‘Ní fhágfadh Mama muide. Tá a fhios ag duine éicint céard a tharla di’ – achainí faoi bhean Ghaeltachta a d’imigh gan tuairisc 32 bliain ó shin

Ar an gclár Prime Time ar RTÉ anocht rinneadh scagadh ar chás Bharbara Walsh as Carna agus d’impigh a clann ar aon duine a mbeadh eolas acu faoina himeacht an t-eolas sin a chur ar fáil

‘Ní fhágfadh Mama muide. Tá a fhios ag duine éicint céard a tharla di’ – achainí faoi bhean Ghaeltachta a d’imigh gan tuairisc 32 bliain ó shin

Catherine agus Jacqui, iníonacha le Barbara Walsh, i gCarna. Pictiúr: RTÉ

32 bliain i ndiaidh do Bharbara Walsh imeacht gan tásc ná tuairisc óna teach cónaithe i gConamara, tá achainí ó chroí déanta ag clann na mná Gaeltachta ar an bpobal aon eolas a bheadh acu faoi imeacht a máthar a chur ar fáil.

D’imigh Barbara Walsh, a raibh seachtar clainne uirthi, gan tásc gan tuairisc ó chóisir ina teach i gCarna i Meitheamh 1985 agus ní fhacthas ó shin í.

Ar an gclár Prime Time ar RTÉ d’inis iníon le Barbara, Jacqui, a bhí ceithre bliana déag ag an am, gurb í féin an duine deiridh a chonaic a máthair sa teach oíche an 22 Meitheamh 1985.

“Dhúisigh mé agus chuaigh mé síos go dtí an chistineach. Bhí Mama ina codladh ar an tolg. Thriail mé í a dhúiseacht féachaint an ngabhfadh sí siar a chodladh. Agus níor dhúisigh sí agus chuir mé piliúr faoina cloigeann agus pluid os a cionn. Nuair a d’éirigh mé ar maidin, bhí sí imithe.”

Dúirt Jacqui Walsh gur chreid sí go raibh eolas go fóill i gCarna faoi chás a máthar, nár facthas í ó bhí sí 34 bliain d’aois.

“Creidim go bhfuil daoine fós beo a bhfuil eolas díreach acu faoi céard a tharla dár máthair,” a dúirt sí.

An Cigire Mick Coppinger

Dúirt iníon eile le Barbara, Catherine, ar Prime Time na hoíche anocht nach raibh sé ródheireanach eolas a chur ar fáil faoi chás a máthar.

“Ní fhágfadh Mama muide, seachtar gasúr, ná baol uirthi. Bean bhródúil agus máthair mhaith a bhí inti. Agus tá mé cinnte go bhfuil a fhios ag duine éicint céard a tharla. Níl sé ródheireanach do dhuine éicint rud éicint a rá. Ní bhíonn sé riamh ródheireanach,” a dúirt Catherine.

Tá fiosrúchán na nGardaí faoin gcás fós ar siúl ó cuireadh ar bun arís é dhá bhliain ó shin agus dúirt an Cigire Mick Coppinger le Prime Time gur i gCarna féin atá fios fátha an scéil seo le fáil.

“Tá clann Bharbara fós ag fanacht go dtiocfaidh a máthair abhaile. Chuaigh an saol ar aghaidh do dhaoine. Ach ní féidir leosan bogadh ar aghaidh, tá a máthair uathu. Tá a máthair ag teastáil ar ais uathu, teastaíonn go mbeadh a fhios acu céard a tharla dá máthair,” a dúirt an Cigire Mick Coppinger.

Bhí seachtar clainne ag Barbara Walsh, nó Bairbre Bhreathnach, agus a fear céile agus bhí cónaí orthu i Roisín na Mainiach atá thart ar cheithre chiliméadar ó Charna. Bhí cóisir ina dteach acu ar an 22 Meitheamh i 1985 ag a raibh cairde agus daoine muinteartha léi.

I measc na ndaoine a bhí i láthair ag an gcóisir an oíche sin bhí beirt Ghardaí. 

Ar an 29 Meitheamh 1985, cuireadh fios ar na Gardaí ag rá go raibh Barbara Walsh ar iarraidh agus níor tugadh mórán aird ar an scéal sna meáin go ceann roinnt míonna ina dhiaidh sin toisc go raibh scéal amuigh go bhfillfeadh sí ar an mbaile.

Cailleadh MacDara Walsh, fear céile Bharbara, a thóg a gclann in a dhiaidh sin, in 2007.

Ní raibh aon toradh críochnúil ar an bhfiosrúchán sin 32 bliain ó shin. Cuireadh tús athuair leis an bhfiosrúchán samhradh na bliana 2015 agus ceistíodh muintir na háite agus na daoine a bhí ag an gcóisir sa teach.

Dúradh gur tháinig ‘eolas suntasach’ chun cinn sa chás i mí Lúnasa 2015 agus dheimhnigh an tArd-Cheannfort Tom Curley don Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur aimsíodh eolas nua i dtaobh an cháis an uair sin.

Bhí aonad fothoinn an Gharda Síochána ag tumadóireacht mí na Samhna seo caite gar do Roisín na Mainiach i gCarna i gConamara mar chuid den fhiosrúchán.

Tá na Gardaí tar éis 112 gné éagsúil den chás a fhiosrú ó cuireadh tús leis an bhfiosrúchán athuair i mí Eanáir na bliana 2015 agus cuireadh beagnach 60 duine faoi agallamh.

D’iarr an Garda Síochána ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu i dtaobh chás Bharbara Walsh dul i dteagmháil leo ag stáisiún an Chlocháin nó ar líne rúnda 1800 666 111.

Fág freagra ar '‘Ní fhágfadh Mama muide. Tá a fhios ag duine éicint céard a tharla di’ – achainí faoi bhean Ghaeltachta a d’imigh gan tuairisc 32 bliain ó shin'