Ní fiú comhthionól saoránach a bhunú mura bpléitear ábhar atá práinneach, soiléir agus teoranta

Tuilleann díograis agus dúthracht na ndaoine a ghlacann páirt sna tionóil ardmholadh, ach tá sé thar am fiúntas a saothair a chíoradh go cúramach

Ní fiú comhthionól saoránach a bhunú mura bpléitear ábhar atá práinneach, soiléir agus teoranta

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews. ie

Tá dhá thionól saoránach eile ag dul i mbun díospóireachta. Tá dhá thionól eile geallta ag an rialtas – ceann a bhreithneoidh polasaithe a bhaineann le drugaí agus ceann eile a phléifidh cúrsaí oideachais. Tuilleann díograis agus dúthracht na ndaoine a ghlacann páirt sna tionóil ardmholadh, ach tá sé thar am fiúntas a saothair a chíoradh go cúramach.

Is í cailliúint na bithéagsúlachta a bhreithneoidh 99 saoránach a roghnaíodh go randamach chun freastal ar thionól a mbeidh an matamaiticeoir Aoibhinn Ní Shúilleabháin ina cathaoirleach air.

Ceapadh iarbhainisteoir peile Bhaile Átha Cliath Jim Gavin mar chathaoirleach ar an tionól eile a bhreithneoidh struchtúir rialtais áitiúil na príomhchathrach agus go háirithe na buntáistí agus “na baoil” a bhainfeadh le méara a thoghfaí go díreach. Beidh 80 saoránach a roghnaíodh ar an dóigh chéanna ag freastal ar an tionól seo chomh maith le dáréag comhairleoirí ó chathair agus ó chontae Bhaile Átha Cliath.

Tá cur síos i nGaeilge ar shonraí an dá thionól nua ar a gcomhshuíomh gréasáin mar aon le stair na dtionól saoránach a bunaíodh roimhe seo.

Is é an moladh go leasófaí an Bunreacht chun cead a thabhairt don Oireachtas reachtaíocht a rith a cheadódh ginmhilleadh an t-athrú is bunúsaí a mhol tionól go dtí seo. Vótáladh i bhfabhar leasú dá réir i reifreann in 2018.

Ní foláir cuimhneamh áfach, agus fiúntas na dtionól á mheá, ar athruithe a mhol tionóil éagsúla a ndearnadh neamhaird orthu go dtí seo. Mar shampla, mhol tionól in 2014 go dtabharfaí vóta i dtoghcháin uachtaránachta do shaoránaigh a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den stát. Gheall Leo Varadkar in 2018 go vótálfaí ar chearta vótála i reifreann a reáchtálfaí an bhliain dár gcionn ach chlis sé ar a gheallúint. Tá an reifreann á ghealladh fós gan dáta a bheith socraithe.

Mhol an tionól céanna go mbeadh vóta ag gach saoránach ón séú lá breithe déag agus “go méadófaí” caiteachas an stáit ar chúram do dhaoine aosta. Níor cuireadh an chéad athrú i bhfeidhm fós.

Bhí an dara moladh chomh ginearálta gur fhág sé go leor ceisteanna gan freagra. Cé mhéad sa bhreis ba chóir a chaitheamh ar sheandaoine? Cá bhfaighfí breis airgid – le méadú ar cháin nó ar tháillí? Nó le roghanna caiteachais a laghdódh an méid a bheadh ar fáil chun fóirithint ar dhaoine eile?

Is sampla maith é an cás deireanach thuas d’fhadhb nach féidir le tionól saoránach í a réiteach. Léiríonn sé freisin a thábhachtaí agus atá roghnú na n-ábhar a chuirtear faoi bhráid tionóil. Go háirithe más ábhar é nach gcuireann as do mhórán agus a gcuirtear am amú á phlé.

D’iarr an rialtas a raibh Enda Kenny i gceannas air ar thionól a bunaíodh in 2016 moladh go mbeadh téarma seasta ag an Oireachtas a chíoradh. Níor mhol ach 51 faoin gcéad de chomhaltaí an tionóil athrú ar an gcóras reatha (a thugann lánchead do Thaoiseach an Dáil a lánscor am ar bith). Fiú dá mbeadh athrú molta ag móramh níos láidre, ní raibh seans dá laghad ann riamh go nglacfadh Micheál Martin, Leo Varadkar nó Mary Lou McDonald le hathrú a laghdódh saoirse gach Taoiseach.

Níl duine stuama sa tír a déarfadh nach bhfuil práinn le dianmhachnamh ar chúrsaí bithéagsúlachta agus ar an gcur chuige a theastaíonn lena cailliúint a stopadh, mar a mhínigh an taighdeoir Daire Ó hUallacháin i sár-alt a scríobh sé le gairid don suíomh seo. Cé gur léir an baol go molfaidh an tionól ar chailliúint na bithéagsúlachta athruithe róghinearálta chomh maith le beartais ar chóir go mbeadh tionchar fiúntach acu, tá ciall le plé neamhpholaitiúil ar ábhar dá leithéid.

Is beag duine a déarfadh áfach go bhfuil práinn ag baint leis an athbhreithniú ar an gcóras rialtais áitiúil i mBaile Átha Cliath agus ar thoghadh díreach méara a bheas ar bun sa tionól eile. Is ábhar tábhachtach é gan amhras ach níl an phráinn inchurtha leis an tionól ar mhí-úsáid drugaí a gealladh i gclár an rialtais ach nár bunaíodh fós.

Dúirt an tAire Stáit Frank Feighan le gairid nach gcuirfear ar bun é go dtí an bhliain seo chugainn. Fágann sin go mbeidh athruithe casta polaitiúla agus riaracháin i mBaile Átha Cliath – nach gcuirfear i bhfeidhm ar feadh i bhfad (má chuirtear i bhfeidhm iad in aon chor) á gcíoradh go deireadh na bliana. Ní chuirfear tionól ina bpléifear ábhar a bhaineann go dlúth le bás agus beatha ar bun go dtí 2023.

Dúirt an t-iar-aire drugaí Aodhán Ó Ríordáin, atá ag moladh díchoiriúlú teoranta a dhéanamh ar dhrugaí le tamall, sa Dáil le gairid go rachaidh daoine in éag fad is a bheidh moill á cur ar an tionól ar dhrugaí. Ní chaillfear duine ar bith mura dtoghfar méara ar Bhaile Átha Cliath, a dúirt sé, ach tugann an mhoill a cuireadh ar bhunú an tionóil ar dhrugaí le fios nach bhfuil meas ar na mairbh ag córas polaitiúil ná ag sochaí na tíre.

Bíonn díograis agus dúthracht de dhíth ar chomhaltaí gach tionól saoránach. Ní bhíonn réiteach ar gach fadhb a phléann siad ar a gcumas. Rachaidh a ndúthracht i laige áfach mura gcuireann rialtais ábhar atá teoranta agus práinneach faoina mbráid agus mura dtugann siad aird mar ba chóir ar mholtaí atá réasúnta, riachtanach agus praiticiúil.

Fág freagra ar 'Ní fiú comhthionól saoránach a bhunú mura bpléitear ábhar atá práinneach, soiléir agus teoranta'

  • An Teanga Bheo

    Cearta daonna is cearta do gach saoránach de dhith orainn uilig más Eorpach muid uilig anois?