Ní féidir glacadh le haon mhoill eile ar reachtaíocht na Gaeilge – Mary Lou McDonald

Deir ceannaire Shinn Féin nach n-aontaíonn sí in aon chor le caint Arlene Foster faoin reachtaíocht teanga a chur ar athlá go dtí  i ndiaidh an chéad toghcháin eile 

Ní féidir glacadh le haon mhoill eile ar reachtaíocht na Gaeilge – Mary Lou McDonald

Tá sé ráite ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald nach bhféadfar aon mhoill eile a chur ar reachtaíocht na Gaeilge don Tuaisceart. 

Ráiteas Arlene Foster an tseachtain seo caite go gcaithfí a bheith “réalaíoch” ó thaobh amscála thabhairt isteach na mbeartas teanga a tharraing caint cheannaire Shinn Féin. 

Dúirt McDonald nach n-aontódh sí féin in aon chor leis an reachtaíocht a chur ar athlá go dtí  i ndiaidh an chéad toghcháin eile. 

“Ní aontóidh mé leis sin, gheallamar an reachtaíocht teanga  agus caithfear í a chur ar fáil,” a dúirt sí ag preasócáid in Stormont.

Dúirt ceannaire Shinn Fein go mbeadh sí ag plé an cháis leis an DUP go luath. 

“Gealladh go gcuirfí an pacáiste teanga sin, an pacáiste reachtaíochta, chun cinn go gasta agus go gcuirfí i bhfeidhm gan mhoill é ach a mbeadh an Feidhmeannas athbhunaithe. 

“Chuir an Covid-19 moill air sin agus tuigim go raibh moill réasúnta sa chás sin agus tá an t-am sin caite le fada. 

“Caithfear an reachtaíocht teanga seo a chur ar aghaidh agus caithfimid í a fheiceáil i Leabhar na Reachtaíochta.”

Dúirt Arlene Foster ag Coiste de chuid Stormont an tseachtain seo caite go raibh a roinn faoi bhrú mór ag cúrsaí a bhaineann le Covid-19 agus gur chuir sé sin as do chur i bhfeidhm na ngealltanas a tugadh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua.

Dúirt sí go gcaithfí díriú go príomha ar an ngéarchéim sláinte agus ar an téarnamh eacnamaíochta. Nuair a ceistíodh í faoin reachtaíocht Ghaeilge dúirt sí go gcaithfí a bheith réalaíoch.

Fág freagra ar 'Ní féidir glacadh le haon mhoill eile ar reachtaíocht na Gaeilge – Mary Lou McDonald'