‘Ní fhaca mé Brian Cody á dhéanamh sin riamh cheana’ – Michael Rice

Roimh chluiche ceannais na hÉireann idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann, labhair Tuairisc.ie le hiarimreoir na gCat, Michael Rice, faoina bhfuil déanta ag Brian Cody chun athbheochan a dhéanamh ar an bhfoireann

‘Ní fhaca mé Brian Cody á dhéanamh sin riamh cheana’  – Michael Rice

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Chaith Michael Rice breis agus deich mbliana ag imirt d’iománaithe Chill Chainnigh sular éirigh sé as an imirt i ndeireadh na bliana 2015. Ar ndóigh, ba é Brian Cody a bhí mar bhainisteoir aige i gcaitheamh na mblianta sin agus is beag imreoir eile sa tír a bhfuil an oiread taithí aige ar stíl agus ar nósanna Cody.

Is mar gheall ar an taithí sin go raibh iontas ar Rice nuair a chonaic sé foireann Cill Chainnigh ag réiteach díreach roimh chluiche ceathrú ceannais na hÉireann i gcoinne Chorcaí an mhí seo caite.

Agus an cluiche ar tí tosú, bhailigh Cody na himreoirí le chéile agus labhair sé leo ar an bpáirc os comhair Ardáin Uí Ógáin. Píosa cainte amháin eile sula ndeachaigh siad i mbun catha.

Tá sé sin déanta ag go leor bainisteoirí eile ach chuir Rice suntas ann mar is rud é nach bhfaca sé Cody a dhéanamh riamh roimhe seo. Cinnte ní bhíodh sé á dhéanamh nuair a bhí Cill Chainnigh i mbarr a réime, ach is léir gur cheap an bainisteoir go raibh rud éigin breise ag teastáil an lá sin in aghaidh Chorcaí.

“Ní fhaca mé é á dhéanamh sin riamh cheana,” a deir Rice. “Níl ’fhios agam céard a dúirt sé leo ach léirigh sé domsa gur chreid sé go gcaithfeadh sé rud éigin difriúil, rud éigin inspioráideach a rá leis na himreoirí.”

Ní raibh ag éirí rómhaith le Cill Chainnigh roimh an gcluiche ceathrú ceannais sin. Díbríodh iad ó Roinn 1A na sraithe i rith an earraigh agus cé gur éirigh beagáinín níos fearr leo i gcraobh Laighean, buaileadh iad i bPáirc Uí Nualláin sa chraobh den chéad uair ó 1949 nuair a bhuaigh Gaillimh orthu agus chliseadar i gcluiche ceannais an chúige i gcoinne Loch Garman.

Dá gcaillfidís an cluiche ceathrú ceannais sin in aghaidh Chorcaí, bheadh teipthe ar Chill Chainnigh babhta leathcheannais na hÉireann a bhaint amach den dara bliain as a chéile, rud nár tharla cheana sa 20 bliain atá caite ag Cody i gceannas.

Michael Rice ag imirt do Chill Chainnigh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ar an dea-uair do Cody agus don chontae, spreagadh na himreoirí agus chuir siad Corcaigh de dhroim seoil le taispeántas a léirigh cuid de na tréithe is mó a luaitear le foirne Cody – neart, diongbháilteacht agus díograis. Dar le Rice gur athraigh rudaí i ndiaidh an chluiche sin agus roghnaíonn sé amach triúr ar dóigh leis moladh ar leith a bheith ag dul dóibh.

“Sheas Huw Lawlor amach sa dara leath go háirithe. Tháinig Conor Browne isteach i lár na páirce agus rinne sé sárjab. Chonaic muid taispeántas iontach eile ó Adrian Mullen chomh maith,” a deir sé.

“Ní raibh an triúr sin fiú ag imirt i rith na sraithe agus tá sé dochreidte cé chomh maith agus a rinne siad. I mo thuairimse, tá na himreoirí atá blianta fada ansin ag imirt níos fearr anois dá mbarr. Feiceann siad Conor, Adrian, Huw agus a leithéidí ag tabhairt taispeántais den chéad scoth uathu agus níl an brú céanna ar Phádraig Walsh nó ar TJ gach rud a dhéanamh.”

Tá sé tábhachtach go mbeadh an triúr i mbarr a maitheasa arís don chluiche ceannais ach luaigh Rice go sonrach an dúshlán a bheidh roimh Lawlor Dé Domhnaigh. Tá an lánchúlaí óg tar éis aghaidh a thabhairt ar chuid de na lántosaithe is fearr sa tír i mbliana – Aaron Gillane, Patrick Horgan agus John Conlon – ach sárimreoir eile a bheidh roimhe sa chluiche ceannais.

Deir Rice go gcaithfidh Cill Chainnigh ceacht a fhoghlaim ón slad a rinne Séamus Callanan orthu i gcluiche ceannais 2016, nuair a d’aimsigh sé 13 pointe, naoi gcinn acu sin ón imirt.

“In 2016, bhí Joey Holden mar lánchúlaí againn. Ní bhfuair sé aon chúnamh an lá sin. Bhí daichead slat spáis os a chomhar i gcónaí agus bhí sé ag marcáil Shéamus Callanan, duine de na lántosaithe is fearr riamh b’fhéidir. Caithfidh Cill Chainnigh a bheith cúramach faoi sin arís ar an Domhnach. Má fhágann siad an spás céanna sin os comhar na líne lánchúil, tá seans ann go dtarlóidh an rud céanna.”

Deir Rice nach mbeidh Lawlor in ann Callanan a stopadh as féin agus go gcaithfidh an fhoireann uile teacht i gcabhair air chun stop a chur le fear Thiobraid Árann, a bhfuil cúl aimsithe aige i ngach cluiche craoibhe go dtí seo in 2019.

“Bíonn lánchúlaí ag brath ar an líne leatosach oibriú go crua agus na pasanna isteach i dtreo an chúil a stopadh, nó ar a laghad moill a chur orthu. Má éiríonn leat é sin a dhéanamh, tá deis i bhfad níos fearr agat cluiche a bhuachan.”

Cé nach bhfuil sé ach trí bliana ó d’imir Cill Chainnigh i gcluiche ceannais na hÉireann, beidh suas le seisear den fhoireann a chuirfidh siad chun páirce ag imirt i gcluiche ceannais sinsir den chéad uair agus deir Rice go gcaithfear aitheantas a thabhairt do Cody as an athnuachan sin a dhéanamh.

“Chuir sé na himreoirí óga ar an bhfoireann agus thug sé muinín dóibh ach ní bheidh sé sásta mura n-éiríonn leo an cluiche a bhuachan Dé Domhnaigh.”

Fág freagra ar '‘Ní fhaca mé Brian Cody á dhéanamh sin riamh cheana’ – Michael Rice'