‘Ní fhaca mé lá bocht ó thaobh cainte, ceoil agus comhluadair’  – an craoltóir Jeaicí Mac Gearailt éirithe as a phost le RnaG

Ba sa bhliain 1988 a thosaigh Mac Gearailt, ón mBóthar Buí i gCorca Dhuibhne, ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall

‘Ní fhaca mé lá bocht ó thaobh cainte, ceoil agus comhluadair’  – an craoltóir Jeaicí Mac Gearailt éirithe as a phost le RnaG

D’fhág an craoltóir aitheanta Jeaicí Mac Gearailt slán ag éisteoirí Raidió na Gaeltachta inniu agus é ag éirí as a phost tar éis breis agus 30 bliain.

Ba sa bhliain 1988 a thosaigh Mac Gearailt, ón Bhóthar Buí i gCorca Dhuibhne, ag obair leis an raidió i mBaile na nGall.

Is i rannóg na nuachta a bhí sé ag obair le breis agus scór bliain. Bhí suim ar leith aige a bheith ag tuairisciú aimsir thoghcháin agus ag cruinnithe de chuid na comhairle áitiúla.

Bhí suim mhór ag Mac Gearailt i gcúrsaí spóirt chomh maith agus chaith sé roinnt blianta roimhe sin ina thuairisceoir spóirt.

Peileadóir cumasach ab ea Mac Gearailt ina óige agus bhí sé ina chaptaen ar fhoireann caide na Gaeltachta a thug leo Comórtas Peile na Gaeltachta sa Daingean sa bhliain 1978.

Dúirt sé go raibh an clár a rinne sé faoi laoch mór na peile i gCiarraí, Mick O’Connell ag tús na mílaoise ar cheann de bhuaicphointí a shaoil oibre.   

“Bhí sé ar nós Messi domsa, agus ní dhearúdfaidh mé go deo é.  Ní mór na hagallaimh a dhein Mick, agus bhí an t-ádh liom go bhfuaireas deis labhairt leis.”

Foireann Bhaile na nGall: Jeaicí Mac Gearailt, Dara Ó Cinnéide, Eibhlín Mhic Gearailt, Pádraig Ó Sé, Eilín Ní Chearna, Áine Uí Laoithe sa bhliain 2012 (Pictiúr: RnaG)

Ag trácht dó ar an 30 bliain a chaith sé sa raidió, dúirt Mac Gearailt go raibh an stáisiún Gaeilge “i gcroílár” a shaoil agus go raibh sé “go mór faoi chomaoin” acu siúd a thug an deis dó an chéad lá.

“Sé mo choileach a ghlaoigh ach a bhfuaireas deis ábhar oibre a dhéanamh gan choinne le RTÉ Raidió na Gaeltachta fadó fadó.  N’fhaca lá bocht ó shin ó thaobh cainte, comhrá agus ceoil, comhluadar agus cuileachta dó.

“Táim go mór fé chomaoin acu siúd a thug an deis dom an chéad lá, agus a chonaic nó a d’aithin rud éigin ionam ná raibh a fhios agam a bhí ann nó a bhí i bhfad isteach ionam, b’fhéidir …

“Tá súil agam gur féidir leo seo a rá inniu go bhfuaireadar luach a gcuid airgid… Domsa, sé Raidió na Gaeltachta croílár mo shaoil, gura fada buan é agus iad siúd ar fad a bhí, atá agus a bheidh bainteach leis go deo,” a dúirt Jeaicí Mac Gearailt. 

Fág freagra ar '‘Ní fhaca mé lá bocht ó thaobh cainte, ceoil agus comhluadair’  – an craoltóir Jeaicí Mac Gearailt éirithe as a phost le RnaG'