Ní gá go bhfágfaí faoi na Faisistithe é cur i gcoinne an Fhiontair Eorpaigh!

Tá laghdú ar thacaíocht pháirtithe an daonlathais shóisialta in Éirinn agus ar fud na hEorpa

Ní gá go bhfágfaí faoi na Faisistithe é cur i gcoinne an Fhiontair Eorpaigh!

Ar fud na hEorpa tá páirtithe an daonlathais shóisialta i ndiaidh titim chomh mór sin ó thaobh tacaíochta de go bhfuil ceist ann anois an dtiocfaidh siad slán.

Sa gcéad bhabhta den toghchán uachtaránachta sa Fhrainc thit tacaíocht an Pháirtí Shóisialaigh faoi bhun 7% tar éis dóibh an uachtaránacht a bheith acu le cúig bliana. Ba é an toradh ba mheasa é a bhí ag an bpáirtí ó bunaíodh é i 1968.

Sa Spáinn, bhí 48% den tacaíocht ag páirtí na ndaonlathach sóisialta i 1982, ach tá sé sin tite anois go dtí 22%. San Ísiltír bhíodh os cionn 20% den vóta ag páirtí na ndaonlathach sóisialta, ach cúpla mí ó shin thit an leibhéal tacaíochta acu go dtí 5.7%.

Fiú sna tíortha Lochlannacha, cé gur páirtithe mór i gcónaí iad, tá meath soiléir le feiceáil ar an leibhéal tacaíochta atá ag an  gcineál  sin páirtithe. Sa tSualainn 54% den vóta a bhí acu i 1940 ach níl ach 30% anois acu. Sa Danmhairg bhíodh os cionn 40% acu ach níos lú ná 30% atá faoi láthair acu. San Fhionlainn tá siad tite ó thart ar 30% go dtí 17%.

I Sasana, ar ndóigh, thug Tony Blair Páirtí an Lucht Oibre isteach i rialtas i 1997 le móramh as cuimse, ach diaidh ar ndiaidh chaill siad an tacaíocht sin.  Anois cé go bhfuil an páirtí imithe níos faide amach ar an eite chlé arís, is ar éigean go bhfuil seans acu a bheith i gcumhacht toisc nach bhfuil aon iontaoibh ag an aicme oibre astu.

Go deimhin, tá cuid mhaith de na feisirí parlaiminte sa bpáirtí ag iarraidh go dteipfeadh ar an bpáirtí ar mhaithe, tá súil acu, le fáil réidh leis an gceannaire atá acu a chreideann san eite chlé, Jeremy Corbyn.

Agus in Éirinn, mar is eol dúinn, bhí tacaíocht beagnach 20% ag Páirtí an Lucht Oibre i 1992 agus in 2011, ach bhí níos lú ná 7% anuraidh acu agus léiríonn na pobalbhreitheanna gur ag laghdú atá an tacaíocht sin i gcónaí.

Tá rud amháin i gcoitinne ag na páirtithe seo go léir: ghlac siad páirt i rialtais a chuir polasaí déine i gcoinne na haicme oibre, agus de réir mar a thréig siad an aicme sin agus le linn dóibh a bheith i gcumhacht thréig na hoibrithe iad nuair a tháinig tráth vótála.

Ach níl rian den aithrí le tabhairt faoi deara i gcás aon cheann de na páirtithe seo, fiú nuair a thagann páirtithe eile ar an saol leis an bhfolús polaitiúil a líonadh. Agus toisc nach léir go bhfuil aiféala dá laghad orthu, is ar éigean go dtabharfar aon mhaithiúnas dóibh.

In Éirinn tá Sinn Féin ag fáil cuid mhaith den tacaíocht a bhíodh ag Páirtí an Lucht Oibre; in Albain tá Páirtí an Lucht Oibre nach mór scriosta ag an bPáirtí Náisiúnta; agus sa Spáinn tá Podemos ag dul i neart.

Ach i dtíortha eile, ar ndóigh, is páirtithe den eite dheis i bhfad amach, cuid acu a chleachtann polasaithe ciníocha go hoscailte, is mó atá ag labhairt amach faoin aicme oibre a chosaint.

Sa bhFrainc ar ndóigh, tá Marine Le Pen fós i rás na huachtaránachta agus í ag súil go mbeidh sí in ann teacht i dtír ar mhíshástacht na haicme oibre lena clár polaitiúil féin a chur chun tosaigh.

Ag an am céanna tá comhartha mór dóchais sa Fhrainc agus vóta ard faighte Jean Luc Mélenchon a bhaineann leis an eite fhíorchlé: 19.5% den vóta a fuair sé agus súil aige gluaiseacht nua pholaitiúil a bhunú in éineacht leis na ceardchumainn agus in aghaidh dhomhandú an rachmais.

Lárnach sa scéal seo ar fad, ar ndóigh, tá ceist an Aontais Eorpaigh. Deir Mélenchon gur chóir athchóiriú iomlán, ó bhun go barr, a dhéanamh ar an Aontas, nó sa chás nach bhfuil na stáit eile sásta a leithéid a dhéanamh, gur cheart go n-imeodh an Fhrainc as an Aontas.

Ní gá go bhfágfaí faoi na Faisistithe é cur i gcoinne an Fhiontair Eorpaigh!

Ba é an tábhacht a bhain le páirtithe an daonlathais shóisialta roimhe seo ná go mbíodh baint láidir acu leis na ceardchumainn, ach tá cluas bhodhar á tabhairt acu do na ceardchumainn chéanna le fada an lá, agus, i gcead do Jack O’Connor as SIPTU, níl aon chomhartha ann go bhfillfidh na páirtithe ar an seanphort.

Feicfidh muid an éireoidh le Martin Schulz stop a chur leis an meath seo sna toghcháin sa Ghearmáin níos deireanaí sa mbliain.  Ach is ar éigean é.

Tá polaitíocht úr ag teastáil, is léir, ní hamháin in Éirinn ach ar fud na hEorpa agus is í an cheist is práinní i dtaobh na polaitíochta úire seo ná réiteach a aimsiú ar cheist an Aontais Eorpaigh.

Ar chóir dúinn tacú leis an bhFiontar Eorpach agus dlúthpháirtíocht níos mó a chur i bhfeidhm, mar atá á mholadh ag an gCoimisiún; nó ar chóir dúinn éirí as an gcur i gcéill faoi stát feidearálach nua a bhunú agus glacadh le moladh Mélenchon nach mbeadh i gceist leis an Aontas ach comhoibriú ó thaobh na heacnamaíochta agus na trádála?

Fág freagra ar 'Ní gá go bhfágfaí faoi na Faisistithe é cur i gcoinne an Fhiontair Eorpaigh!'

  • Jake Mulcahy

    Tá i bhfád níos mó fórsaí ag baint le meath na bpáirtithe úd ná easpa iontaoibhe i dtaobh an Aontais Eorpaigh. De ghnáth bíonn réimse páirtithe níos leithne ar fáil do vótálaithe sa lá atá inniu ann, a fhreastlaíonn níos fearr ar a gcuid riachtanais áirithe ná páirtithe móra seanfhaiseanta. San am atá caite chonaic cuid mór den aicme oibre vóta i bhfábhar Pháirtí an Lucht Oibre mar dhualgas agus mar thraidisiún, ach faoi láthair mothaíonn siad níos saoire a gcuid tuairimí féin a chur in iúl ag an mbosca vótála. Inár sochaí nua-aimseartha atá dírithe ar an duine aonair mar a theastaigh ó Thatcher, ní bhíonn daoine chomh dílis do ghluaiseachtaí ná mar a bhí tráth, mar shampla do pháirtithe, do chlubanna gailf, nó do chreidimh, agus ar an ábhar sin ní bhíonn tionchar ollmhór a thuilleadh ar thuairimí daoine ina seilbh ag eagraíochta cumasacha. Más mian le páirthithe an daonlathais shóisialta an iarthacaíocht a mhealladh ar ais, chaithfí sáriarrachtaí a dhéanamh na teacht ar fhreagra ar na ceisteanna deacra seo, in ionad ionsaí ciniciúil a dhéanamh ar an Eoraip mar sceilpín gabhair.

  • Seán Ó Floinn

    ‘cuid acu (na páirtithe ar an eite dheis) a chleachtann polasaithe ciníocha go hoscailte’. Ar mhiste leat sampla a thabhairt? Ní ciníochas é cur i gcoinne theagaisc áirithe de chuid Iosláim