachtraí a tharla le linn na dTrioblóidí go dtí Aoine an Chéasta 1998 ach chuirfeadh sé bac freisin ar ionchoisní agus ar chásanna sibhialta.

Tá gach páirtí abhus ina choinne, mar atá gach grúpa íobartach, eagraíochtaí cearta daonna sa bhaile agus i gcéin, rialtas na hÉireann, rialtas Mheiriceá agus an tAontas Eorpach. Go bunúsach, is é a dtuairim gur dúnadh gach dorais chun na córa a bheadh ann, ceilt an chirt.

Mhaígh Brandon Lewis go raibh gá leis an gcur chuige sein chun “líne a tharraingt faoi oidhreacht na dtrioblóidí”. Níorbh fhiú a bheith ag iarraidh a dhul chun cúirte, dar leis, mar go mbeadh fianaise ró-ghann le daoine a chiontú. Bhí sé in ann tacú leis an maíomh sin ó theip ar roinnt cásanna in aghaidh iarshaighdiúirí toisc nach raibh na hagallaimh a rinne póilíní míleata inghlactha sa chúirt. Anois, leis an rialú faoi dhúnorgain Aidan McAnespie, tá sé léirithe gur féidir dóthain fianaise a bhailiú le haghaidh trialach agus ciontaithe.

Dúirt muintir McAnespie go raibh súil acu go dtabharfadh an cás uchtach do dhaoine eile chun leanúint ag éileamh an chirt, beag beann ar iarracht an rialtais bac a chur orthu.

Más IRA, UVF, paraimíleataigh eile nó fórsaí stáit a bhí freagrach as eachtraí ba cheart go mbeadh fáil ag na híobartaigh ar an gcóir agus ba cheart don stát a dhualgas faoi riar na córa a chomhlíonadh.

Tá bunchloch éadaingean faoin mbille oidhreachta. Ní hamháin go sáraíonn sé cearta daonna ach tá sé bunaithe ar an argóint go bhfuil géarleanúint á déanamh ar iarshaighdiúirí. Níl an staidreamh ag teacht leis sin. Cuireadh na mílte, idir phoblachtánaithe agus dílseoirí i bpríosún le linn na dTrioblóidí; ba iad ba mhó a mharaigh daoine, os cionn 3,000 eatarthu. Ciontaíodh seachtar as coireanna stairiúla le scór bliain.

Mharaigh saighdiúirí os cionn 300 ach ciontaíodh ceathrar ar fad roimh 1998. Sé David Holden an chéad saighdiúir a ciontaíodh ó lár na nóchaidí, cor a bhaineann an bonn den mhaíomh gur géarleanúint é. Ceist eile an tuar dóchais é go gcuirfear stop le plean rialtas na Breataine nó an clabhsúr é ar an gceart chun na córa.

Fág freagra ar 'Ní ‘géarleanúint’ í an chóir á lorg nó go bhfaighfear í'