Ní fearr rith maith ná drochsheasamh

LÉIRMHEAS: Scannán aigneolaíoch a dhéanann cíoradh cumasach ar théama cigilteach is ea an saothar is déanaí le Ruben Östlund

Force Maj

Force Majeure

Stiúrthóir: Ruben Östlund

Cliar: Johannes Kuhnke, Lisa Loven Kongsli, Kristofer Hivju,Vincent Wettergren, Clara Wettergren, Fanni Metelius


Sa chéad radharc, címid teaghlach meánaicmeach, Sualannach ar fhánaí Alpa na Fraince. Tá grianghrafadóir ag tathaint orthu pictiúr a thógaint. Cuirtear ina luí orainn go caolchúiseach, sna gluaiseachtaí coirp agus sracfhéachaintí, nach bhfuil gaol na lánúine, Tomas (Kuhnke) agus Ebba (Kongsli) thar mholadh beirte. Treisítear an tuiscint sin sna radharcanna beaga, beagfhoclacha a thaganna ina dhiaidh sin agus an teaghlach ag scíáil agus ag fánaíocht leo timpeall ar an ionad saoire gustalach. Seo an chéad éachtaint dúinn gur cíoradh carachtar atá sa táirge seo, táirge a bhí ar an ngearrliosta d’Oscar rannóg na dteangacha iasachta níos luaithe i mbliana.

Tá go maith agus níl go holc go dtí go dtarlaíonn maidhm shneachta lá amháin agus iad ar a sáimhín só ag ithe lóin. Ar dtús, is blúire spraoi é agus an fear ag rá gur maidhm smachtaithe atá i gceist. Go deimhin, is geall le carachtair iontu féin iad na canóin agus na fearais eile a úsáidtear le maidhm smachtaithe a ghiniúint, agus seatanna díobh á n-úsáid go minic le clabhsúr a chur ar radharcanna cainte/argóna. Ní fada go dtagann sceimhle orthu agus gan n-aon sa bhialann. Teitheann daoine lena n-anamnacha. Instinn na mná ná na leanaí a chosaint. Instinn an fhir? Breith ar an bhfón agus na boinn a thabhairt as. I bhfaiteadh na súl tá gaol na leanúine agus an teaghlaigh athruithe ó bhonn. Eascraíonn eachtraí eile an scannáin as gníomh sin an fhir. Is léir anois cad is ciall le teideal an scannáin nó nó cad as a dtagann sé.

Glanann smúit an tsneachta. Níl éinne gortaithe. Níl aon damáiste déanta. Filleann gach duine ar an lón. Tagann an fear é féin ar ais agus suíonn an teaghlach chun boird.

Tá mearbhall ar an teaghlach don chuid eile den lá ach, diaidh ar ndiaidh, tagann sé chun solais go bhfuil gníomh an fhir ag luí go trom ar an mbean. Ag dinnéar faoi dhó, agus iad i gcuideachta lánúnacha eile, tosaíonn míshuaimhneas na mná ag teacht go barr uisce, dá hainneoin féin ar shlí. Bíonn sé ina chnámh spairne eatarthu go dtí go dtosaíonn an fear ag noctadh na fírinne dó féin.

Croílár na ceiste agus na hargóna ná an féidir an fear a dhaoradh as a ngníomh fánach instinneach? Nó an dtugann sé léargas ar a mheon agus a dhearcadh mar athair agus fear céile?

Déantar cíoradh agus scagadh air sin don chuid eile den scannán.

Cé go ndéantar seo go machnamhach go minic, téann rudaí chun leadráin ar uairibh. Ba gheall le díospóireacht eiticí nó seimineár fealsúnachta an dara dinnéar agus a gcara feasógach, Mats (Hivju) ag cur de ar dalladh. Go deimhin, tosaíonn gníomh buille Thomas ag truailliú a chaidrimh siúd le cailín óg agus sleais á caitheamh aici faoin tslí go bhfuil a pháistí tréigthe aige.

Tá an stiúrthóir/scríbhneoir Östlund go maith os cionn a bhuille agus tugann an mheitheal aisteoirí taispeántais ábalta uathu.

Scannán aigneolaíoch a dhéanann cíoradh cumasach ar théama cigilteach.

Fág freagra ar 'Ní fearr rith maith ná drochsheasamh'