Iarradh ar mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, tabhairt faoi shraith colún nua ar iris mhór-ráchairte do mhná san Ísiltír. Cur síos ar chás amháin as a chleachtas teiripe chaidrimh in aghaidh na seachtaine, móide comhairle don lánúin agus aiseolas ón mbeirt. Ficseanú déanta, ar ndóigh, ar na daoine a bheadh faoi chaibidil d’fhonn a bpríobháideachas a chosaint.
Ní raibh mo chara ach tar éis glacadh leis an gconradh nó gur chuir sé glaoch orm agus é trína chéile. Scríbhneoir neamhfhicsin é – fear nár léigh úrscéal nó dán le blianta fada lena chois – agus bhí mo chabhair uaidh leis an bhficseanú a bhí le déanamh ar na lánúineacha a thaithíonn a chleachtas agus a raibh na colúin le bunú orthu.
Ach níorbh é sin an t-aon ghné amháin den tsraith nua a bhí ag tabhairt trioblóide dó. Cén chaoi a dtugann duine faoina leithéid ar chor ar bith? Céard iad na cásanna a dhéanfadh ábhar maith? Ar cheart an chomhairle a roinnfí go flaithiúil sna colúin a dhíriú ar na carachtair fhicseanúla iontu, mar dhea, nó ar léitheoirí na hirise? Agus ar an ábhar sin, arbh fhearr ‘a léitheoir dhil’ nó ‘a léitheoirí dile’? An chéad rud eile, bhí mé ag déanamh eagarthóireacht ar na colúin dó ar tháille – mo chlinic scríbhneoireachta féin bunaithe nach mór i ngan fhios dom.
Chuir mo chara glaoch orm in athuair tar éis coicíse.
‘An bhfuil a fhios agat céard é an rud is mó a thaitníonn liom faoi do chuid eagarthóireachta? Míníonn tusa cén fáth a ndéanann tú na hathruithe a dhéanann tú sa téacs. Tá i bhfad níos mó foghlamtha agam ón dá cholún a ndearna tusa eagarthóireacht orthu ná mar a d’fhoghlaim mé ón eagarthóireacht a rinne dhá theach foilsitheoireachta éagsúla ar mo chuid leabhar neamhfhicsin.’
Ní d’fhonn a bheith ag maíomh asam féin atá an scéal seo ar fad á insint agam ach toisc gur leag mo chara a mhéar ar fhadhb ollmhór in earnáil na foilsitheoireachta:
Aiseolas.
Bíonn sé gann.
Cinnte, tuigimid ar fad go mbíonn eagarthóirí, ceartaitheoirí agus gach duine eile in earnáil na foilsitheoireachta faoi shíorbhrú agus nach ndearna an phaindéim agus an ‘obair sa bhaile’ a bhaineann léi cúrsaí pioc níos fusa. Agus cinnte, níor chóir do scríbhneoir a bheith ag súil go míneofaí ceisteanna dó a mbeadh na freagraí ar fáil i bhfoclóir nó i leabhar gramadaí.
Ach ba chóir, dar liom, go dtabharfadh eagarthóirí liteartha míniú gairid do scríbhneoirí ar chinntí eagarthóireachta níos tromchúisí. Cén fáth a ndearnadh athscríobh ó bhun ar an abairt sin ar leathanach 21? Cén fáth ar scriosadh alt iomlán i gcaibidil 78? Céard a bhí mícheart leis na saorbhriathra ar fad a baineadh amach?
Ar an gcaoi chéanna ba chóir, dar liom, go dtabharfadh eagarthóirí irisí agus nuachtán leid, ó am go chéile, d’iriseoirí faoin gcaoi a bhfuil ag éirí leo.
Aiseolas ar bith ní bhfuair mo chara faoina shraith nua go dtí seo, faoin gcur chuige, faoin ábhar ná faoin stíl. Cuireann an iris na colúin i gcló agus sin sin, cuir chugainn an chéad eagrán eile le do thoil.
Níl mo thaithí féin le hearnáil foilsitheoireachta na Gaeilge baileach chomh dona agus atá taithí mo chara leis an earnáil foilsitheoireacha san Ísiltír, ach táim go láidir den tuairim nach ndéanfadh rud beag níos mó aiseolais phroifisiúnta aon dochar do litríocht agus d’iriseoireacht scríofa na Gaeilge ach oiread. Dá uireasa sin, ní féidir a bheith ag súil go bhfoghlaimeoidh scríbhneoirí óna gcuid botún féin.
Gabriel Rosenstock
Dá mbeadh níos mo léirmheasanna criticiúla á bhfoilsiú (mar shampla ar Tuairisc.ie) bheadh aiseolas éigin á fháil ag scríbhneoirí.