‘Ní féidir an tumoideachas a chur i bhfeidhm i scoil bheag Ghaeltachta’ – príomhoide scoile

Deir Príomhoide Scoil Náisiúnta Ros Dumhach nach bhfuil caighdeán Gaeilge ard go leor ag roinnt múinteoirí le múineadh trí Ghaeilge an lá ar fad

‘Ní féidir an tumoideachas a chur i bhfeidhm i scoil bheag Ghaeltachta’ – príomhoide scoile

Ní bheadh “ciall ar bith” cosc a chur ar an Bhéarla do na naíonáin i scoil ina bhfuil ceithre rang faoi chúram aon mhúinteoir amháin agus ní bheadh “rath dá laghad” air.

 Príomhoide Scoil Náisiúnta Ros Dumhach i nGaeltacht Mhaigh Eo, Anita Ní Éalaithe, a dúirt an méid sin le Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán de chuid Thithe an Oireachtais, de réir tuarascála nua a fhoilseofar inniu.

 Dúirt an príomhoide nárbh fhéidir “an tumoideachas a chur i bhfeidhm go héifeachtúil agus ceithre rang ag feidhmiú i seomra amháin agus meascán de theangacha le cloisteáil ann”.

 Tá aitheantas faighte ag Scoil Náisiúnta Ros Dumhach faoin Scéim Aitheantais mar Scoil Ghaeltachta agus tacaíocht €1,200 breise in aghaidh na bliana á fáil ag an scoil faoin scéim.

 Dúirt an príomhoide go raibh sé “thar a bheith deacair” ar aon mhúinteoir i scoil, a raibh an t-aitheantas sin bronnta uirthi, cloí le cuid den dá chritéar déag a bhain leis an scéim.

 Faoin scéim, tá ar scoileanna an tumoideachas lán-Ghaeilge a thabhairt isteach de réir chéile.

 Tá ar chuid de na scoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht trí nó ceithre rang a bheith acu sa seomra céanna, a deir Anita Ní Éalaithe.

 “Nuair a bhí na ranganna ar siúl sa seomra céanna sin níorbh fhéidir leis na naíonáin ach Béarla na ranganna eile a cloisteáil agus níorbh fhéidir leis an múinteoir é sin a sheachaint,” a dúirt sí. 

 Bhí Béarla á mhúineadh “ó rang na naíonán ar aghaidh” i Scoil Náisiúnta Ros Dumhach toisc iad a bheith sa seomra céanna le páistí níos sine agus mar gheall go raibh “Béarla acu agus iad ag teacht isteach sa scoil”, a dúirt sí.

 Dúirt sí freisin gur “dúshlán mór eile” é nach raibh caighdeán Gaeilge ard go leor “ag roinnt múinteoirí” agus nárbh fhéidir leo “múineadh trí Ghaeilge an lá ar fad”.

 Thug sí le fios don choiste chomh maith go bhfuil iarratas déanta ag Scoil Náisiúnta Ros Dumhach faoin scéim phíolótach ‘Teanga Tí’ de chuid Ghlór na nGael chun “iarracht a dhéanamh feabhas a chur ar labhairt na Gaeilge sa bhaile i measc pháistí na scoile”.

 Tugtar le fios sa tuarascáil freisin go raibh “an t-uafás oibre” déanta sa scoil chun borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge.

“I measc na rudaí sin, bhí siad tar éis dráma trí mheán na Gaeilge agus céilí a eagrú. Thug scéalaí cuairt ar an scoil agus fuair na páistí taithí agus eolas ar an mbéaloideas,” a deirtear sa tuarascáil.

 Deirtear sa tuarascáil chéanna gur thug Máirtín Ó Maicín, gníomhaí teanga i nGaeltacht Mhaigh Eo, le fios don toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán a bhí ar cuairt i nGaeltacht Mhaigh Eo anuraidh, go raibh easpa príomhoidí ann a raibh Gaeilge líofa acu agus go raibh “géarghá le cúntóir teanga a lonnú i ngach scoil Ghaeltachta”.

 “Bheadh sé ina chéim ar aghaidh fiúntach dá mbeadh an cúntóir teanga ar fáil i ngach scoil ar feadh dhá leathlá sa tseachtain,” a dúirt sé.

 Dúirt Máirtín Ó Maicín freisin go raibh “dearcadh dearfach” i measc daoine óga i leith na Gaeilge faoi láthair agus gur chóir don Stát é sin “a threorú agus a bheith ag tógáil air sin”.

 Déantar sraith moltaí sa tuarascáil de chuid an choiste Oireachtais, cuid mhór acu a bhaineann le seirbhísí, acmhainní agus deiseanna breise fostaíochta a chruthú do phobal na Gaeltachta.

 Moltar chomh maith sa tuarascáil nua “go n-aithneodh” an Rialtas “go poiblí” go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

 Tugtar le fios sa tuarascáil freisin gur cheap an gníomhaí pobail aitheanta as Gaeltacht Mhaigh Eo Micheál Ó Seighin gur mó an tsuim atá ag Údarás na Gaeltachta in “infheistíocht a dhéanamh i ngalfchúrsaí ná an phleanáil teanga a phlé”.

 

 

Fág freagra ar '‘Ní féidir an tumoideachas a chur i bhfeidhm i scoil bheag Ghaeltachta’ – príomhoide scoile'

  • file

    An bhfuil míthuiscint ann faoin rud is tumoideachas ann? Maíonn an chuid is mó den taighde gur ón dátheangachas a thagann na buntáistí uilig; ós amhlaidh atá, níor cheart go mbeadh aon chaint ar chosc ar an Bhéarla i nGaelscoil.

  • Eilís ní Anluain

    Is é atá i gceist leis an tumoideachas cosc ar Bhéarla a labhairt don chéad dá bhliain le seans a thabhairt don nGaeilge, pé acu a bhfuil sí ag na gasúir ag baile nó nach bhfuil. Ina dhiadh sin Béarla mar ábhar agus mar theanga chumarsáide sa tréimhse sin amháin. I gcás na scoileanna beaga ní ionann Béarla a chloisteáil á múineadh do rang 1 agus 2 agus Béarla a labhairt leis na naíonáin féin. Ní gá don scoil ná don baile a bheith dhá theangach le go dtabharfaidh gasúir leo Béarla. Má tá dhá theangachas uainn ní mór áiteanna a bheith ann ina labhartar Gaeilge amháin.