Ní foláir do lucht earnáil na drámaíochta Gaeilge ‘teacht le chéile’ agus ‘cur chuige nua’ a cheapadh – Ardstiúrthóir TG4

Deir Alan Esslemont go bhfuil ról ag TG4 i bhforbairt na drámaíochta Gaeilge ach gur gá do lucht na hearnála féin teacht ar chur chuige aontaithe ‘ar dtús’

Ní foláir do lucht earnáil na drámaíochta Gaeilge ‘teacht le chéile’ agus ‘cur chuige nua’ a cheapadh – Ardstiúrthóir TG4

Tá ráite ag Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont gur chóir do lucht earnáil na drámaíochta Gaeilge “teacht le chéile” agus “comhoibriú a chur chun cinn”.

Ag labhairt dó ag an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta, a reáchtáladh in Amharclann Chois Fharraige, in Indreabhán, Conamara ag an deireadh seachtaine, dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 go raibh ról ag TG4 i bhforbairt na drámaíochta Gaeilge chomh maith ach gur gá do lucht na hearnála féin teacht ar chur chuige aontaithe “ar dtús”.

“Más léir dúinne go bhfuil cur chuige comhoibritheach ag teacht chun cinn ó lucht na drámaíochta, ní loicfidh muidne i dtacaíocht a thabhairt daoibhse,” a dúirt Alan Esslemont.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 go bhfuil forbairt na drámaíochta Gaeilge “fíorthábhachtach” don stáisiún Gaeilge.

“Ní mór d’earnáil na drámaíochta Gaeilge fás agus forbairt. Tá sé sin tábhachtach daoibhse mar lucht drámaíochta ach tá sé fíorthábhachtach dúinne mar lucht cumarsáide chomh maith,” a dúirt sé. 

Mhol sé an “fuinneamh iontach” a bhíonn le brath ag féilte scoildrámaíochta ar fud na tíre ach d’ardaigh sé ceisteanna faoina laghad tacaíochta atá ar fáil d’aisteoirí “chun a gceird a fhorbairt” agus a laghad deiseanna atá ar fáil do dhaoine breathnú ar dhrámaí Gaeilge.

“Cén chaoi ar féidir borradh níos fearr a chur faoi scríbhneoireacht, faoi fhéilte agus faoi dhrámaíocht sna réigiúin, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta?” ar sé.

Le linn a chuid cainte, chuir Esslemont fáilte roimh an méid a bhí le rá ag Cathaoirleach Bhord na Taibhdheirce le Tuairisc.ie le déanaí faoi ról na hamharclainne náisiúnta Gaeilge i gcothú na drámaíochta agus faoin ngá a bhí le díospóireacht faoin ábhar.

“Tá díospóireacht tosaithe ag Cathaoirleach na Taibhdheirce, Aodh Ó Coileáin, maidir leis an ról atá ag Amharclann Náisiúnta na Gaeilge agus is maith an rud an díospóireacht sin,” a dúirt Esslemont.

Dúirt sé go raibh ról sa díospóireacht sin ag “lucht na drámaíochta féin” agus “eagraíochtaí tacaíochta”, ar nós Roinn na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, na Comhairlí Ealaíon, Údarás na Gaeltachta, Oireachtas na Gaeilge, An Cumann Scoildrámaíochta agus An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, a mbíonn an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta á reáchtáil acu.

Dúirt Esslemont go gcaithfí “bealaí comhpháirtíochta” agus “cur chuige nua” a aimsiú lena chinntiú go bhfuil freastal á dhéanamh ar an lucht féachana agus go bhfuil spreagadh á thabhairt do “ghlúin nua ealaíontóirí óga”.

Dúirt Darach Ó Tuairisg, bunaitheoir Fíbín Teo, comhlacht amharclannaíochta Gaeilge atá lonnaithe in Indreabhán, le Tuairisc.ie ar maidin go bhfáiltíonn sé roimh “aon tacaíocht” a chuirfeadh borradh faoi earnáil na drámaíochta Gaeilge.

“Cuirim fáilte mhór roimh aon tacaíocht ó TG4 a chuideodh le hearnáil na drámaíochta Gaeilge.

“Is ceart go ndéanfadh TG4 infheistíocht i bhforbairt na drámaíochta mar go mbíonn aisteoirí Gaeilge, a thosaigh amach go minic ar an stáitse amaitéarach, le feiceáil i ndrámaí TG4,” ar sé.

Bronnadh naoi ngradam ag an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ag an deireadh seachtaine. Ina measc siúd a thug gradam leo bhí Aisteoirí Bhréanainn a bhuaigh dhá ghradam aisteoireachta, gradam don soilsiú agus gradam léiriúcháin.

 

Seo liosta iomlán na mbuaiteoirí i mbliana
Gradam Foirne: Aisteoirí An Lóchrann, Ceatharlach, An Croí Fealltach, le Proinsias Ó Cuilinn
Gradam Léiriúcháin: Tomás Ó hÍceadha, Aisteoirí Bhréanainn, Corca Duibhne, Ciarraí
Gradam do dhráma nua-scríofa: Proinsias Ó Cuilinn, Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh, Dún na nGall
Gradam don Soilsiú: Boscó Ó Conchúir, Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne, An Fear Siúil le Lady Gregory
Gradam Aisteoireachta: Liam Ó Riain, Aisteoirí an tSean-Phobail, Na Déise, as a pháirt sa dráma An Lasair Coille, le Caitlín Maude.
Gradam Aisteoireachta: Méadhbh Nic an Ultaigh, Aisteoirí Bhréanainn, Corca Duibhne, Ciarraí, as a páirt sa dráma An Fear Siúil.
Gradam Aisteoireachta: Treasa Ní Lúing, Aisteoirí Bhréanainn, Corca Duibhne as a páirt sa dráma Turas gan Tuisil, le Thornton Wilder
Gradam Aisteoireachta: Colma Ní Ghabháin, Aisteoirí An Lóchrann, Ceatharlach, An Croí Fealltach, le Proinsias Ó Cuilinn
Gradam deartha seit: Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh, Dún na nGall

Fág freagra ar 'Ní foláir do lucht earnáil na drámaíochta Gaeilge ‘teacht le chéile’ agus ‘cur chuige nua’ a cheapadh – Ardstiúrthóir TG4'