Ó DHÚCHAS: Ní fhéadfadh na sióga cur suas leis a thuilleadh agus fuair sé ‘poc’ uathu

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. Cuid de liosanna na Mine Airde atá againn an tseachtain seo…

Ó DHÚCHAS: Ní fhéadfadh na sióga cur suas leis a thuilleadh agus fuair sé ‘poc’ uathu

Lios an Cheoil ar thalamh Thaidhg Uí Ghailleabháin sna Dúnta
Cuma chruinn uirthi agus bóna {bábhún}, claí mór cré, mórthimpeall uirthi. Deirtear go gcloistí ceol go minic sa tsean-aimsir sa lios seo. Tá droch-cháil uirthi agus bíonn eagla ar dhaoine dul in aice an leasa istoíche fós.

Tá seanduine, Mícheál Ó Cinnéide, feirmeoir, ina chónaí sa bhaile agus chuala sé na scéalta seo a leanas óna athair féin, atá caillte le 30 bliain, mar gheall ar an lios.

(a) Timpeall le céad bliain ó shin do chuir feirmeoir uain óga isteach sa lios mar fear santach dob ea é agus ní chaillfeadh sé an méid sin féir. Do bhain sé na sceacha sa lios agus chuir sa bhearna iad chun ná tiocfadh na huain amach. Maidin lá arna mhárach do thit an lug ar an lag air nuair ná raibh na huain le fáil sa lios ná na sceacha sa bhearna.

An bhliain ina dhiaidh san do phrioc an tsaint arís é. Bhí sé ag cur phrátaí i bpáirc an leasa agus do réab sé cuid den bhóna mórthimpeall. Ní fhéadfadh na sióga cur suas leis a thuilleadh. Fuair sé ‘poc’ uathu, thit sé as a sheasamh, agus d’fhan ann go dtí gur thóg na comharsana abhaile ar chomhla é. Cúig lá a mhair an fear bocht ina dhiaidh san.

(b) Bhí leanaí óga an bhaile ag súgradh dóibh féin aimsir aifrinn timpeall le ceithre fichid bliain ó shin. Chonaiceadar na mná uaisle agus iad gléasta go hálainn ag rince istigh sa lios. Do bhíodar ag glaoch ar na leanaí ach ní ligfeadh eagla dóibh dul fá dhéin an leasa. Dúirt na seandaoine gur mhaith an bhail orthu nár chuadar mar go gcoimeádfadh na daoine maithe ann iad.

2: Lios an Phoill: Tá an lios so timpeall le dhá chéad slat ar an taobh thoir de Lios an Cheoil. Tá uamhain nó bealach fá thalamh ag rith ó Lios an Cheoil go dtí Lios an Phoill. (“neóin” a ghlaoitear ar an mbealach fá thalamh). Tá poill dhoimhne ann – béal an uamhain, agus a chliatháin tógtha le clocha. Níl an lios seo chomh mór le Lios an Cheoil, ach tá an chuma agus an déanamh céanna air. Deirtear go bhfaca daoine an tine á caitheamh idir an dá lios uair fá mar a bheadh na daoine maithe ag troid lena chéile. (Ar thalamh Sheáin T. Uí Ghailleabháin atá an lios).

3: Lios an Aifrinn: Ar thalamh Thomáis Uí Bhrosnacháin ar na Dúnta, é ar bharr na faille. Tá cloch i bhfoirm croise ann, í clúdaithe le cré anois, agus de réir na seandaoine d’ofráiltí Aifreann sa lios seo in aimsir na bpéindlíthe.

4: Lios Ráth an Óir sa Mhin Aird Thiar ar thalamh Bhean P. Uí Shúilleabháin. Timpeall le leathmhíle soir ó dheas ó Lios an Cheoil. Cuma chruinn – an bóna tógtha le cré. É lán de sceacha agus raithneach. Deirtear go bhfuil ciste óir i bhfolach ann ach ní ligfeadh eagla d’éinne dul á lorg.
Bhí cailíní ag priocadh sméara dubha lá na blianta ó shin agus níor stad duine acu gur chuaigh sí isteach sa lios á gcnuasach. Tar éis teacht abhaile di buaileadh breoite í agus is ag dul in olcas a bhí sí in aghaidh an lae. Cuireadh fios ar an sagart agus is air a bhí an t-iontas nuair a chonaic sé seanbhean chaite liath sa leaba in ionad cailín óig. Tar éis an ola dhéanach do chur uirthi dúirt an ‘iarlais’, mar is iarlais a bhí ann, go gcuirfeadh sí abhaile an cailín óg a bhí sa lios.

Micheál Ó Cinnéide (72),
Na Dúnta,
Lios Póil,
Contae Chiarraí

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ní fhéadfadh na sióga cur suas leis a thuilleadh agus fuair sé ‘poc’ uathu'