Deineadh mórán cainte le laethanta beaga anuas fé dhioscúrsa an éadóchais a leanann ceist na Gaelainne ach ní faic é i gcomórtas leis an síorghíoscán a leanann cúrsaí caide an tráth seo den mbliain.
Tá an chraobh ar tí tosnú i gceart an deireadh seachtaine seo agus tá údair an éadóchais tosnaithe cheana féin ag cáiseamh leagan amach na craoibhe, an easpa margaíochta, dar leo, a deintear uirthi agus thar aon ní eile – teirce na bhfoirne gur acmhainn dóibh an chraobh a bhuachtaint i mí Mheán Fómhair.
Tá a fhios ag an uile dhuine atá leanúnach ar chluichí caide gur geall le soitheach mór fada is an bainne i bhfad síos ann í an chraobh gach aon bhliain. Caitear dul domhain isteach inti chun aon bhraon fónta a fháil go minic.
Ach nach mar sin a bhí riamh?
N’fheadar cad as ar tháinig an tuairim go bhféadfadh, nó ar a laghad go mbeadh seans éigin ag formhór na gcontaetha ar Chraobh na hÉireann a bhuachtaint in aon bhliain ar leith. Ní hamhlaidh a bhí, ní hamhlaidh atá agus bí siúráilte nach amhlaidh a bheidh leis an gcóras nua atá le teacht i bhfeidhm ón mbliain seo chugainn amach.
Le himeacht na mblian, tá sé ríshoiléir nach leigheasfaidh aon ní an éagothroime atá fite fuaite ins an chraobh caide ach dhá shraith ar leith, bunaithe ar achmhainn agus ar chumas na bhfoirne. Ní mise an chéad duine a dúirt é seo agus ní mé an duine deireanach a déarfaidh ach an oiread. Is cosúil gur leasc leo siúd is mó a bhainfeadh tairbhe as a leithéid de chóras craoibhe é a tharrac chucu féin ach an fada eile a bheidh amhlaidh?
Tá réiteach na ceiste, ba dhóigh leat, an-shoiléir ach b’fhéidir gur fuar an freagra nuair is fuar an teachtaire. Ag na contaetha féin is fearr atá a fhios cá bhfuil an bhróg ag luí orthu.
Chuirfeadh sé lagmhisneach ort mar sin féin oiread contaetha a bheith ag géilleadh chomh neafaiseach sin dá gciniúint sa chraobh atá romhainn amach.
Ní hionann san is a rá, áfach, gur cheart dom leithéidse, iarimreoir agus colúnaí caide, an mhil a shú as gach bláth ag tús an tsamhraidh.
Ceann des na rudaí is mó go bhfuil ceann tógtha agam dó ag iarimreoirí agus lucht ainailíse na linne seo, ná an síorcháiseamh a bhíonn acu ar staid an chluiche féin. Ba dhóigh le duine ó bheith ag éisteacht le cuid mhaith acu gur cluiche diamhair, gan cháim, gan smál a bhíodar féin ag imirt i bhfad siar.
B’fhéidir ná taitneodh cluiche an lae inniu le cuid mhaith againn agus b’fhéidir go bhfuil lánchead againn ár dtuairimí a nochtadh i dtaobh na lochtaí go léir a fhaighimid ar an imirt, ach tá dualgas orainn go léir leis trácht ar an gcluiche a chímid os ár gcomhair amach agus ní ar an gcluiche is áil linn a fheiscint.
Tá sé an-fhuraist na laethanta seo, géilleadh do dhioscúrsa an éadóchais leis an tsíorphasáil sall is anall an pháirc, leis an meon cúng coimeádach atá ag scata foirne agus leis an easpa béime ar bhunscileanna ar nós lascáil agus greamú na caide. B’fhíor don té a dúirt, ‘nuair a chacann gé, cacann siad go léir’ ach ná géillimis go léir don gcaitheamh anuas.
Cad ina thaobh go ngéillfí, nuair atá oiread eile le moladh san imirt?
Cé a déarfadh an dtaca seo anuraidh go n-éireodh chomh seoigh sin le peileadóirí Thiobraid Árann?
Cé a déarfadh chomh maith, gur idir Tiobraid Árann agus Doire a bheadh an cluiche caide ab fhearr a imríodh i gcraobh na bliana seo caite?
An de bharr dhíoscúrsa an éadóchais a bhí an lucht féachana chomh scáinte is a bhí don gcluiche céanna, dála an scéil?
Cad fé chúige Mumhan agus an tuiscint a bhí riamh ann gur sa chúige a bhí an chraobh ba laige as na ceithre cinn acu? Dá n-éireodh le Corcaigh ins na babhtaí cáilithe i gcoinne Dhún na nGall (agus ní raibh eatarthu sa deireadh ach lascadh amháin den gcaid) bheadh ceithre fhoireann ón gcúige i mbabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe anuraidh.
Bhí Dún na nGall féin in ísle brí tar éis d’Áth Cliath iad a chur de dhroim seoil sa bhabhta ceathrú ceannais in 2017 ach féach chugat arís in 2017 iad ar nós púca peill agus scata ógánach fásta thar oíche de dhroim feachtas iontach sraithe. Tógfar ceann díobh as seo amach mar is ag teacht iontu atá.
Is é an dála céanna ag an gCabhán é agus b’fhéidir nach fada uait an lá go mbeidh borradh niamhrach i ndán dóibh siúd, chomh maith, mar a bhí fiche bliain ó shin i 1997.
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil na fathaigh thraidisiúnta á múscailt féin arís, go bhfuil an roth á chasadh agus go bhfuil seápanna móra á dtabhairt ag an nGaillimh thiar agus ag an Mhí thoir.
Tá fir faobhair i gceannas i ngach contae acu a thug agus a thóg a dtáinig chucu ar pháirc na himeartha gan cnáimhseán, leithscéal ná gearán.
Ná fuil sé san am againne atá suite ar an gclaí a dhála céanna a dhéanamh?
Fág freagra ar 'Ní faic dioscúrsa an éadóchais faoi cheist na Gaeilge i gcomórtas le síorghíoscán lucht peile!'