Ní fhoglaimeoidh tú san ollscoil conas litir Ghaeilge phaiteanta a scríobh faoi bheithígh

Sa deireadh thiar thall ní hionann scolaíocht agus oideachas agus dá fheabhas cuid de na torthaí a fuarthas an tseachtain seo caite, ní cáilíocht iad astu féin

Ní fhoglaimeoidh tú san ollscoil conas litir Ghaeilge phaiteanta a scríobh faoi bheithígh

https://www.therapiebreve.be/documents/mcclelland-1973.pdf

 

 

 

Máirtín Ó Catháin

 

“Bád a bheadh oiriúnach do gach cineál oibre, ón mbó a thabhairt ‘un an oileáin go dtí an fheamainn a thabhairt ón trá.” Ní hí an Ghaeilge álainn amháin, agus an bhunáit dúchais a bhain léi, a rachadh i gcion ar dhuine, bhí an lámhscríbhneoireacht ealaíonta freisin.

Cur síos ar na chéad churachaí adhmaid i gConamara a bhí sa litir seo ar éirigh liom a theacht uirthi le gairid. Bhí sí scríofa ag an gCeannfort Airm, Maitias Mac Donnchadha as Leitir Ard, nach maireann, i bpobal Charna sa mbliain 1983.

Fuair Maitias scoil ar na bealaí a bhí ann lena linn – beagán blianta ina dhalta sa Scoil Náisiúnta i Maíros. Go dtí rang a sé b’fhéidir, agus amach ansin ag obair. Ina shaighdiúir singil a chuaigh sé san arm i nDún Uí Mhaoilíosa i nGaillimh. Chuaigh an Ceannfort Mac Donnchadha suas chuile chéim nó gur bhain sé stádas oifigigh amach.

Tá na mílte daoine óga sa tír seo ag breathnú chun cinn an tseachtain seo agus an Ardteist ina nglaic acu. Is gearr go mbeidh siad sna coláistí tríú leibhéal . Go n-éirí an saol leo.

Ach an raibh mórán acu a bhí in ann Gaeilge chomh maith a scríobh agus a rinne Maitias Mac Donnchadha théis a sheal beag gearr i Scoil Mhaírois agus maidir leis an lámhscríbneoireacht, ní dóigh go raibh gaire acu air.

Ní thabharfaí an oiread sin suntais don scríbhneoireacht. Bhí béim an-mhór air sin sa tseanaimsir, rud nach bhfuil amhlaidh anois agus an ríomhaire chomh coitianta sin.

Ach an leibhéal oideachais?

Is iontach an léann a thug leithéidí Mhaitiais leo ón mbunscoil. Le himeacht na haimsire, sé a bhí i gceannas ar chúraimí airgid i nDún Uí Mhaoilíosa. Ar ndóigh, bhíodh béim an-mhór ar na trí ‘R’ scríobh, léamh agus áireamh nó, ‘reading, writing agus arithmetic’, sa mbunscoil fadó. Scolaíocht mhaith a bhí intí ach tá athrú mór saoil ann agus béim ar an iliomad ábhar anois.

Ach, sa deireadh thiar thall ní hionann scolaíocht agus oideachas. Agus dá fheabhas cuid de na torthaí a fuarthas an tseachtain seo caite, agus comhghairdeachas leis na daoine óga sin, ní cáilíocht iad, astu féin, le haghaidh ábaltacht chuimsitheach i bpost, ná stádas agus ceannaireacht san ionad oibre.

Bheadh ollúna ollscoile ann a déarfadh go bhfuil an chlisteacht acadúil agus an líon cáilíochtaí acadúla ar an tomhas is fearr i dtaobh ábaltacht sa saol mór. Chuir an síceolaí David McClelland a bhí in Ollscoil Harvard mant san teoiric seo. Bhí McClelland áirithe ag uimhir a 15 i measc an 100 síceolaí ba mhó a raibh cáil orthu sa bhfichiú haois.

In aiste dá chuid leathchéad bliain ó shin a tharraing caint agus conspóid, dúirt McClelland nach gá ar chor ar bith gur cumas intleachta (I.Q.) an acmhainn is cumhachtaí atá ag duine sa gcóras oibre. Is cinnte, a deir sé, nárbh é an cumas intinne an ní is tábhachtaí ó thaobh ceannaireachta agus ceannródaíochta de.

Ghlac McClelland leis gur thug an cumas intinne duine go dtí stádas áirithe oibre. Mar shampla, glacadh leis gur theastaigh IQ de 115, ar a laghad, ó dhuine a bheadh ag obair ag leibhéal an ardfheidhmeannais. Ach, a deir McClelland, beidh mórán chuile dhuine ag an leibhéal sin i measc an ardfheidhmeannais. Bíonn bunleibhéal meabhair chinn ag baint le mórán chuile phost. Anois céard a scarann duine áirithe ón ngrúpa sin uilig agus a thugann stádas níos airde dó nó di?

De réir mar a chonaic McClelland an saol theastaigh na tréithe seo a leanas, seachas meabhair chinn,: féinsmacht, tuiscint agus cás do dhaoine eile agus ábaltacht dul i gcion ar dhaoine eile. Ag pointe áirithe bhí na buanna pearsanta seo uilig níos tábhachtaí ná meabhair chinn, a deir McClelland.

‘Testing for Competence Rather than Intelligence’ an teideal a bhí ar an aiste a scríobh McClelland i 1973. Cuireadh fáilte roimh an gcás a bhí curtha chun cinn ag McClelland i measc go leor daoine a bhí ag stiúradh gnó agus eagraíochtaí móra sna Stáit Aontaithe ach bhí lucht ollscoile amhrasach faoi. Sna blianta ó shin tá go leor den teoiric a bhí ag McClelland dá húsáid go forleathan.

Beagán blianta ó shin, dúirt feidhmeannach sinsearach, Éireannach, i gcomhlacht Meiriceánach in oirthear na tíre seo go mbíodh sí ag iarraidh greim a fháil ar fhostaithe ábalta sula rachaidís chuig an Ollscoil. Bhí an baol ann, ar sí, go n-athródh an córas ollscoile a ndearcadh ar obair.

Ach, sna blianta atá imithe sa gceo, dúirt an Cairdinéal John Henry Newman gur bhain ollscolaíocht le hoideachas liobrálach, tuiscint ar an saol agus cumas smaointeoireachta, cé nár dhúirt sé gurbh in é a thús agus a dheireadh.

Sin céim eile sa saol amach roimh na mílte déagóir a fuair a gcuid torthaí scrúdaithe meánscoile an tseachtain seo. An ollscoil agus institiúidí tríú leibhéal.

Má chruthaíonn siad chomh maith leis an mbunchaighdeán scolaíochta atá acu agus a chruthaigh Maitias Mac Donnchadha lena chuid scolaíochta bunscoile, beidh déanta go maith acu. Ach ní bheidh buntáiste an oideachais acu a fuair Maitias ag plé le beithígh, farraige agus cladach. Is ar éigean go scríobhadh mórán acu litir Ghaeilge chomh paiteanta faoi bheithígh dá dtabhairt chuig na hoileáin agus feamainn dá thabhairt ón trá.

Fág freagra ar 'Ní fhoglaimeoidh tú san ollscoil conas litir Ghaeilge phaiteanta a scríobh faoi bheithígh'

  • John Meehan

    Is deas scéal mar seo a léamh agus an bhéim a chuirtear ar scrúduithe agus torthaí sa chóras oideachais na laethanta seo.