Ní dócha go mbeidh Éire chomh dona céanna arís

Imreoidh Éire a gcluiche deireanach i gCorn na Náisiún amárach agus tá Cúige Chonnacht ag dul chun páirce sa Pro 14 anocht

Ní dócha go mbeidh Éire chomh dona céanna arís

Bhí súil go mbeadh scíth ag na cúigí ó chomórtas an Pro 14 an deireadh seachtaine seo sula dtosódh chéad bhabhtaí Chorn na gCuradh i gceann seachtaine. Ba cheart go mbeadh fáil freisin ag na cúigí ar na himreoirí idirnáisiúnta don chomórtas sin mura dtarlaíonn aon ghortú dóibh agus iad ag imirt i gcoinne na hAlban i gCorn na Náisiún amárach.

Ach roimhe sin cuirfidh Cúige Chonnacht chun páirce anocht ar an mBóthar Beag i gcluiche Bhabhta 4, cluiche a bhí ar athlá de bharr Covid-19 ó thús na míosa seo caite.

Is cinnte go bhfuil Andy Friend, príomh-oiliúnóir Chonnacht, breá sásta gur sa mbaile atá an cluiche seo i gcoinne Treviso, mar go dtugann sé deis iontach dá fhoireann bua a fháil. Cuimhnigh gur theip go dona ar na Connachtaigh trí seachtaine ó shin i gcoinne na Scarlets (20-14), toradh nach raibh súil ar bith leis agus buntáiste an bhaile ag foireann an iarthair.

Ní féidir é a shéanadh, bhí cur chuige na gConnachtach go huafásach ar fad sa gcluiche sin. D’éirigh leo rudaí a chur ina gceart agus iad san Iodáil seachtain ó shin ach is i gcoinne Zebre, an fhoireann is laige sa gcomórtas, a bhí siad sa gcluiche sin. Is i gcoinne Treviso, foireann eile ón Iodáil atá siad anocht, foireann atá fós ar thóir a gcéad bhua sa gcomórtas agus sé chluiche imeartha acu go dtí seo.

Tá dúshlán mór roimh na cuairteoirí anocht agus iad i gcoinne foireann a bhfuil trí chluiche as cúig cinn buaite acu. Ní hamháin go gcaithfidh na Connachtaigh an cluiche seo a thabhairt leo ach údar mór díomá a bheadh ann mura n-éiríonn leo pointe bónais a fháil freisin. D’fhágfadh sin sa dara háit i nGrúpa B iad.

Cuirfear críoch le Corn na Náisiún an deireadh seachtaine seo.  Theip ar fhoireann na tíre seo áit sa chluiche ceannais a chinntiú agus na Sasanaigh agus na Francaigh a imreoidh sa chluiche sin. Cuirfidh Éire chun páirce i Staid Aviva i gcoinne na hAlban chun an tríú agus an ceathrú háit sa gcomórtas a shocrú. Tá dea-thuairisc orainn i gcoinne na hAlban le cúpla bliain anois, ach mar sin féin tá athrú cuimsitheach tagtha ar chur chuige an fhreasúra ó thús na bliana seo. Fágann sin go mbeidh dóthain le déanamh ag foireann Andy Farrell le bua a chinntiú.

Go deimhin má imríonn foireann na hÉireann mar a rinne siad i gcoinne na Seoirsia seachtain ó shin, caillfidh siad an cluiche seo. Ag breathnú dom ar an bhfoireann atá á cur chun páirce ag Farrell, ní móide go dtarlóidh sé sin. Mar sin féin, cé go bhfuil mise ag tuar bua d’fhoireann an bhaile, níl mé cinnte fós cén tairbhe a fuair muid as an gcomórtas nua seo.

Go deimhin má chailleann muid amárach is beag buntáiste a bhí sa tsraith ceithre chluiche seo dhúinn ar chor ar bith.

Fág freagra ar 'Ní dócha go mbeidh Éire chomh dona céanna arís'