Ní feabhas go heolas – freagraí ag teastáil faoi Sláintecare

Ní léir fós i bpáirtí ar bith an toil phraiticiúil a theastódh chun cothrom na Féinne a thabhairt isteach sa chóras sláinte

Ní feabhas go heolas – freagraí ag teastáil faoi Sláintecare

D’aontaigh coiste uilepháirtí ceithre bliana ó shin gur chóir an t-athrú seo thíos ar an gcóras sláinte a chur i gcrích faoi cheann deich mbliana:

‘Seirbhís uilíoch ar aon leibhéal a bhunú faoina gcuirtear cóir leighis ar fáil d’othair ar bhonn riachtanais sláinte seachas ar bhonn acmhainne.’

Tá Teachtaí Dála ar aon tuairim faoin bplean ar bhaist an coiste ‘Sláintecare’ air in 2017. Fiafraigh de Theachta Dála ar bith áfach cén uair agus conas a chomhlíonfar go héifeachtach an aidhm faoina n-aontaíonn siad go léir agus freagra soiléir ní thabharfar ar do cheist.

Is doimhne a n-éiginnteacht ná an t-amhras a bhaineann le maoiniú stáit nó le hamchlár feidhmiúcháin. Má fhágtar briathra breátha i leataobh, ní léir fós i bpáirtí ar bith an toil phraiticiúil a theastódh chun cothrom na Féinne a thabhairt isteach go hiomlán sa chóras sláinte.

Tá an t-amhras ag méadú arís ó d’éirigh beirt a raibh dlúthbhaint acu le cur i ngníomh Sláintecare, an tOllamh Tom Keane agus Laura Magahy, as a gcuid oibre ar an 8 Meán Fómhair. Bhí an tOllamh Keane ina chathaoirleach ar an gcoiste comhairleach feidhmiúcháin agus bhí Magahy ina stiúrthóir ar an oifig a bhí freagrach as cur chun cinn an phlean.

Dúirt an tOllamh Keane agus é ag éirí as a phost go raibh aiféala air nach rabhthas ábalta teacht ar na riachtanais a theastaigh dar leis chun athruithe a chur i bhfeidhm. Sa litir a chuir sé chuig an Aire Sláinte Stephen Donnelly, dúirt sé freisin nach raibh seans ar bith ann go n-éireodh le Sláintecare mar gheall ar theip bhunúsach ó thaobh rialaithe, freagrachta agus tiomantais de.

Thug Magahy le fios ina litir go raibh dul chun cinn á dhéanamh rómhall maidir le ciorrú na liostaí feithimh, atheagrú na seirbhíse ar bhonn réigiúnach, agus úsáid na teicneolaíochta.

Níl focal sa bhreis ar a bhfuil i gcló thuas ráite ag ceachtar den bheirt mar mhíniú ar a n-éirí as oifig ach is leor a ndúirt siad chun imní a chur ar dhuine réasúnta.

Maíonn an rialtas i gcónaí go bhfuil go leor beartas a chuireann Sláintecare chun cinn á gcur i ngníomh. Ní cóir tionchar na paindéime a fhágáil as an áireamh, dar leo, agus an mhoill a cuireadh ar bheartais eile á plé.

Dúirt rúnaí nua na Roinne Sláinte Robert Watt le gairid go raibh 109 as an 112 cinneadh a leagadh amach i bplean feidhmiúcháin an rialtais á gcur i bhfeidhm i mbliana mar a bhí beartaithe nó á gcur chun cinn. Foilseofar plean mionsonraithe go luath, a dúirt sé, chun déileáil le liostaí feithimh (ar a bhfuil 907,617 duine de réir an áirimh oifigiúil a foilsíodh coicís ó shin – méadú 8% le bliain). Tá tús áite á thabhairt do thógáil ospidéal nua, a dúirt Watt freisin, ina ndéanfar obair roghnach nó neamhphráinneach.

Gan dabht ní féidir breith chóir a thabhairt ar chur chun cinn Sláintecare ná ar an tseirbhís sláinte i gcoitinne gan tionchar an chibear-ionsaithe ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Covid-19 isteach a chur sa mheá. Sin ráite áfach, ní foláir cuimhneamh ar an eiseamláir do chóras cothrom sláinte a thug an ghéarchéim dúinn.

Dá achrannaí gach bac a chuirfidh cosantóirí an dá chóras sláinte, poiblí agus príobháideach, ar an atheagrú a mhol tuairisc Sláintecare, mairfidh cuimhne ar feadh i bhfad ar an gcomhionannas iomlán nár thug aon aird ar ioncam a bunaíodh go sciobtha anuraidh nuair a bhí géarghá leis.

Beidh deis ag Teachtaí Dála Stephen Donnelly a cheistiú faoin míshásamh a thug ar Magahy agus Keane éirí as a bpoist nuair a fhreastalóidh sé ar chruinniú den choiste sláinte go luath an mhí seo chugainn. Beidh Laura Magahy ag labhairt leo freisin ach níl socrú cinnte déanta fós leis an Ollamh Keane.

Idir an dá linn, chuir a ndúirt Tom Keane faoi easpa tiomantais amhras ar mhórán go ndearnadh botún tubaisteach nuair a socraíodh nach mbeadh roinn an Taoisigh freagrach as Sláintecare (mar a mhol an coiste uilepháirtí) ach go bhfágfaí an cúram faoin roinn sláinte.

Teastaíonn freagraí ón ollamh agus ó Laura Magahy ar mhórán ceisteanna eile ionas gur féidir cúiseanna imní níos bunúsaí a mheá:

  • Ar chóir glacadh leis nach bhfuil i Sláintecare ach teideal nua ar fhíorfheabhsú na seirbhíse sláinte nach gcuirfidh feabhas ná comhionannas iomlán i bhfeidhm go deo?
  • An gcreidfear geallúint eile ón rialtas go bhfeicfear laghdú suntasach ar liostaí feithimh na n-ospidéal, ainneoin gach teip roimhe seo?
  • Cén fáth nach bhfuil réiteach praiticiúil ar riar réigiúnach na seirbhíse sláinte aimsithe faoin am seo?
  • An féidir teacht ar réiteach ar an éagothroime idir othair phoiblí (gach duine ar na liostaí feithimh mar shampla) agus othair phríobháideacha?
  • Murar féidir le hairí Fhianna Fáil atá freagrach as cúrsaí sláinte (Donnelly) agus tithíochta (O’Brien) feabhas soiléir a chur i gcrích, cén pionós polaitiúil a ghearrfar ar an bpáirtí sa chéad olltoghchán eile?
  • Cén t-achar a thógfaidh sé ar pholaiteoirí freagra sásúil a thabhairt a dheimhneodh go mbeadh dochtúirí ábalta freagra sásúil a thabhairt ar an gceist a chuireann gach duine breoite: “Cén uair a chuirfear an chóir leighis orm a deir tú atá riachtanach?”

Fág freagra ar 'Ní feabhas go heolas – freagraí ag teastáil faoi Sláintecare'

  • Éilís Ní Anluain

    Cén Ghaeilge atá ar ‘Sláintecare’ ?