Ní gá go bhfeilfeadh na réitigh aeráide chéanna do chuile shochaí

AN SAOITHÍN AERÁIDE: caillte ina chisteanach féin a bhíonn an Saoithín Aeráide i dtír nach ndéantar scagadh ag an bhfoinse ar an dramhaíl tí inti

Ní gá go bhfeilfeadh na réitigh aeráide chéanna do chuile shochaí

Níos túisce i mbliana, chaith an Saoithín Aeráide cúig mhí i dteach a mháthar san Ísiltír, áit a gcaithfear an dramhaíl tí a roinnt idir cheithre araid rothaí éagsúla.

Tá an Saoithín ar ais ina theach féin ar an taobh eile den domhan, sa Bhrasaíl, le trí mhí anuas. Shílfeá, mar sin, go mbeadh sé tar éis dul i dtaithí arís ar nós na tíre sin an dramhaíl tí ar fad a chaitheamh i mála plaisteach amháin agus an mála sin a chaitheamh sa scipe bruscair timpeall an chúinne (nó in aice leis an scipe nuair a bhíonn an scipe ag cur thar maoil.)

Ach níl. Trí mhí i ndiaidh dó filleadh ón Eoraip, bíonn an Saoithín Aeráide fós caillte ina chisteanach féin, ar thóir araidín glas chun dríodar an chaife a chaitheamh isteach ann, ag lorg araidín athchúrsála don bhuidéal ola olóige sin atá folamh, ag cuardach araidín eile arís chun an luchtaire gutháin briste sin a choinneáil ann go dtí go mbeidh fáil, lá breá éigin amach anseo, ar ionad athchúrsála gar dá theach.

Tar éis an mhearbhaill sin sa chistineach tagann an fhearg. Seo í an bhliain 2021. Tá an domhan trí thine agus faoi thuile. Cén fáth nach féidir rud chomh bunúsach le córas scagtha bruscair a chur ar bun?

Ach maolaíonn an fhearg nuair a chuimhníonn an Saoithín Aeráide go bhfuil córas scagtha bruscair sa Bhrasaíl le fada an lá.

Gach lá, tugann na céadta míle bochtán cuairt ar scipí bruscair na tíre chun scagadh a dhéanamh ar a bhfuil ann. Cannaí stáin i mála amháin. Buidéil phlaisteacha i mála eile. Earraí leictreonacha i mála eile arís. Boscaí cairtchláir brúite síos ar a chéile agus sreang ceangailte timpeall orthu. Gach rud a charnadh isteach sa chairtín láimhe agus ar aghaidh go dtí an mangaire draimh chun cúpla real a fháil mar chúiteamh ar an obair; abhaile ansin chun an seanchóta úd a bhí i scipe bruscair amháin a ní agus chun snas a chur na bróga sin a aimsíodh i scipe eile.

Is ea, tá córas scagtha bruscair na Brasaíle (agus go leor tíortha eile sa chuid sin den domhan ar ara dtugtaí an tríú domhan fadó) bunaithe ar éagothromaíocht shóisialta. Tá bochtáin ag teastáil le go bhfeidhmeoidh sé.

D’fhéadfadh an Saoithín Aeráide seanmóir fhada a thabhairt uaidh anois faoin éagóir sin – mar a dhéanadh sé san am a caitheadh – agus is éard a déarfadh muintir na Brasaíle leis ná go mbeadh na bochtáin sin a bhraitheann ar an athchúrsáil le greim a choinneáil ina mbéal níos boichte fós dá ndéanfadh chuile dhuine athchúrsáil ag an bhfoinse ina theach féin.

Nó d’fhéadfadh an Saoithín glacadh leis nach gá go n-oirfeadh na réitigh cheannann chéanna ar dhúshláin na haeráide do shochaithe uile an domhain.

Fág freagra ar 'Ní gá go bhfeilfeadh na réitigh aeráide chéanna do chuile shochaí'