Ní féidir gan cuimhneamh ar an gcailín beag i mbaclainn a máthar agus an chathair trí thine

Tá na tithe stairiúla ag imeacht as amharc agus na scéalta ag dul in éag leo. Ná ligimis i ndearmad iad…

Ní féidir gan cuimhneamh ar an gcailín beag i mbaclainn a máthar agus an chathair trí thine

Bhí go leor cainte le gairid faoi leagan theach an Rathallaigh i mBaile Átha Cliath. Is é an scéal is déanaí, go bhfuil an Chomhairle anois ag iarraidh ar an dream a leag an teach é a atógáil díreach mar a bhí.

Rinneadar amhlaidh cúpla bliain ó shin, nuair a leag forbróir garáiste a tógadh sa stíl ailtireachta art deco – chuireadar iallach ar an tógálaí an foirgneamh a thógáil arís ó bhonn – agus sa stíl chéanna.

Chuirfeadh sé iontas ort an méid tithe thart sa gceantar seo- An Charraig Dhubh/Dún Laoghaire  a bhfuil ceangal acu le daoine nó le heachtraí stairiúla.

Gar go maith dom tá teach a raibh cónaí ar James Joyce agus a mhuintir ann uair amháin. Tá cara liom ina cónaí i dteach eile a bhfuil a cheangal le Joyce á chomóradh ar leac ag an doras.

Aon uair a leagtar teach mór thart sna bólaí seo, tógtar líon mór árasán agus tithe galánta ar an láthair. Is minic go mbíodh cúpla acra talún ag dul leis na  seantithe sin.

Ach thug mé suntas don méid a dúirt Manchán Magan faoi theach Uí Rathallaigh – garuncail leis. Ba chosúil go raibh cónaí ar Ua Rathaille i roinnt mhaith tithe thart ar Bhaile Átha Cliath agus ní raibh sé ach sé bliana sa teach áirithe seo. Dúirt Manchán nach raibh aon rud suntasach ag baint leis an ailtireacht – ba cuid de shraith tithe é uair amháin ach tá na tithe eile imithe le tamall anois.

Agus James Joyce – fear siúlach go maith a bhí ann. Tá idir 18 agus 20 teach thart ar an gcathair a raibh baint acu tráth leis an scríbhneoir cáiliúil.

Thug an eachtra faoin teach siar ar bhóithre na smaointe mé. Bhí sórt leathchuimhne agam gur díoladh seanteach gar go maith dhom – ar Bhóthar Pháirc an Bhaile Nua, ach nár chuala mé go ndearnadh tada leis ó shin. Tá fógra an cheantálaí imithe agus an áit fágtha faoi na fiailí.

Chuaigh mé féin ann de shiúl na gcos – tá séasúr eile den tsiúlóid chathrach tosaithe arís, faraor. ‘Abilene’ an t-ainm atá ar an teach, a bhfuil beagnach trí acra talún leis. Agus ba é Rialtas na hÉireann a cheannaigh é cúpla bliain ó shin – faoi scáth na Roinne Oideachais.

Ba chuimhin liom go raibh bean ina cónaí ann go dtí go raibh sí amach sna blianta – Dorothea Findlater ab ainm di. Bhí baint aici leis an gcomhlacht mór fíona, Findlaters.

Agus cé nach féidir a rá go cinnte go raibh an teach féin stairiúil, bhí baint ag clann Dorothea le heachtraí stairiúla na tíre seo.

Agus í gar do 108 bliain d’aois, bhásaigh sí in 2018. Ag an am sin, bhí sí ar an duine deireanach sa tír a bhí fós ina beatha agus a raibh cuimhne aici ar Éirí Amach 1916.

Ag an am, agus í ina cailín beag, thug a máthair suas ar chnocán í ar Churrach Chill Dara, go bhfeicfidís lasracha Bhaile Átha Cliath agus an chathair trí thine.

Ach bhí ceangal ní ba láidre ná sin aici leis an Éirí Amach. Ba é athair Dorothea, an Captaen Henry de Courcy-Wheeler, an t-oifigeach a ceapadh ina Chaptaen Foirne ag an nGinearál Lowe, ceannasaí Arm na Breataine le linn an Éirí Amach.

Ghlac an Ginearál Lowe leis an ngéilleadh oifigiúil ó cheannairí an Éirí Amach, Pádraig Mac Piarais ina measc.

Ceaptar go mb’fhéidir gurb é athair Dorothea, an Captaen de Courcy-Wheeler,  a ghlac an pictiúr cáiliúil den ghéilleadh – Mac Piarais agus an t-altra Elizabeth O’Farrell, toisc gur thaitin leis a bheith ag glacadh pictiúr.

Nuair a phós Dorothea de Courcy-Wheeler isteach sna Findlaters, ba é a fear céile a cheannaigh an teach ‘Abilene,’ os cionn 70 bliain ó shin.

Agus cé go ndéarfaí go raibh an chlann ar an ‘taobh eile’ san Éirí Amach, i 1949  thug athair Dorothea, an Captaen de Courcy-Wheeler, ar láimh don Stát, na gunnaí láimhe a thóg sé ó Cheannairí an Éirí Amach, an Chuntaois Markievicz ina measc. Bhí an Chuntaois ina col ceathrar ag máthair Dorothea.

Agus é á mbronnadh sin ar an Uachtarán Seán T Ó Ceallaigh,  dúirt sé go raibh an post céanna ag an mbeirt acu ar dhá thaobh éagsúla i 1916 – bhí Ó Ceallaigh ina chaptaen foirne ag Pádraig Mac Piarais.

Go deimhin, bhí sé an-chairdiúil le Seán T Ó Ceallaigh agus Éamon de Valera nuair a tháinig siadsan i gcumhacht.

Bhí ball eile den teaghlach, ar thaobh na Findlaters, in arm na Breataine – fear a bhí pósta le haintín leis an gclann. Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, cuireadh a bpáistí go Baile Átha Cliath ar mhaithe lena sábháilteacht – i ngan fhios don athair, a bhí san arm.

Ach i 1916, gan choinne, cuireadh eisean go Baile Átha Cliath in éineacht lena reisimint, na Sherwood Foresters. Tugadh i dtír iad le linn an Éirí Amach i nDún Laoghaire agus rinneadar a mbealach de shiúl na gcos go dtí an chathair.

Ag dul tríd an gCarraig Dhubh dóibh, nár thug sé faoi deara a chuid páistí féin ar thaobh na sráide ag fáiltiú roimh an arm. Rith sé anonn chucu agus thug barróg dóibh, agus áthas mór air.

Choinnigh an t-oifigeach air ag déanamh ar láthair an chatha, ach mar atá a fhios ag an saol mór anois, tharla luíochán mór ag Bóthar Northumberland/Droichead Shráid Mount agus bhí seisean i measc na marbh.

Go dtí lá a báis, ba chuimhin le Dorothea an oíche sin ar thaispeáin a máthair na lasracha di.

Ba chuimhin lena hathair í freisin. Bhí sé i gcuideachta an altra Elizabeth O’Farrell ar feadh roinnt laethanta agus an géilleadh oifigiúil ar bun. Rinne an Ceannasaí Lowe cás speisialta di agus gheall sé di nach gcuirfí i bpríosún í. Bhí sí thar a bheith cróga ag siúl isteach is amach as Ceannáras na Réabhlóide ag bailiú síniú na gceannairí agus an chogaíocht ar siúl. Ní raibh de bhratach bhán aici ach sean-naprún bán.

Ba bheag nár tugadh go Sasana í leis na príosúnaigh eile, nuair a tháinig an Captaen de Courcy-Wheeler uirthi  agus scaoil sé amach í.

Anois, an bhfuil aon cheangal díreach ag na scéalta sin ar fad leis an teach ‘Abilene’?

B’fhéidir nach bhfuil.

Ach ag siúl thar an teach dom,  ní féidir gan a bheith ag cuimhneamh ar an gcailín beag i mbaclainn a máthar, agus an chathair trí thine, ag féachaint ar na lasracha ag éirí chun na spéire.

Fág freagra ar 'Ní féidir gan cuimhneamh ar an gcailín beag i mbaclainn a máthar agus an chathair trí thine'

  • JOHN MODONOGHUE

    An-scéal a Mhairéad. Cheapas féin gur cathair an ghallda a bhí i mBaile Átha Cliath roimh an t-éirí amach ach sábháil an bPiarsach clú na cathrach.