Ní drochspionn go deireadh na bliana…

Deireadh na bliana atá ann agus tá drochspionn ar chách

Ní drochspionn go deireadh na bliana…

Tá drochspionn ar pholaiteoirí mar go dtuigeann siad go bhfuil lá an comhairimh le teacht agus níl neart acu air. Is cuma cá méad gealltanas a dhéanann siad anois, tuigeann siad go bhfuil na vótóirí bréan díobh. Tá drochspionn ar na vótóirí, ámh, mar cé go dtuigeann siad go bhfuil na polaiteoirí lán amaidí, leanann siad de bheith ag vótáil do na daoine céanna.

Tá drochspionn ar na hiriseoirí mar nach dtugann an pobal aird mar is ceart ar a gcuid tuairimí eolacha agus go bhfuil an pobal ag éirí as nuachtáin a cheannach. Tá drochspionn ar an phobal mar nach n-aithíonn siad an tír atá le feiceáil sna nuachtáin chéanna. Tá sé chomh maith agat do chuid airgid a chaitheamh ar phionta bainne agus atá sé ar nuachtán. Ar a laghad, beidh cupán deas tae le fáil agat.

Tá drochspionn ar náisiúntóirí an Tuaiscirt go gcaithfidh siad cur suas leis an DUP; tá drochspionn ar an DUP go gcaithfidh siad cur suas le náisiúntóirí agus tá drochspionn ar Shaorstátóirí go gcaithfidh siad cur suas leis an dá dhream.

Tá drochspionn ar dhaoine de bharr an Bhreatimeachta agus drochspionn ar dhaoine eile siocair nár tharla an Breatimeacht.

Tá drochspionn ar ghníomhaithe de chuid na heite clé nach n-éisteann pobal na hÉireann leo agus réabhlóid a chur sa tsiúl in éadan fhórsaí an airgid agus Poblacht Shóisialach a bhunú. Tá drochspionn ar gach aon duine eile go gcreideann an eite chlé an balacs sin go fóill.

Tá drochspionn ar Ghardaí go mbíonn daoine ag tromaíocht orthu agus drochspionn ar dhaoine nach bhfuil na Gardaí chomh hiontaofa agus a shíl siad.

Tá drochspionn ar Gerry Adams mar nach ndearnadh aire rialtais de i mBaile Átha Cliath agus drochspionn ar dhaoine eile nach ndearnadh cime de i dTúr Londan.

Tá drochspionn ar lucht leanúna na peile, thuaidh agus theas, nach mbeidh na foirne i gCorn an Domhain. Tá drochspionn ar thábhairneoirí na Rúise mar an gcéanna.

Tá drochspionn ar lucht leanúna Shantaí nach bhfuair siad go leor bronntanas agus tá drochspionn ar Chríostaithe nach dtugtar aird mar is ceart do Chríost le linn na Nollag.

Tá drochspionn ar Chaitlicigh dhílse go raibh an séipéal líon lán le Caitlicigh an turcaí agus liamháis lá Nollag. Tá drochspionn ar Chaitlicigh an turcaí agus liamháis gur mhothaigh siad fós an glaoch chun Aifrinn.

Tá drochspionn ar an chainteoir Ghaeilge go bhfuil an teanga ag saothrú an bháis agus drochspionn ar chuid mhór eile nach bhfuil sí marbh go fóill.

Tá drochspionn ar pháistí go bhfuil a gcuid tuismitheoirí ólta agus drochspionn ar thuismitheoirí nach bhfuil siad ólta go leor mar gheall ar na páistí bheith saor ó scoil.

Tá drochspionn ar na múinteoirí nach mairfidh saoire na Nollag ach seal gairid agus drochspionn ar dhaoine fásta eile go bhfuil an méid sin de laethanta saora ag múinteoirí ar chor ar bith.

Tá drochspionn ar an ghréin nach mbíonn sí le feiceáil go glórmhar sa spéir agus drochspionn ar an ghealach go gcaithfidh sise an oiread sin ama a chaitheamh sa spéir an t-am seo bliana.

Tá drochspionn ar an réinfhia a d’iompair na bronntanais uilig go páistí na cruinne agus drochspionn ar an réinfhia nach bhfuair deis an rud céanna a dhéanamh.

Ach seo éist. Ná bíodh drochspionn ort – beidh an bhliain seo chugainn níos measa fós!

Fág freagra ar 'Ní drochspionn go deireadh na bliana…'

  • Seán de Paor

    O go maithe na deithe dhuinn an drochspionn seo uile, na cuireadh se drochspionn orthu chugainn!