‘Ní eachtra stairiúil é dúinne, goilleann sé orainne gach uile lá’

Tá créachta na dTrioblóidí á nochtadh go rialta ach tá reachtaíocht chonspóideach á brú chun cinn ag rialtas na Breataine 

‘Ní eachtra stairiúil é dúinne, goilleann sé orainne gach uile lá’

“Ní eachtra stairiúil é dúinne. Cúig bliana fichead ó shin a tharla sé ach goilleann sé orainne gach uile lá.” 

Bean óg, Abbie Graham, a dúirt. Í ag cur síos ar an lá a mharaigh fir ghunna ón IRA a hathair an Constábla John Graham agus an Constábla cúltaca David Johnston. Bhí sí seacht mbliana d’aois, duine de thriúr inion John Graham. D’fhiafraigh sí dá máthair an dtiocfadh na drochfhir sa tóir orthu-san freisin. 

Bhí Louie, mac David Johnston, seacht mbliana d’aois chomh maith. D’fhág se slán ag a athair an mhaidin sin is é ag dul ar scoil. Nuair a tháinig sé abhaile bhí an tsráid pacáilte le carranna agus a mháthair croite cráite. Bhí na blianta ó shin léanmhar, a dúirt sé, folús mór sa teaghlach gach Nollaig, gach ócáid cheiliúrtha.

Bhí an bheirt phóilíní ar phatról coise ar an Lorgain, Contae Ard Mhacha nuair a tharla an t-ionsaí lámhaigh ar an 16 Meitheamh 1997. Ba iad sin na comhaltaí deiridh den RUC a maraíodh. Mí ina dhiaidh sin d’fhógair an tIRA an sos cogaidh a d’éascaigh an bealach chun cainteanna in Stormont as ar eascair Comhaontú Aoine an Chéasta.

Rinne teaghlaigh na gconstáblaí comóradh orthu beirt Déardaoin agus d’achainigh siad ar aon duine a bhfuil faisnéis aige teagmháil a dhéanamh leis an PSNI. Tá súil acu fós go bhféadfaí na fir ghunna a chúiseamh agus a chiontú. Thacaigh ionadaí ón PSNI lena n-impí, é ag rá nach raibh sé rómhall.

Beidh sé rómhall áfach má fhaigheann rialtas Boris Johnson cead a chinn. Tá céim an choiste do Bhille Oidhreacht na dTrioblóidí ar chlár ama na Parlaiminte don 27 agus 28 Meitheamh. Shéan an rialtas gur nós imeachta mear é, ach mhaígh an freasúra agus páirtithe an Tuaiscirt nach leor dhá lá chun an bille achrannach a bhfuil íobartaigh dubh dóite ina éadan a phlé. Chomh maith leis na híobartaigh tá páirtithe uilig an Tuaiscirt, rialtas na hÉireann, Coimisiún Chearta Daonna an Tuaiscirt agus iliomad eagraíochtaí cearta eile i gcoinne na reachtaíochta. 

Is deacair bunús dlí a shamhlú le reacht a choiscfeadh fiosrú, cúiseamh, ionchoisne nó cás sibhialta. Ní hiontas go ndeir íobartaigh ó gach cúlra gur sciath chosanta é do dhúnmharfóirí. Theastaigh ón rialtas Caomhach a chinntiú nach gcúiseofaí iarfhórsaí an stáit ach níorbh fhéidir an plean sin a chur i gcrích gan an chosaint chéanna a thabhairt do pharaimíleataigh.

Bhí cásanna ‘stairiúla’ sna cúirteanna i mBéal Feirste le seachtain. Bhí Geraldine Finucane, baintreach an dlíodóra Pat ar ais san Ard-Chúirt ag tabhairt dúshlán an chinnidh a rinne an Státrúnaí, Brandon Lewis nach mbunófaí fiosrú poiblí faoin marú. 33 bliain ó shin bhris fir ghunna ón UDA isteach i dteach mhuintir Finucane agus mharaigh siad an dlíodóir os comhair an teaghlaigh. Tá sé dearbhaithe go raibh fórsaí stáit claonpháirteach sa mharú agus tá muintir Finucane díongbháilte nach staonfaidh siad go nochtfar i bhfiosrú poiblí neamhspléach gach gné den scéal gránna.

Bhí an cás eile a bhí os comhair cúirte níos dearfaí sa mhéid is gur aontaigh Roinn Cosanta na Breataine cúiteamh a íoc le teaghlaigh as sléacht Bhaile Uí Mhurchú bliain agus caoga ó shin. Ní leigheas ar an mbrón agus tráma é ach is aitheantas é go raibh iompar na saighdiúirí dochosanta. Léiriú ab ea é sin agus an t-ionchoisne a rialaigh anuraidh go raibh na híobartaigh neamhchiontach gur féidir eachtraí a fhiosrú, fiu tar éis leathchéad bliain. Baineann sé sin an bonn de mhaíomh rialtas na Breataine nach féidir cásanna a thabhairt chun críche ‘ceal fianaise’.

Níl sna huafáis luaite ach sampla d’eachtraí a dteastaíonn ó íobartaigh go ndeinfí fiosrú ceart, críochnúil orthu; teastaíonn ó roinnt go gcúiseofaí iad sin a bhí freagrach dá mbeadh dóthain fianaise ar fáil. Tá créachta gan cneasú forleathan ach cheilfeadh Bille Oidhreacht na dTrioblóidí faoiseamh ar bith ach eolas. An mbeadh cúis ar bith ag ciontóirí eolas a sholáthar ó tharla, d’uireasa fiosraithe srl, nach mbeadh pionós le gearradh as a bheith ina dtost? 

Tá an Príomh-Aire agus an Státrúnaí meáite de go rithfear an reachtaíocht gan mhoill cé gur léir go dtabharfar a dhúshlán –chomh fada le Strasbourg más gá. B’fhollasach míshástacht bhaill de rialtas na gCaomhach leis an gCúirt Eorpach um Chearta i ngeall ar an gcinneadh a chuir stop le ruaigeadh na dteifeach nár den chine gheal iad go Rwanda. Tig leo talamh slán a dhéanamh de go dtabharfar cás in aghaidh a reacht um Oidhreacht na dTrioblóidí go dtí an chúirt sin luath nó mall. Más fíor a maíomh gurb é cosaint Chomhaontú Aoine an Chéasta a bpríomhthosaíocht – an míniú a thug siad ar Bhille Liz Truss faoin bPrótacal – ní bheidh an dara rogha acu ach an chúirt sin a aithint. Faoi fhoralácha an Chomhaontaithe caithfear cloí leis an gCoinbhinsiún um Chearta an Duine agus, dá bhrí sin, an chúirt.

Fág freagra ar '‘Ní eachtra stairiúil é dúinne, goilleann sé orainne gach uile lá’'