Ní féidir clárú i nGaeilge don Chárta Seirbhísí Poiblí nua de dheasca ‘fabht teicniúil’

Deir an Roinn Coimirce Sóisialaí go bhfuil siad tiomanta gach seirbhís dá gcuid a chur ar fáil i nGaeilge agus go ndéanfar an scéal a leigheas ‘a luaithe agus is féidir’

Ní féidir clárú i nGaeilge don Chárta Seirbhísí Poiblí nua de dheasca ‘fabht teicniúil’

Ní féidir clárú i nGaeilge ar líne chun an Cárta Seirbhísí Poiblí nua a fháil.

Is leis an uirlis MyGovId, a dhéantar clárú chun an Cárta nua a fháil.

Treoraítear úsáideoirí an tsuímh Welfare.ie atá ag iarraidh an cárta  nua a fháil chuig foshuíomh darb ainm MyWelfare.ie le coinne a dhéanamh.

Cé go bhfuil an suíomh agus an foshuíomh ar fáil i nGaeilge, caithfear clárú leis an suíomh tríd an uirlis MyGovId, nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil de.

Thug urlabhraí de chuid na Roinne le fios do Tuairisc.ie gur “fabht teicniúil” atá ann agus go bhfuiltear ag súil lena réiteach “a luaithe agus is féidir”.

“Tá an Roinn go huile is go hiomlán tiomanta gach seirbhís dá cuid, MyWelfare.ie san áireamh, a chur ar fáil i nGaeilge,” a dúirt an t-urlabhraí.

D’fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, le deireanas go mbeadh cárta seirbhíse poiblí ag teastáil ó dhuine ar bith a dteastaíonn pas nua uathu.

Tá ceist na gcártaí i mbéal an phobail le tamall anuas mar gheall ar scéalta sna meáin faoi sheirbhísí poiblí a bheith á séanadh ar dhaoine nach bhfuil an cárta acu.

Tá imní curtha in iúl ag an gComhairle um Chearta an Duine faoin mí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as na cártaí agus tá roinnt dlíodóirí a bhfuil saineolas ar chearta an duine acu buartha gur “cárta aitheantais náisiúnta” atá á thabhairt isteach ag an Roinn i ngan fhios don phobal.

Ní gá do shaoránaigh na hÉireann cárta seirbhíse poiblí a bheith acu de réir dlí, ach is gá ceann a bheith ag iarrthóirí ar sheirbhísí leasa shóisialaigh ón Roinn Coimirce Sóisialaí

Fág freagra ar 'Ní féidir clárú i nGaeilge don Chárta Seirbhísí Poiblí nua de dheasca ‘fabht teicniúil’'

  • Éadóchasach

    Tá gach a bhfuil léite agam fésna cártaí beaga so go hiomlán scanrúil: Cártaí aitheantais nua uainn anois chun pas a athnuachan? Cártaí le sonraí pearsanta tábhachtacha agus na sonraí sin lonnaithe sna Stáit Aontaithe, i stát nach dtugann do shaoránaigh dá chuid na cosaintí maidir le sonraí pearsanta a bhfuil againn anso san Eoraip? Cártaí atá ‘mandatory’ cé nach bhfuilid ‘compulsory’? A leithéid de sheafóid! Is mór an trua ná fuil Gaelainn amháin á labhairt ag polaiteoirí na tíre seo. Nílim ag rá go mbeidís níos fearr ná níos macánta dá bharr, ach, ar a laghad, bheadh sé orthu éirí as an mínínteacht agus labhairt go soiléir: Tá na cártaí éigeantach; is iad na rud nach bhfuilid ná riachtanach ná ceart!

  • Breathnóir

    ´Fabht teicniúil´ mar dhea. Iontas na n-iontas…
    Aontaím go bhfuil sé scanrúil cinnte an dóigh inar tugadh na cártaí seo isteach gan plé ceart a bheith ann, leoga gan plé ar bith a bheith ann. Agus go bhfios dom níor tugadh freagra go fóill ar an cheist cad é a bheidh le déanamh ag daoine atá sna 6 Chontae nó atá ina gcónaí thar lear le pas a fháil nó a athnuachan má leantar ar aghaidh leis an gcárta éigeantach/neamhéigeantach seo.

  • Mánus

    Agus má théann tú isteach i gcarcair chorparáideach Kafkaesque INTREO (eite den roinn leasa shóisialaigh) chun an cárta a fháil beidh sé deacair nó dodhéanta seirbhís a fháil i nGaeilge nuar atá do ghrianghraf don chárta á thógaint agus an cárta á phróiseáil duit. Níl foirmeacha INTREO go léir ar fáil i nGaeilge freisin. Straitéis 20 bhliain….den Neamhní.

  • j4Iu9vRUXVL www.yandex.ru

    j4Iu9vRUXVL http://www.yandex.ru