Ní éireoidh le córas an tsaibhir an ghéarchéim maidir leis an athrú aeráide a leigheas

Ní leor a bheith ag caint faoi Athrú Cothrom, caithfear é a phlé is a chur i bhfeidhm nuair a bheidh sé pléite

Ní éireoidh le córas an tsaibhir an ghéarchéim maidir leis an athrú aeráide a leigheas

Ní gá é a rá, ach tá an domhan seo i mbaol mar gheall ar an athrú aeráide agus an cine daonna is cúis leis cuid mhór.

Ní gá é a rá ach an oiread gur féidir leis an gcine daonna an dochar a mhaolú má íslíonn siad na hastaíochtaí carbóin is meatáin.

Ní gá é a rá ach ní cinntí pearsanta ag daoine anseo is ansiúd a chuirfidh na polasaithe riachtanacha i bhfeidhm ach cinntí rialtais. Plean atá ag teastáil, plean a bheidh oiriúnach do gach aon stát agus a cheanglóidh le chéile iad.

Agus téann an pointe sin go croí an scéil. Faoi chóras an tsaibhir déanann comhlacht nó duine aonair cinneadh bunaithe ar an tslí is fearr le brabach ar infheistíocht a chinntiú.

Ach, mar shampla, más chun leas an domhain go mbeadh níos lú bólachta ann (ar mhaithe le hastaíochtaí meatáin a laghdú), ní hé go n-oireann a leithéid don té a bhfuil na tréada aige.

Sé freagra na saibhre ná pionós airgid a chur ar dhaoine as an seanmhodh oibre, ach is léir nach leor sin.  Ní chabhróidh an feirmeoir lena leithéid ach amháin nuair nach bhfuil aon dul as aige. Mar sin bíonn an próiseas mall is conspóideach.

Chomh maith leis sin, mar atá pléite go minic, ní laghdóidh cáin ar charbón na hastaíochtaí mura bhfuil rogha ann. Sé sin má bhíonn oibrí ag tiomáint cairr chun na hoibre faoin tuath toisc nach bhfuil aon tseirbhís iompair phoiblí ar fáil dó, ní bheidh aon rogha eile aige ach leanúint ar aghaidh ag tiomáint chun na hoibre. Ní thiocfaidh aon laghdú ar astaíochtaí carbóin, ach éireoidh sé níos costasaí taisteal chun na hoibre.

Ag deireadh thiar tá beart i bhfad níos cuimsithí ag teastáil: ní mór don rialtas plean a oibriú amach agus polasaí dearfach a bheith ann le hastaíochtaí a laghdú de réir dlí, ní de réir spriocanna a leagtar síos ar mhaithe le dea-phoiblíocht a fháil.

Agus, ionas go mbeadh plean dá leithéid inghlactha, ní mór don rialtas freisin na céimeanna a oibriú amach lena chinntiú gur athrú cothrom a bheidh ann. Ní leor labhairt faoina leithéid; caithfear é a phlé is a chur i bhfeidhm nuair a bheidh sé pléite.

Mar shampla, i gcás na talmhaíochta, níl aon amhras ach go gcaithfimid méad na dtréada laghdú in Éirinn má tá muide lenár gcuid a dhéanamh ó thaobh astaíochtaí meatáin sa domhan a laghdú. Ach ní leor ordú a thabhairt; caithfear a léiriú cén chaoi gur féidir imeacht ó fheirmeoireacht na dtréad agus feirmeoireacht de chineál eile a dhéanamh gan caighdeáin mhaireachtála daoine a ísliú chomh fada sin nach féidir leo slí bheatha a bhaint amach as an bhfeirm.

Agus sin é an laige atá ag plean an rialtais. Ní mhínítear cén chaoi a bhfuil na spriocanna le baint amach, nó cén chaoi a mbeidh daoine in ann teacht isteach a chinntiú agus maireachtáil sa tír.

Seans maith, go mbeidh orainn glacadh le níos lú – déanamh d’uireasa na saoire thar lear nó na n-earraí sómasacha. Ach caithfimid féachaint chuige gur lú a chuirfidh na hathruithe seo isteach ar na daoine is boichte nó is laige sa tsochaí ná aon aon dream eile.

Arís, ní mar sin atá plean an rialtais, más féidir plean a thabhairt air.

Go deimhin, taobh thiar den chaint ghalánta a dhéanann an rialtas cloistear caint dhéchiallach shuarach i gcónaí.

Mar shampla, agus é ag labhairt ar an stáitse idirnáisiúnta i nGlaschú, dhearbhaigh an Taoiseach, Micheál Martin, os comhair an domhain go bhfuil Éire ag tacú leis an gcinneadh go laghdófaí astaíochtaí meatáin 30% faoin mbliain 2030.

Bualadh bos mór.

Ach ar ais sa mbaile, níl a leithéid luaite sa bplean náisiúnta. 10% a luaitear ansin. Agus an míniú atá ag an Taoiseach air sin ná gur laghdú 10% in Éirinn céim na hÉireann i dtreo laghdú 30% go domhanda!

Nach bhfuil aon náire ar an Taoiseach a leithéid a rá?

Ach más sin nós na gceannairí domhanda go léir, tá muid i dtrioblóid. Is léir ó chaint an Taoisigh nach bhfuil sé dáiríre faoin scéal, is nach bhfuil i gceist aige ach gaisce a dhéanamh os comhair an phobail, ach é ag cloí i gcónaí le tosaíochtaí lucht an rachmais ag baile.

Sea, tá prionsabail lucht an rachmais, an margadh saor, chun tosaigh i ngach aon ghné de pholasaí an rialtais, agus an Comhaontas Glas ag tacú leo go díograiseach. Ach cul-de-sac atá ansin.

Tá an scéal seo róphráinneach le go nglacfadh muid leis an dearcadh seo.

Ní réiteoidh an rachmas an fhadhb, mar is é an rachmas a chruthaíonn í.

Anois an t-am le ceannas a thabhairt don stát.

Fág freagra ar 'Ní éireoidh le córas an tsaibhir an ghéarchéim maidir leis an athrú aeráide a leigheas'

  • An Teanga Bheo

    Beart de réir ár mian nó cinnearacht lucht an rachmuis