Ní féidir ciall chinnte a bhaint as focal dá ndeir airí sinsearacha rialtas na Breataine

Ní i mBéal Feirste ach i Londain atá an éiginnteacht is mó faoi thodhchaí pholaitiúil an Tuaiscirt

Ní féidir ciall chinnte a bhaint as focal dá ndeir airí sinsearacha rialtas na Breataine

Léiríodh arís eile le cúpla lá anuas nach féidir ciall chinnte ná brí bhuan a bhaint as focal dá ndeir airí sinsearacha i rialtas na Breataine.

Baineadh cambhrí ar feadh tamaill as freagra a thug Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis ar cheist faoin bPrótacal a cuireadh air le linn agallamh teilifíse Dé Céadaoin. Shéan sé gur thug rialtas na Breataine le fios go mbeadh reachtaíocht á fógairt acu in óráid na banríona Dé Máirt seo chugainn a cheadódh cealú an Phrótacail.

Cé gur ó fhoinsí rialtais i Londain a tháinig an scéal go raibh sárú ar an gconradh Breatimeachta á bheartú acu arís, thug an státrúnaí le fios nach raibh a leithéid i gceist. Bhí béim á cur acu, a dúirt sé, ar réiteach leis an Aontas Eorpach.

Bhí an chuma ar a ráiteas gurbh ionann é agus cúlú ón mbagairt is deireanaí go raibh an Bhreatain toilteanach an Prótacal, nó cuid de, a chur ar ceal. Níor chuidigh athrú poirt Lewis Dé Céadaoin le hiarrthóirí an DUP a bhí ag áitiú ar aontachtaithe tacú leo i dtoghchán an chomhthionóil an lá dár gcionn.

D’athraigh foinse rialtais eile i Londain an port oifigiúil arís Déardaoin. Scríobh James Forsyth, iriseoir a mbíonn tuiscint ghrinn aige de ghnáth ar mheon an rialtais thall, alt sa Spectator faoi reachtaíocht atá beartaithe acu a fhógairt in Westminster Dé Máirt.

Ní sárú oscailte ar an bPrótacal a fhógrófar Dé Máirt, dar leis, ach reachtaíocht chun Comhaontú Aoine an Chéasta “ina iomláine” a chosaint. Glacadh leis an mbéarlagair doiléir mar leid go mbeadh foráil sa reachtaíocht a cheadódh sárú ar an bPrótacal.

In imeacht trí lá mar sin, thug foinsí Breataineacha le fios (1) go bhfuil sárú ar an bPrótacal beartaithe (2) nach bhfuil sárú beartaithe agus (3) go bhfuil sárú beartaithe.

Idir an chéad agus an tríú leagan den chur chuige seo, thug foinsí san Aontais Eorpaigh le fios d’eagarthóir Eorpach RTE Tony Connelly go raibh dualgas de réir dlí idirnáisiúnta ar rialtas na Breataine an Prótacal a chur i bhfeidhm. Chuirfí beartais áirithe (nár sonraíodh) i bhfeidhm, a dúradh sa Bhruiséil, dá gcuirfeadh an Ríocht Aontaithe aon fhoráil den Phrótacal as feidhm.

Ní chuirfidh an phleidhcíocht is deireanaí i Londain iontas ar mhórán. B’fhearr tost ná leideanna nár chruthaigh rud ar bith ach amháin scála mhífhreagracht an rialtais thall.

Is leor smaoineamh ar an gconspóid a spreagfaí thall agus abhus dá dtiocfadh comharthaíocht chomh neamhsheasmhach faoin bPrótacal ó rialtas na hÉireann. Bheadh an rialtas á cháineadh go géar agus go forleathan, gan a bheith ábalta freagra a thabhairt a bheadh réasúnta ná inchreidte.

Tuigtear gan dabht sa Bhruiséil, i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath gur cluichíocht inmheánach sa Pháirtí Caomhach is cúis leis an gcuid is mó den tsíorbhagairt agus den síorchúlú ó bhagairt a thagann sna sála ar a chéile i Londain.

Nuair a d’éirigh an díograiseoir Breatimeachta David Frost as a phost mar idirbheartaí leis an AE i mí na Nollag, ceapadh an rúnaí gnóthaí eachtracha Liz Truss ina ionad. Síleadh ar feadh tamaill go mbeadh cur chuige Truss níos réasúnta. I bhfianaise na leideanna a tháinig ó Londain le seachtain, is léir go bhfuil mífhreagracht pholaitiúil fós i réim.

Labhair an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney le Liz Truss agus le Brandon Lewis i rith na seachtaine. Le linn agallaimh ar Morning Ireland Dé hAoine sheachain sé ceisteanna faoina ndúirt siad leis faoin reachtaíocht ar an bPrótacal atá beartaithe – nó nach bhfuil beartaithe – acu a fhógairt an tseachtain seo chugainn.

Dúirt Coveney go dtuigtear i Londain go mbeidh obair fhada dhian le déanamh acu i gcomhar le rialtas na hÉireann chun feidhmeannas a athbhunú in Stormont. Ní bheidh rath ar an obair sin áfach go dtí go mbeidh rialtas na Breataine toilteanach a bheith freagrach agus macánta agus iad ag déileáil leis an mBruiséil agus le ceannairí polaitiúla an oileáin seo.

Ní neartóidh an phleidhcíocht is deireanaí i Londain an dóchas go mbeidh dea-thoradh ar an saothar crua a theastaíonn tar éis toghchán a d’fhéadfadh an léargas polaitiúil a athrú ó thuaidh.

 

Fág freagra ar 'Ní féidir ciall chinnte a bhaint as focal dá ndeir airí sinsearacha rialtas na Breataine'