Ní le breac breise a fháil ná le tuilleadh turasóirí a mhealladh a forbraíodh Céibh Chill Rónáin

Ba thairbhí breathnú ar na mílte milliún atáthar a chaitheamh ar infreastruchtúr in oirthear na tíre seo seachas a bheith ina dhiaidh ar mhuintir Árann faoin obair rí-riachtanach atá déanta agus atá fágtha fós gan críochnú, a deir iarbhainisteoir Chomharchumann Inis Meáin

Cuireann an méid a scríobh Seosamh Ó Cuaig anseo faoi Chalafort Ros an Mhíl i gcuimhne dom an dearcadh oifigiúil a bhí go coitianta ann maidir le forbairt sna hoileáin nuair a thosaigh mé mar bhainisteoir ar Chomharchumann Inis Meáin sna seachtóidí.

Bhí sclábhaíocht uafásach i gceist le hearraí a thabhairt i dtír agus a sheoladh amach as an oileán le curachaí, go háirid sa drochuair i lár an gheimhridh. Lean an sclábhaíocht seo ar aghaidh go dtí tús na naochaidí.

An chéad rud a bhí romham, scéim leictreachais a chur isteach agus iarracht a dhéanamh scéim uisce a sholáthar don oileán. Ní raibh an BSL sásta leictreachas a chur ar fáil do na hoileáin an t-am sin. Chomh fada is a bhain sé leis an BSL níor chuid d’Éirinn chor ar bith iad na hoileáin. Níor tháinig muid faoin Scéim Leictreachas Tuaithe. Mura mbeadh comharchumann bunaithe ag oileán ní bheadh aon seans acu leictreachas a fháil.

Sa gcás s’againne fuair muid deontas ó Roinn na Gaeltachta. Ba iad BSL na conraitheoirí a bhí leis an scéim as chur isteach – gineadóirí a chur ar fáil agus gréasán a shocrú suas ar fud an oileáin. D’fhág siad againn ansin é le rith – breosla a cheannacht agus a iompar ón gcéibh go dtí taiscumar stórála, gineadóirí a chothabháil, billí a chur amach agus airgead a bhailiú le n-íoc as chuile ní.

Ar ndóigh b’éigean dúinn ceithre oiread a bhaint amach ar an aonad leictreachas thar mar a bhí dhá íoc ag an gcuid eile den tír. Mura ndéanfadh muid sin, ní bheadh muid ábalta íoc as breosla ná cothabháil. Fadhb eile ansin, ola agus innealra a thabhairt i dtír. Ní raibh againn ach curachaí agus droch-chéibh a thriomaíodh go luath th’éis lán mara rabharta.

Is cuimhin liom ceist a chur ar dhuine de na leaids a bhí ag obair dúinn ag an am cén fáth nár deineadh an chéibh sách leathan an bealach ar fad síos go dtí ceann na céibhe le tarracóir nó veain beag a thiomáint síos uirthi. Dúirt siad liom go raibh sagart paróiste ann nuair a bhí an “chéibh” dhá tógáil sna caogaidí agus dúirt sé leis an innealtóir ó Oifig na nOibreacha Poiblí nach mbeadh dhá húsáid ach carr asail agus go mbeadh sí sách leathan….

Is cuimhin liom an lá a ndeachaigh mé isteach chuig an innealtóir sa gComhairle Contae faoi scéim uisce, fear mór ó oirthear na Gaillimhe. D’fhiafraigh mé de cén uair a mbeadh sé ábalta an áit a scrúdú le haghaidh scéim uisce. Dúirt sé liom go raibh muid ag bun an liosta. Bhí go leor paróistí agus bailte as oirthear na Gaillimhe chun cinn orainn. Dúirt sé liom go raibh neart airgid ag Roinn na Gaeltachta le breathnú amach don Ghaeltacht!

Mheabhraigh alt Uí Chuaig na laethanta sin dom, nuair a bhí na hoileáin ag bun an liosta le chuile rud, má bhí siad ar liosta ar bith. Ní faoi bhreac breise a leaindeáil in Árainn ná faoi thuilleadh turasóirí a tharraingt a deineadh an jab sin i gCill Rónáin. Tá a fhios ag an saol mór gur sna cuanta móra iascaireachta ar an mórthír a chuireann iascairí Árann a gcuid éisc i dtír. Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil neart agus fuílleach turasóirí ag tarraingt ar Inis Mór agus go raibh, sular deineadh an chéibh nua i gCill Rónáin. Tá a fhios freisin gur sa samhradh is mó (nuair a bhíonn an aimsir réasúnta breá) a bhíonn na fámairí ag taisteal.

Ar mo chuid taistil, ar son mo ghnó sa tSeapáin, os cionn 25 bliain ó shin thug mé faoi deara go raibh cuanta beaga foscúla tógtha do bheagnach chuile bhaile beag ar chósta an Aigéin Chiúin. Cuanta tógtha le ‘tetrapods’ nó ‘X-bhlocanna’ mar a thugann muid orthu anois le cosaint a thabhairt agus le maidhmeanna móra an aigéin a bhriseadh. Na muiroibreacha a deineadh ar chóstaí oscailte na hÉireann go dtí sin, ní raibh déanta ach ballaí coincréite gan aon chosaint le maidhmeanna móra an Atlantaigh a bhriseadh faoi mar a chonaic mé sa tSeapáin.

Tá mise agus daoine ar mo nós sna hoileáin seo le fada ag iarraidh an cineál seo cosanta le go mbeidh muid ábalta báid a choinneáil go sábháilte le céibh ó cheann ceann na bliana, mar nach bhfuil mórán foscadh nádúrtha sna hoileáin seo seachas an méid atá i gCuan Chill Éinne in Inis Mór. Sin é an fáth go raibh gá le tonnchosc mór fada (costasach!) i gCill Rónáin le go mbeadh bádóirí na háite ábalta a gcuid bád a cheangal ann le sábháilt agus le go mbeadh na báid farantóireachta ábalta freastal go rialta gan aon mhórbhriseadh sa tseirbhís, samhradh agus geimhreadh.

Tá muid fós ag fanacht in Inis Meáin le forbairt dá leithéid a fágadh leathchríochnaithe 12 bliain ó shin. Agus tá muintir Inis Oírr ag fanacht go foighdeach le forbairt atá geallta dóibh le blianta. Tá todhchaí na n-oileán ag brath ar na forbairtí seo.

Teastaíonn cuan domhainmhara i Ros an Mhíl cinnte. Ach sílim gur thairbhí breathnú ar na mílte milliún atáthar a chaitheamh ar infreastruchtúr in oirthear na tíre seo seachas a bheith ina dhiaidh ar mhuintir Árann faoin obair rí-riachtanach atá déanta agus atá fágtha fós gan críochnú. Níor caitheadh aon airgead fiúntach ar mhuiroibreacha sna hoileáin seo roimh chéibh Chill Rónáin ó aimsir Bhord na gCeantar Cúng nuair a bhí Sasana i gceannas ar an sparán.

Mar eolas, rinne an Roinn Airgeadais scrúdú géar ar Chéim I & II sa gCaladh Mór in Inis Meáin thart ar an am céanna ar deineadh Céibh Chill Rónáin. Chuirfeadh sé an-iontas orm murar deineadh an mionscrúdú céanna i gCill Rónáin.

Fág freagra ar 'Ní le breac breise a fháil ná le tuilleadh turasóirí a mhealladh a forbraíodh Céibh Chill Rónáin'