Bhí drochshlaghdán orm an tseachtain seo caite ar fad. Sraothairt, casacht, teocht ard – an gnáthphacáiste. Chuir an slaghdán drochghiúmar orm ar dtús. Bhí obair le déanamh! Ach faoi dheireadh na seachtaine, ba léir dom go raibh mé tar éis an méid céanna oibre a dhéanamh agus a chuirfinn díom i ngnáthsheachtain oibre. Ní hamháin sin. Aisteach go leor, mhothaigh mé, ar chúis éigin, gur éascaigh an tsrón phlúchta agus an míchompord an scríobh.
Tá a fhios ag duine ar bith a bhí buailte leis an bhfliú riamh go mbíonn tionchar aisteach ag an bhfiabhras ar an aigne. Is cuimhin liom babhta tinnis amháin, fadó, nuair a bhí mé ocht mbliana d’aois. Bhí fiabhras chomh hard sin orm gur thosaigh mé ag rámhaillí i bhfoirm rann. Bhí mo thuistí bochta curtha soir agam; ní fhéadfaidís rud ar bith a rá nó dhéanfainn rím lena ndéarfaidís.
Ní raibh speabhraídí orm an tseachtain seo caite, ach ba léir dom agus mé i mbun scríbhneoireachta go raibh an t-ardú teochta ina chabhair. Leag an fiabhras ballaí cosanta an fho-chomhfheasa, agus tháinig a raibh istigh ann amach ina thuile.
Tá biseach orm ó shin agus bhreathnaigh mé siar ar chuid den stuif a scríobh mé an tseachtain seo caite. Murab ionann agus scríbhneoireacht a dhéanfaí faoi thionchar drugaí nó óil bhain mé triail as an dá rud fadó agus ní mholfainn é ní raibh difríocht ar bith le sonrú, ó thaobh an chaighdeáin scríbhneoireachta de, ar an méid a scríobh mé nuair a bhí slaghdán orm. Ní raibh ann, mar a dúirt mé thuas, ach gur airigh mé an obair féin níos éasca.
Nílim ag rá gur cheart do scríbhneoirí dul amach faoin mbáisteach ina gcraiceann dearg d’fhonn slaghdán a tholgadh a thabharfadh inspioráid dóibh. Ach b’fhiú don scríbhneoir, don ealaíontóir nó go deimhin do dhuine cruthaitheach ar bith úsáid a bhaint as an aon bhuntáiste amháin a bhaineann leis an mbreoiteacht. Druga saor in aisce é an fiabhras, a scuabfaidh duine leis go críocha ar deacair iad a bhaint amach ar ghnáthlá oibre.
Fearn
Is olc an ghaoth…………..b’fhéidir leis gur chóir gaoithe í. Tuilleadh bisigh ort!
Mise Áine
Níl aon slaghdán mar do shlaghdán fhéin, is dócha. B’fhéidir go mbualfadh smaoineamh duine, agus é tinn le fiabhhras, ach ní dóigh liom go mbeadh sé éasca bheith cruthaitheach ag an am ar leith sin, cibé a tharlódh agus duine ar ais ar a sheanléim.
Pé scéal é, is maith liom gur éirigh leat leas a bhaint as an ‘druga saor in aisce’ agus go bhfuil biseach ort anois, a chara. Gura fada buan do shláinte!