Ní féidir le Gilroy olann a bhaint de ghabhar

Tá tús á chur an deireadh seachtaine seo le craobhchomórtas iomána 2018

Ní féidir le Gilroy olann a bhaint de ghabhar

Pat gilroy agus Anthony Cunningham. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan

Níl ach bonn amháin ag teastáil ó aon iománaí idirchontae atá ag imirt ag an leibhéal sinsir agus sin bonn uile-Éireann. Is maith le himreoirí a imríonn spórt iomaíoch cluichí, gradaim, coirn agus boinn a bhuachtaint ach don iománaí sinsir idirchontae níl ach ceann amháin atá fíorthábhachtach agus riachtanach. Faraor ní éiríonn le formhór na n-imreoirí ceann de na boinn sin a fháil.

Bhí na cluichí sraithe i mbliana an-iomaíoch agus imreoirí ag iarraidh a chruthú don lucht bainistíochta go raibh siad maith go leor don phainéal craoibhe. B’in an sprioc a bhí acu. Is fíor go raibh na foirne go léir i Roinn 1A ag déanamh a seacht ndícheall fanacht sa phríomhroinn agus na foirne is fearr i Roinn a 2 ag iarraidh ardú céime a bhaint amach, ach mar sin féin i gcúl a chinn bhí gach imreoir agus bainisteoir ag cuimhneamh ar an bpríomhsprioc – an chraobh. Bíonn súil agus aigne gach bainisteora dírithe i gcónaí ar chluichí an tsamhraidh.

Le tamall de bhlianta bhí ‘dhá fheachtas craoibhe’ againn, ceann a chríochnaigh ag tosach mhí Iúil agus ceann eile a thosnaigh taca an ama chéanna. Bhí an chéad cheann tábhachtach ach bhí an dara ceann i bhfad níos tábhachtaí. Ba chuma faoi pé rud a tharla sna comórtais chraoibhe sna cúigí mar bhí tús úrnua ag gach aon fhoireann ina ndiaidh agus an duais is mó, Corn Liam Mhic Cárthaigh, fós ar fáil.

I mbliana tá athrú mór. I mbliana beidh an séasúr thart do cheithre chontae i lár mhí an Mheithimh agus ní bheidh ach ceithre chontae fágtha ina seasamh faoin am a dtiocfaidh Lá San Svaítín, an 15 Iúil.  

Cuirfear tús leis an spraoi anocht agus an Ghaillimh agus Uíbh Fhailí ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Tá an Ghaillimh fós mar rogha na n-údar don chraobh ag na geallghlacadóirí cé nach rabhadar iontach sna cluichí sraithe. Bhí sé soiléir sa chluiche deireanach i Roinn 1B i gcoinne Luimnigh go raibh an ghaoth imithe as a seolta sa dara leath.

Ba léir go raibh tamall maith eile diantraenála le déanamh acu agus is dócha go bhfuil sé sin déanta acu ag an bpointe seo.

Chuir Uíbh Fhailí tús maith leis an tsraith i gcoinne Átha Cliath ach chuir Luimneach deireadh tobann lena gcuid taibhrimh sa chéad chluiche agus beagnach sé chúl de bhearna eatarthu ag deireadh na himeartha. Mar sin féin, thug Uíbh Fhailí taispeántas maith uathu sa chluiche ceathrú ceannais i gcoinne Chill Chainnigh, cluiche a bhuaigh na Cait le farasbarr dhá chúilín. Tabharfaidh an taispeántas sin spreagadh dóibh roimh chluiche na hoíche anocht, ach is dócha go mbeidh an Ghaillimh róláidir dóibh.

Amárach beidh seaimpíní na sraithe Cill Chainnigh ag taisteal go Páirc Parnell agus Áth Cliath ansin rompu.

Measaim go raibh lucht tacaíochta Átha Cliath ag súil go n-imreodh an bainisteoir Pat Gilroy draíocht éigin ar  an bhfoireann, rud nach go bhfuil déanta fós aige. Tá siad ag súil i gcónaí le taispeántas foirfe críochnúil, ach b’fhéidir nach bhfuil a dhóthain imreoirí ar ardchaighdeán sa chontae atá sásta tabhairt faoin iomáint shinsir idirchontae. Ní féidir le Gilroy olann a bhaint de ghabhar.

Ba bhreá leis na céadta iománaí maith a bheith ag imirt le Cill Chainnigh atá lán de mhuinín arís.

Is deacair cás a dhéanamh do Bhaile Átha Cliath seachas a rá gur buntáiste dóibh go bhfuil siad ag imirt sa bhaile.

Fág freagra ar 'Ní féidir le Gilroy olann a bhaint de ghabhar'