‘Ní fhéadfainn cur suas leis níos mó’ – múinteoir a d’éirigh as

Chas ár gcolúnaí le hiarmhúinteoir a d’éirigh as a post mar gheall ar an strus a bhain leis

‘Ní fhéadfainn cur suas leis níos mó’ – múinteoir a d’éirigh as

Bhí an bhean mheánaosta ina codladh. I gcúinne beag cluthar i ngaráiste Applegreen a bhí sí, cupán caife leath-ólta os a comhair, spéacláirí agus cúpla ní pearsanta eile, caite ar an mbord aici.

Céard a thug uirthi í féin a shocrú ar an gcaoi sin? An amhlaidh go raibh turas mór fada oíche, as tuaisceart Dhún na nGall nó a leithéid, déanta aici agus í caite, spíonta anois?

Ní raibh amhras ach go raibh coirnéal deas compordach aimsithe aici – ní chuirfeadh éinne isteach ná amach uirthi.

Bhí sé a leathuair tar éis a seacht ar maidin. Chuimil sí a súile agus tháinig sí chuici féin. Leagamar súile ar a chéile.

‘An raibh sí tuirseach?’ d’fhiafraigh mé di. D’fhéadfadh sí a rá liom aire a thabhairt do mo ghnó féin. Ach ní bheadh a fhios aici gur cuid de mo ghnó é mo ladar a chur isteach anois is arís i ngnóthaí daoine eile – ar mhaithe le taighde, bíodh a fhios agat.

Thosaigh sí ag caint. Bhí sí fós ag caint leathuair a’ chloig níos déanaí agus muide ag imeacht.

D’inis sí dúinn ar dtús faoina turas – d’fhág sí Fionnghlas ag a sé a chlog. Leathuair a chloig a thógann sé uirthi an chathair a thrasnú. Is maith léi a bheith luath don obair agus inniu bhí scíth bheag eile aici toisc go raibh sí ag tabhairt aire do leanbh aréir.

‘Bhí mé i mo shuí go dtí meán oíche, an-deireanach domsa,’ dúirt sí.

‘Is ‘nanaí’ mé.’ Ba léir go raibh a hionad oibre gar don gharáiste agus gur minic a thagann sí isteach don chéad chaife ar maidin.

Le gairid a thosaigh sí ag tabhairt aire do pháistí i dteaghlach i ndeisceart na cathrach.

Roimhe sin bhí na blianta caite aici ag múinteoireacht i scoil do pháistí a mbíonn riachtanais speisialta acu.

‘Thosaigh mé mar mhúinteoir Montessori agus bhí mé ag múineadh sa scoil chéanna ar feadh na mblianta,’ dúirt sí. Agus í ag cuimhneamh siar air, ba léir go raibh gach rud i gceart sna chéad bhlianta.

‘Ach céard a tharla?’ arsa mise. ‘D’éirigh tú as post maith buan agus chuaigh tú ag obair mar fheighlí linbh?’ Bhí mé ag smaoineamh ar na difríochtaí sna coinníollacha oibre, an pá, an stádas agus mar sin de.

‘Ní fhéadfainn cur suas leis níos mó,’ dúirt sí. ‘Bhí mé ag teacht abhaile tar éis lá dian oibre, lán le strus, agus ní raibh aon am agam dom féin ná do mo chlann. Nuair a thosaigh mé, bhí rudaí i bhfad níb fhearr. Bhí múineadh níos fearr ar na páistí, bhí na tuismitheoirí ag plé go maith leo agus bhí an príomhoide a bhí agam sa scoil thar cionn ar fad. Tháinig dhá phríomhoide eile ina diaidh sin agus d’athraigh cúrsaí de réir a chéile.’

Bhí mé fiosrach, go háirithe faoi na tuismitheoirí. Cén t-athrú is mó a chonaic sí ag teacht orthusan in imeacht na mblianta? Smaoinigh sí ar feadh nóiméad nó dhó.

‘Bíonn tuismitheoirí ag iarraidh go réiteoidh an scoil chuile fhadhb dóibh,’ dúirt sí. ‘Tháinig lánúin chugam maidin amháin agus fillteán mór páipéar acu a fuair siad ón teiripeoir cainte. An mbeidh tusa in ann cúram a dhéanamh de seo?’ a d’fhiafraigh an mháthair díom.

‘Níl dóthain ama sa lá scoile go mbeinn in ann é sin a dhéanamh le páiste amháin,’ a mhínigh sí dóibh. Ní mó ná sásta a bhíodar leis an bhfreagra sin.

Ba léir di le himeacht ama go raibh na tuismitheoirí ag iarraidh níos mó agus níos mó ón scoil. Bhí páistí le riachtanais speisialta acu, ach ní raibh siad toilteanach an obair a bhí ag teastáil a chur isteach sa mbaile iad féin, dar léi.

Ba chuimhin léi tuismitheoirí a dúirt nach raibh fáil orthu, nuair a bhí páiste le cur abhaile. ‘Caithfidh sibh é a chur in áit éicint eile,’ a dúirt siad leis an scoil.

Ní hé nach raibh sí ag súil le fadhbanna áirithe agus í ag plé le riachtanais speisialta. Bhí dianstaidéar déanta aici ar an ábhar – bunchéim sa choláiste Montessori, staidéar iarchéime ina dhiaidh sin agus máistreacht san Oideachas aici ó Choláiste na Trionóide.

Thaitin an obair léi ag an tús ach de réir a chéile b’fhacthas di nach raibh tuiscint ag go leor de na tuismitheoirí ar an obair a bhí ar siúl acu sa scoil.

Nuair a ghlaofadh sí ar thuismitheoir le hinseacht dóibh go raibh fadhb ar leith acu le páiste leo, is é an freagra a gheobhadh sí go minic ná ‘Cad a rinne tú a spreag é chun é a sin a dhéanamh?’

Rud amháin a dúirt sí nár chuala mé trácht air cheana, ná go bhfuil i bhfad níos mó buachaillí le fadhbanna den chineál seo acu, ná mar atá cailíní.

Ar chúis amháin nó ar chúis eile, dúirt sí, bhí cúrsaí sa scoil ag dul in olcas. Caitheadh seile léi, fuair sí bagairtí fisiciúla – go sáfaí í mar shampla. Tríd is tríd, ba léir go raibh fadhbanna móra disciplíne ann – sa mbaile agus sa scoil.

Fós féin, bhí iontas orm go n-éireodh duine as post buan mar sin, le coinníollacha maithe oibre – saoire agus lá gearr agus mar sin de.

‘Cinnte, bhí na coinníollacha go maith – ar an gcéad amharc. Ach bhí mé spíonta amach. Bhí ualach mór struis ag baint leis agus ní raibh aon chúnamh ná tacaíocht le fáil agam.’

Bhí sí críochnaithe gach lá ag leathuair tar éis a dó, bhí laethanta saoire scoile aici agus pá maith. Sa bpost atá aici anois, oibríonn sí 50 uair sa tseachtain, níl aici ach ceithre seachtainí saoire sa mbliain, ach tá sí sona sásta.

‘Is tú an ‘nanaí’ is cáilithe sa tír,’ a dúirt mé léi.

Ghlac sí buíochas linn agus muid ag imeacht ar ár siúlóid maidine. Bhí an caife ólta againn agus bhí sé ag tarraingt ar cheathrú tar éis a hocht. Réitigh sí í féin le dhul ag obair – bhailigh sí a cuid giuirléidí agus amach léi chuig a carr.

Níl sé éasca dul ó thaobh amháin den chathair go dtí an taobh eile níos mó. Idir oibreacha bóthair, lánaí bus, bealaí rothaíochta agus tuilleadh, bheadh misneach ag an té a thiomáinfeadh as Fionnghlas agus ar ais chuile lá. Ach níl aon easpa misnigh ar an mbean sin.

Fág freagra ar '‘Ní fhéadfainn cur suas leis níos mó’ – múinteoir a d’éirigh as'

  • jpmorley0@gmail.com

    Tá na mílte eile múinteoirí ar an gcuma chéanna. Nach in é an chúis go bhfuil siad ag baint na speireacha dá chéile i dtreo an aerphoirt ‘dtí na tíortha teo agus tuarastal maith saor ó cháin.
    Agus coinníollacha oibre i bhfad níos fearr maille leis.
    Tusmitheoirí anseo ag síoréileamh go ndéanfá coda beaga díot féin timpeall ar ‘a ngearrcach’ féin, feidhmeannaigh factotem na Roinne ‘Oideachais’ ag iarraidh míle ‘fís’ (fiche) eile a chur siar ort domhnach is dálach, príomhoidí údarásacha ag éileamh ort i gcónaí chun dualgaisí iomadúla breise a leagadh ort féin agus tuairisciú/mion-anailísiú/lipéadú le déanamh ar gach uile dhailtín beo óir nach bhfuil fáil níos mó ar aon neach ‘normálta’, óg ná aosta, ar an saol seo anois…

  • Maire

    Taim ag muineadh ag leibheal na hiarbhunscoile le breis is 30 bliain : nior eirigh liom riamh an obair ar fad a bhi de dhith a chur i gcrich laistigh de la scoile oifigiuil 9-4 agus nior mhaith liom go gceapfadh aon leitheoir gur gnath rud e la gearr oibre a bheith ag muinteoiri sa la ata inniu ann.

    I measc na gcruraimi a bhionn ar mhuinteoiri ta: ranganna mora priomhshrutha a mhuineadh ina mbionn reimse leathan riachtanais/ pleanail/ ullmhuchan ranganna/ ceartuchain / measunuithe suimitheacha agus foirmitheacha a reiteach agus a chur i gcrich/ liaiseail le baill eile foirne/ imeachtai sheach-churaclam agus eile a phleanail, eagru agus a chur i gcrich/ feitheoireacht agus ionadaiocht / cruinnuithe rannoga abhar/ coinneail suas le lion ollmhor caipeisiocht chun a chruthu do chigiri go bhfuil obair eigin ar siul againn no chun cas dli a sheachaint/ deileail le scolairi a bhfuil deacrachtai acu le hiompraiocht etc/ forbairt ghairmiuil leanunach agus uasciliu etc.

    Cinnte freisin ta nios mo agus nios mo de na curaimi a bhiodh ag tuismitheoiri ag titim anois ar muinteoiri. Is feidir le roinnt tuismitheoiri a bheith ro-ghafa amanta le habharachas rud a fhagann gasuir le riachtanais gan an tacaiocht chui sa mbaile.

    Is rol casta agus dushlanach e rol an mhuinteora. Ta se deacair chuile dhuine a shasamh agus is feidir le tuismitheoiri le gasuir le riachtanais bhreise a bheith an-ghnothach go gairmiuil iad fein.

    Ta an t-adh ar na paisti ata anois faoi churam an mhuinteoir a luaite san alt seo a leitheidi a bheith ag tabhairt aire doibh!