Ní féidir an teorainn chrua a sheachaint gan a léiriú go bhfuil cnámh droma ionainn

Beidh teorainn chrua ann mar sin, mar ní féidir leis na Sasanaigh géilleadh d’éilimh an Aontais agus níl an chnámh droma againne gach ar gá a dhéanamh leis an teorainn chrua sin a sheachaint a insint don Aontas.

Ní féidir an teorainn chrua a sheachaint gan a léiriú go bhfuil cnámh droma ionainn

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá sé in am dúinn, ceapaim, aghaidh a thabhairt ar fhírinne scéal an Bhreatimeachta, agus ar a bhfuil i ndán dúinn nuair a imeoidh an Bhreatain as an Aontas Eorpach. (Sea, imeoidh siad!)

Is léir domsa, in ainneoin aon chaint mhilis, nach bhfuil fonn ar bith ar an Aontas teacht ar réiteach leis an mBreatain – seachas go ngéillfeadh an stát sin, go bhfanfaidís san Aontas Custaim agus sa mhargadh aonair (gan vóta ar bith, ar ndóigh).

Ní ghéillfidh na Sasanaigh dó sin, mar cibé deacrachtaí a bheidh acu taobh amuigh bheadh sé seacht n-uaire níos measa a bheith istigh agus gan vóta ná údarás ar bith acu.

Ar ndóigh, d’fheilfeadh sé do bhunaíocht an stáit s’againne féin dá bhfanfaidís mar go gcuirfeadh sin deacrachtaí na teorann as an tslí agus ní bheadh aon deacracht nó táille ag baint lenár dtrádáil leis an mBreatain.

Tá tráchtairí ag scríobh leo sna meáin amhail is go raibh seans ann go dtarlódh a leithéid, ach níl aon seans ann. Na daoine sa mBreatain a bhí i bhfabhar an Aontais Eorpaigh tá siad ina fhabhar i gcónaí, agus na daoine a bhí ina choinne tá siad ar fad nach mór ina choinne i gcónaí.

Ach fiú an dream a bhfuil eagla orthu faoi imeacht, glacann siad leis anois nach bhfuil aon rogha eile ann.

Cinnte tá fórsaí ann ag moladh go ndéanfaí neamhaird den vóta thall, faoi mar a rinneadh abhus, ach bheadh briseadh mór le daonlathas an phobail agus le muinín an phobail ina gcuid institiúidí ag teastáil le neamhaird a dhéanamh den vóta.

Mar sin, mura bhfuil an tAontas sásta glacadh le réiteach a thabharfadh cead isteach d’earraí na Breataine, céard iad na himpleachtaí dúinne?

Téann caoga faoin gcéad dár gcuid onnmhairí bia go dtí an Bhreatain. Ní chaillfidh muid an trádáil sin, ach má bhíonn táillí le n-íoc againn beidh sé níos deacra dul i gcomórtas le tíortha eile agus beidh orainn ár bpraghsanna sa mBreatain a ísliú: ’sé sin, beidh níos lú teacht isteach againn ar an trádáil chéanna.

Agus má ghearrann an tAontas táille phionósach ar an mBreatain beidh an scéal níos measa fós dúinne.

Ar deireadh thiar, mura bhfuil socrú speisialta ann (a sháródh rialacha an Aontais maidir le custaim agus an margadh, de réir loighce de), beidh sé riachtanach go teoiriciúil teorainn chrua a bheith ar an oileán seo le go mbeadh smacht ar an trádáil idir an Bhreatain agus an tAontas.

Deirim go teoiriciúil, mar is léir don dall nach féidir teorainn den chineál sin a chruthú arís.  Ní ghlacfaidh an pobal náisiúnach leis: ní thabharfaidh siad aird ar aon teorainn.

Taobh amuigh den ríméad a chuirfeadh sé sin ar lucht smuigleála, bheadh éiginnteacht pholaitiúil agus eacnamaíochta  i lár an chaidrimh trasteorann arís.

Céard iad na roghanna mar sin?

’Sé an socrú is fearr ná go mbeadh stádas speisialta ag an Tuaisceart a thabharfadh cead don cheantar trádáil a dhéanamh leis an mBreatain agus leis an Aontas gan aon bhac. Agus ’sé an chaoi is fearr lena leithéid a rith ná athaontú na tíre.

Bheadh na hAontachtaigh agus an DUP, go háirithe, glan in aghaidh a leithéid.

Nó d’fhéadfadh na Sé Chontae fanacht mar chuid den Bhreatain ach go mbeadh an teorainn eacnamúil i Muir Éireann. Bheadh sé riachtanach ansin do ghnólachtaí sa Tuaisceart a chruthú go dtagann a gcuid earraí ón Tuaisceart – rud a d’fhéadfaí a dhéanamh leis an teicneolaíocht, cuid mhaith.

Ach arís eile, bheadh na hAontachtaigh agus an DUP, go háirithe, glan in aghaidh a leithéid sin.

Ábhar beag dóchais is ea go bhfuil cáipéis ag an gCoimisiún a mholann an socrú deireanach sin, ach níl a fhios againn cén stádas atá ag an gcáipéis sin mar níl sí luaite chor ar bith ag Michel Barnier in aon agallamh poiblí.

Go bunúsach is é rialtas na hÉireann a chaithfidh an idirbheartaíocht a dhéanamh le Sasana maidir leis na socruithe seo, ach tá an rialtas ag diúltú a leithéid a dhéanamh ar mhaithe le bheith ag sodar i ndiaidh ár máistrí sa mBruiséil.

Ach ní féidir muinín a bheith againn as dea-thoil an Aontais san idirbheartaíocht seo, mar ar deireadh thiar is tábhachtaí cruth an Aontais féin dóibh siúd, Angela Merkel agus Emmanuel Macron ina measc, a dteastaíonn uathu dul i dtreo an ollstáit.

Beidh teorainn chrua ann mar sin, mar ní féidir leis na Sasanaigh géilleadh d’éilimh an Aontais agus níl an chnámh droma againne gach ar gá a dhéanamh leis an teorainn chrua sin a sheachaint a insint don Aontas.

Fág freagra ar 'Ní féidir an teorainn chrua a sheachaint gan a léiriú go bhfuil cnámh droma ionainn'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Seo aríst é ó Eoin: tá an locht an an Aontas Eorpach mar gur shocraigh an Bhreatain imeacht! Wow. An cosúil le fear ag cur locht ar a bhean th’éis dhó í a buaileadh! ‘Mura mbeadh tú ag cur as dom ní bhuailfinn thú’.

    Níl aon duine ag stopadh na Breataine ó thíocht ar shocrú leis an Aontas faoi chúrsaí trádala ach dornán Tóraithe. Tá a leithéid de shocrú ag an AE le tíortha eile cheana.

    Ní chuimhin liom gur cuireadh ceist ar mhuintir na Breataine ar theastaigh uathu imeacht ón Aontas Custaim? Imeacht ón AE a bhí i gceist sa reifreann. Nach féidir imeacht ón AE agus fanacht san Aontas Custaim agus fiú amháin fanacht sa chomhargadh? An mbeadh Eoin i bhfábhar sin? Nach réiteodh socrú mar sin cuid den fhadhb a bhaineann leis an dteorann?

    Bhí Eoin ar duine den bheagán sa stát seo a bhí i bhfábhar an Bhreatimeachta. Ar a laghad tuigeann sé gur tubaist a bheas ann don tír seo, ach is cosúil go bhfuil sé fós ina bhfábhar!

  • Eoin Ó Murchú

    Tá súil agam go mbeidh Breatimeacht ina thubaist don AE mar go mb’fhéidir go spreagfadg sé tíortha eile diúltú don ollstát agus cumhachtaí a thabhairt abhaile. Tá mé i bhfabhar comhoibriú eacnamúil idir stáit, ach táim i gcoinne neamhspleáchas na hÉireann a ligean le sruth. Ní gá go mbeadh Breatimeacht ina thubaist dúinne MÁ thugann muid faoi idirbheartaíocht a dhéanamh muid féin le Sasana agus leis an AE faoi seach. Mura bhfuil muid sásta, nó mura bhfuil sé de mhisneach againn, é sin a dheanamh is orainn féin a bheas an locht.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá tú ag iarraidh go mbeidh an Breatimeacht ‘ina thubaist don AE’ ach ag an am céanna tá tú ag inseacht dúinn nach ghá go mbeadh An Breatimeacht ina thubaist dúinne! ‘Wishful thinking’ gan bunús, a thabharfainn ar sin.

    Níl a fhios agam ceard iad na ‘cumhachtaí’ seo a shamhlaíonn tú atá le tabhairt abhaile mar dhiúltaítear don ‘ollstát’ mar a thugann tú air? An gcreideann tú go mbeidh gach mionstát as féin, cosúil le Éirinn, in ann déileál le (i) ollchumhacht na n-ollchomhlachtaí idirnáisiúnta, ar a bhfuil muid ag braith cuid mhaith; (ii) atharrú aimsire agus téamh an domhain; (iii) bagairt na Rúise ar láimh amháin agus (iv) bagairtí Trump ar an láimh eile agus go leor ceisteanna móra eile atá le réiteach ar bhonn idirnáisiúnta.

    Bheadh níos mó muinín agam as an AE ag déileál leis na ceisteanna móra sin ná mar a bheadh agam as an mBreatain neamhspléach.

  • An Déaghnach

    Ní ghlacaim d’argóint. ” Caithfidh muid dul in aontas mar gheall ar bhaol an domhain.”. Céard a bhí tíortha éagsúla a dhéanamh leis na blianta? Céard a rinne Éire i rith an dara cogadh domhanda? Ní gá dúinn a bheith in aontas polaitiúil agus míleata le haghaidh cosanta agus rathúnais. Ní chaithfidh tú ceann amháin nó an ceann eile a roghnú. Agus cén sort bagairt ón Rúis a bhfuil tú ag súil leis go díreach? Níl an gnáthchumhacht mhíleata acu.

  • Cathal Ó Murchú

    @ An Déaghnach. Tá dul amú ort má cheapann tú nach gá d’Éirinn “bheith in aontas polaitiúil agus míleata le haghaidh cosanta agus rathúnais.” Tá sé ríshoiléir go bhfuil an tAontas Eorpach ag dul sa treo sin – i dtreo an ollstáit agus an ollairm Eorpaigh – agus go bhfuil neamhspleáchas na hÉireann le ligint le sruth sa phróiseas seo. In ainneoin na cainte faoi ómós a thabhairt do cheannairí 1916 le linn an chomórtha anuraidh, níl beart ar bith ag bunaíocht na tíre seo flaitheas an stáit seo a chosaint agus gach cuma ar an scéal go mbeidh siad breá sásta dul i dtreo an ollstáit Eorpaigh (le hollarm Eorpach ag gabháil leis) .