Ní fhéadfadh Jennifer Lawrence féin ‘Red Sparrow’ a shábháil

Níl ‘Red Sparrow’ thar mholadh beirte agus murach an réalta chumasach ina lár istigh níorbh fhiú deich triuf é

Ní fhéadfadh Jennifer Lawrence féin ‘Red Sparrow’ a shábháil

Red Sparrow
Stiúrthóir: Francis Lawrence
Cliar: Jennifer Lawrence, Joel Edgerton, Matthias Schoenaerts, Charlotte Rampling, Mary-Louise Parker, Ciarán Hinds.

Tá Jennifer Lawrence ar dhuine de phiardaí móra aisteoireachta Hollywood le dorn blianta; gaisce nach beag, go mór mhór nuair a chuimhníonn tú nach mbeidh sí ach ocht mbliana is fiche mí Lúnasa seo chugainn. Maítear go bhfuil sí ar an aisteoir baineann is mó pá agus tá a cuid saothar tar éis $5.5 billiún a shaothrú ar fud an domhain. Níos tábhachtaí ná sin is aisteoir go smior í, ceardaí a bhfuil raidhse taispeántas cumasach tugtha uaithi aici. Tá ceithre ainmniúchán Oscar aici agus ceann amháin buaite aici (do Silver Linings Playbook), gaisce a dhein sí nuair nach raibh sí ach dhá bhliain is fiche. Go deimhin is í an t-aon aisteoir a rugadh sna nóchaidí a bhfuil deilbhín óir aici.

Mar sin is fiú sracfhéachaint a chaitheamh ar aon saothar dá cuid. Murach í is truflais amach is amach a bheadh i Red Sparrow, atá bunaithe ar an úrscéal den teideal céanna ó pheann Jason Matthews. Déantar iarracht chiotach macalla a bhaint as an eachtraíocht agus an t-uisce fé thalamh a bhain leis an gCogadh Fuar.

I dtosach an scannáin címid an rinceoir bailé Dominika Egorova (Lawrence) i mbarr a maitheasa agus cáile i Moscó an lae inniu. Baineann drochghortú di áfach, agus cuirtear a saol bailé de dhroim seoil agus cuirtear a saol baile, mar a bhfuil a máthair in easláinte, ina chíor thuathail. Léirítear a cruas agus a cruálacht nuair a bhaineann sí díoltas foréigneach amach ar lucht a gortaithe.

Seo chugainn an t-uncail sleamhain le tairiscint a dhul ag obair lena institiúid faisnéise. Ní fada go dtéann an bhean bhocht ón tine chun na gríosaí agus seoltar í chuig láthair sceirdiúil le go bhfaighidh sí ‘oiliúint’ ar cheird an ghníomhaire rúnda.

Cuirtear ina luí orthu go tíoránach ansiúd go mbeidh orthu gnéas, cúbláil agus cur i gcéill a úsáid le teacht ar an eolas atá uathu agus iad i mbun oibre. Tá cúpla radharc corraitheach anseo agus ní chúbann Lawrence uathu agus í iomlán nocht i gcuid acu. Léirítear Dominika mar bhean atá stobarnáilte teann aisti féin, in ainneoin na dtubaistí ar fad. Ar shlí, seo an chuid is fearr den scannán agus tosnaíonn rudaí ag imeacht ar bóiléagar ábhairín nuair a théann sí i mbun oibre. 

Tá uirthi aithne a chur ar ghníomhaire Meiriceánach (Edgerton) le heolas a bhaint as agus is ansan a thosnaíonn na castaí ar fad. Tar éis tamaill n’fheadairís an bhfuilir ag teacht nó ag imeacht agus fágtar sinn le scéal atá ag iarraidh a bheith róchliste ach atá ag cur thar a fhulaingt.

Níl an oiread sin eachtraíochta anseo is a shamhlófá óir gur comhraic aigneolaíocha atá againn den chuid is mó. Anois is arís, áfach, cuirtear radharcanna foréigin agus céasta os do chomhair a chuirfeadh iompú goile ort.

Ar an mórgóir scannán é seo nach raibh thar mholadh beirte agus murach an réalta chumasach ina lár istigh níorbh fhiú deich triuf é.

Fág freagra ar 'Ní fhéadfadh Jennifer Lawrence féin ‘Red Sparrow’ a shábháil'

  • Sam

    Ní scaoth breac.