Ní faoi Shamhain amháin a bhíodh an púca gnóthach…

Ba í an cháil ba mhó a bhí ar an bpúca go raibh faisean aige fear a thabhairt ar a dhroim leis agus imeacht ina thintreach le fána aille…

Ní faoi Shamhain amháin a bhíodh an púca gnóthach…

Níl a fhios agam an mbeidh aon bhaint ag muintir Ráth Chairn le Féile an Phúca a bheas ar siúl i gContae na Mí agus i gContae Lú ó Oíche Shamhna go Satharn seo chugainn.

Beidh cuid de na himeachtaí sách gar dóibh ar chuma ar bith. Go deimhin is in Áth Buí a thosós an Fhéile. Rachfar ar mhórshiúl go dtí an cnoc síúil úd ar a dtugtar Tlachta freisin.

Is fada trácht ar an bPúca i mbéaloideas na hÉireann. Má sea féin ní raibh an focal sa tSean-Ghaeilge. Leis an mBéarla a tháinig an focal ‘Puck’ chun na tire seo a dúirt an scoláire Ioruach J.S. Marstrander.

Chreidtí go raibh an Púca in ann gadhar nó capall a dhéanamh de féin.

Ba í an cháil ba mhó a bhí air go raibh faisean aige fear a thabhairt ar a dhroim leis agus imeacht ina thintreach le fána aille. Nuair a bhíodh scéin an bhainbh dhóite curtha aige sa marcach agus é féin tuirseach den cheird thugadh sé ar ais aríst é go dtí an áit a bhfuair sé é.

Sa bhfómhar ba mhinice a d’fhaightí amharc air ag rith idir cocaí féir agus ag gabhail dá thóin anairde.

Bhí scéal ann faoi fheirmeoir a raibh buachaill fostaithe aige le haire a thabhairt don stoc. Ba í an obair ba mhó a bhí le déanamh aige na ba a chur sa scioból tar éis iad a bhleán.

Ní túisce a bhíodh sé sin déanta aige ná thagadh neach mar a bheadh capall óg ann ina threo, chuireadh a chloigeann idir a dhá chois agus chrochadh suas ar a mhuin é. Bhaineadh sé as ansin ag imeacht ina bhior ar fud na dúiche. Bhíodh sé ina mhaidneachan lae nuair a thugadh sé an buachaill ar ais.

“Tá spoir iarainn agamsa,” a dúirt an feirmeoir, “cuir ort anocht iad agus nuair a bheidh sé i do thabhairt chun bealaigh oibrigh na spoir air.”

Rinne an buachaill amhlaidh agus chaith an Púca dá dhroim é an oíche sin. Creideadh ariamh ar ndóigh go raibh cumhacht osnádúrtha san iarann.

Oíche eile a raibh an buachaill ag teacht abhaile ó chuartaíocht tháinig neach ina threo aríst, leag sé isteach i dtom é agus tháinig sé ina mhullach. Go gairid ina dhiaidh sin scal léas lonrach solais anuas an cosán.

“Is maith an scéal dhuit go raibh mé anseo,” a dúirt an neach. “Shábháil mé thú. Sprid a bhí sa solas sin.”

“Agus cé thusa?” a d’fhiafraigh an buachaill. “Mise an Púca,” a dúirt an neach.

Tá bailte ainmnithe as an bPúca. Poll an Phúca an chéad cheann a thiocfadh i do cheann ach tá siad i Sasana, i bhFlóndras, sa Danmhairg, san Iorua agus i dtuaisceart na Gearmáine freisin.

Deirtí go mbíodh an Púca ag cosaint chaisleán Bhaile Sláine. Nuair a dódh an caisleán an bhliain cheana tarraingíodh anuas an scéal arís.

Creideadh go láidir fadó go raibh an Púca ina chónaí i bpoll idir an Caisleán agus Baile Phaghain ar bhruach thuaidh na Bóinne.

Gadhar mór a bhíodh ann go hiondúil. Bhí sé sa mbéaloideas go gcuireadh muintir an chaisleáin dinnéar amach dhó san oíche. Tháinig cailín ag obair sa gcaisleán uair amháin agus cheap sí gur mhór an náire a bheith ag tabhairt dinnéar breá do ghadhar.

In áit feoil a chur amach craicne fataí agus cnámha scadán a d’fhág sí lena aghaidh. Bhí a oiread feirge ar an bPúca go ndeachaigh sé isteach nuair a bhí sí ina codladh, gur rug sé ar shála uirthi agus gur tharraing sé síos staighre cloch í.

Nuair a bhí  Deasún Breathnach ag bailiú eolais faoin bPúca i gcomhair tráchtais ollscoile chuir sé tuairiscí i dTuaisceart Éireann. Ní raibh mórán contae ar bith acu nach raibh trácht ar an bPúca ann go dtí timpeall is nócha bliain roimhe sin.

Sna ceantair a raibh an Ghaeilge beo fós iontu ba láidre a bhí an traidisiún, na Speiríní, Reachlainn agus Glinnte Aontroma.

Fág freagra ar 'Ní faoi Shamhain amháin a bhíodh an púca gnóthach…'