Ní fada go mbeidh an realpolitik iarChovid ina neart

Seo tráth an dóchais ó thaobh na paindéime ach tá seanfhadhbanna eile ag teacht chun cinn arís

Ní fada go mbeidh an realpolitik iarChovid ina neart

Tá an dóchas le brath. Tá sé chomh follasach go gcreideann polaiteoirí go bhfuil an chuid is measa thart. Tá an Taoiseach ag magadh agus é ag smaoineamh cé acu páirc a bheidh ar a chumas dul ar dtús – Páirc Uí Chaoimh, Staid an Ghearaltaigh nó Staid Semple. Tá an Tánaiste ag caint faoi bhéilí a ithe taobh istigh i mbialanna faoi mhí Lúnasa. Go fiú Tony Holohan, an fear is cúramaí agus is cáiréisí le linn na géarchéime ar fad sheol sé amach litir oscailte an tseachtain seo ag rá le daoine a bhfuil vacsaín faighte acu gur féidir leo teacht le chéile i ngrúpaí beaga.

Dúirt sé tráthnóna inné arís gurb é seo “tráth an dóchais” agus gur chóir a bheith ag pleanáil don samhradh.

Tá údar dóchais againn mar sin, má bhíonn muid cúramach agus stuama. 

Ní gá gur dea-scéala é sin do pholaiteoirí ag an tráth seo. Taca an ama seo anuraidh bhí na cainteanna agus an cur agus cúiteamh faoi bhunú rialtais ag leanacht ar aghaidh. Thógfadh sé go deireadh mhí an Mheithimh seo caite an rialtas sin a chur le chéile. Murach an ghéarchéim sláinte phoiblí tá seans ann nach mbeadh ceann scríbe bainte amach ag na cainteanna céanna. Cuireadh sean-naimhdis, polasaithe, tuairimí agus fealsúnachtaí de leataobh. Bhí práinn ag baint le dul i ngleic le Covid-19. Níl an phráinn sin thart ná baol uirthi ach tá an chosúlacht ann go bhfuil an chuid is measa den phaindéim ceansaithe.

Fágann sin go bhfuil deis in athuair go dtiocfadh na seandeacrachtaí chun cinn. Tá cuid mhaith cainte déanta an tseachtain seo faoin reachtaíocht nua tithíochta a d’fhoilsigh an tAire Darragh O’Brien in iarracht cur leis an soláthar tithíochta agus aghaidh a thabhairt ar ghnéithe eile den ghéarchéim tithíochta. Géarchéim tithíochta? 

Tá sí ann go fóill agus níos measa ná riamh más tada é ó tharla go bhfuil tionscail na tógála ina lánstad le beagnach bliain. Géarchéim í a bhí lárnach sa bhfeachtas toghchánaíochta anuraidh. Tá sé i gceist ag Sinn Féin go mbeadh tithíocht lárnach sa bhfothoghchán i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas a bheidh ar siúl roimh dheireadh na bliana.

Tá géarchéim sa gcóras sláinte le fada agus í níos measa ná riamh de bharr Covid-19. Tá beagnach milliún duine ar liostaí feithimh sa tír. Beidh siad fós ar na liostaí nuair a bheidh Covid faoi smacht. Beidh easnamh sa státchiste a gcaithfear aghaidh a thabhairt air ón bhfómhar seo chugainn ar aghaidh.

Ní bheidh na páirtithe rialtais ar aon fhocal faoi na bealaí le dhul i ngleic leis na fadhbanna sin agus is fánach an chaoi a mbainfeadh ceann acu tuisle as an rialtas. 

Ní theastaíonn ó aon dream acu deireadh tobann a cur leis an rialtas seo ach tá teannas breise le brath anois le tamall. Más fíor na tuairiscí ó chruinnithe páirtí parlaiminte a bhí ag Fianna Fáil agus Fine Gael le míonna anois, ní mó ná sásta atá go leor ionadaithe tofa leis an gcleamhnas ina bhfuil siad ceangailte. Go dtí seo bhí an iomarca práinne agus imní faoi Covid-19. Faoi cheann cúpla mí nuair a bheidh an vacsaín faighte ag tromlach an phobail beidh brú ag teacht uathusan in athuair díriú ar ghéarchéimeanna cosúil le tithíocht agus sláinte. Beidh polaiteoirí ag casadh le vótóirí in athuair agus beidh fadhbanna dá gcur ar na súile dóibh.

Is deacair a rá ach déarfá go mbeidh brú dá chur ar chúlbhinseoirí. 

Cuirfidh siadsan brú ar cheannairí. Beidh an realpolitik iarChovid ina neart. 

An mbeidh na sean-naimhde in ann leanacht den chleamhnas míshuaimhneach ag an tráth sin?

Fág freagra ar 'Ní fada go mbeidh an realpolitik iarChovid ina neart'