Mar a luaigh mé i gcolún eile ar na leathanaigh seo an lá cheana, tá ‘plandlann’ bheag agam i mo sheomra suí, crainn seacthorthaí agus abhacád atá á bhfás agam ó shíolta go dtí go mbíonn na buinneáin mór a ndóthain le hiad a chur, faoi rún, in áiteanna poiblí.
Ach tá feidhm eile ag an bhforaois bháistí bheag seo taobh istigh seachas cur leis an duilliúr taobh amuigh.
Glantóirí spioradálta iad crainn.
Féadfaidh tú gáire a dhéanamh anois nó nua-aoiseachas a chur i mo leith, ach ní gan chúis é go mbíonn áit fhíorlárnach ag crainn in ionaid chuimhneacháin ag láithreacha ar fud na cruinne inar tharla eachtraí tromchúiseacha.
Cuireadh 400 crann ar an suíomh i Nua-Eabhrac mar a mbíodh túir an Ionaid Trádála Domhanda ina seasamh go dtí an 11 Meán Fómhair 2001. Tá foraois fhothrópaiceach taobh istigh de halla ollmhór stáisiún traenach Atocha i Maidrid mar ar tharla buamáil mharfach ar an 11 Márta 2004. Tá 298 gcrann san fhoraois chuimhneacháin gar d’aerfort Schiphol san Ísiltír, túsphointe na heitilte MH17 de chuid Malaysian Airlines ar bhuail diúracán de chuid na Rúise í os cionn na hÚcráine ar an 17 Iúil 2014, crann amháin do gach duine de na mairbh.
Eachtra thromchúiseach, ar scála eile ar ndóigh, is ea an scríbhneoireacht chruthaitheach.
Níos minice ná a mhalairt agus saothar litríochta á chur i dtoll a chéile ag scríbhneoir ficsin, ag drámadóir nó ag file, déanann sé nó sí creach, lá i ndiaidh lae, ar a c(h)rá croí pearsanta féin.
Cinnte, teiripe de chineál a bhíonn sa scríbhneoireacht agus is fíor go gcneasaíonn sí créachtaí anama agus croí, ach is baolach go gcaithfear na créachtaí céanna a choinneáil oscailte fad is a mhaireann próiseas na scríbhneoireachta. Caithfear athchuairt a thabhairt ar chuile eachtra achrannach agus ar chuile chuimhne chráite go dtí go mbíonn chuile chamóg san áit cheart.
Ní haon iontas é gur taobh leis an mbord ag a mbím i mbun pinn atá m’fhoraois bháistí bheag féin.
Nuala
Cad e seacthoradh, le do thoil?