Ní dócha go dtiocfaidh gíog ná míog as pobal na Gaeltachta féin go mbeidh sé rómhall…

Tá Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta i mbaol agus ní haon mhaith d’Éamon Ó Cuív a bheith ag fuarchaoineachán, a deir ár gcolúnaí

09/10/2012. Eamon O Cuiv media opportuinity. Fianna Fail Spokesman on Agriculture Eamon O Cuiv speaks to the media on the plinth at Leinster House regarding today's farmers protest, and the Fianna Fail private members motion on agriculture criticising the Government's new AEOS (Agri-Environment Options Scheme) and calling on the Government to tackle rising fuel costs. Photo: Laura Hutton/Photocall Ireland
Éamon Ó Cuiv. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Tá an chontúirt ann go gcuirfear deireadh le Roinn na Gaeltachta má bhíonn Fine Gael i gcumhacht tar éis an olltoghcháin, a dúirt an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív an lá faoi dheireadh.

Tá na comharthaí ann, a dúirt sé, go mór mór an bealach ar coinníodh an Roinn as aon fhreagracht a bheith orthu as caitheamh an airgid atá geallta do chéibh Inis Oírr.

Sílim go bhfuil an ceart ag ‘Rí Chonamara’ agus nach é amháin sin ach go bhfuil an baol ann go n-imeoidh Údarás na Gaeltachta freisin.

Is fada buillí troma buailte ar an dá eagraíocht agus ba é Ó Cuív féin a chuir tús leis an drochobair.

Ná bíodh sé ag silt deora bréige anois. Sin é, dála an scéil, an Ghaeilge atá ar ‘shedding crocodile tears’, ar fhaitíos go mbeadh an tAire Stáit Joe McHugh ag léamh an ailt seo. Ag fuarchaoineachán an leagan a bheadh ag daoine eile air.

Ghearr Ó Cuív airgead an Údaráis go náireach nuair a bhí seisean ina Aire. Is iomaí cath a throid mé ar Bhord Údarás na Gaeltachta ag iarraidh aird a tharraingt air sin.

Bhí sé chomh maith dhom fanacht i mo chodladh. Dia beag a bhí in Ó Cuív ag an am agus bhí greim scornaí ag Fianna Fáil ar an mBord.

B’ionann agus masla a thabhairt don Phápa ceist achrannach ar bith a chur ar an Aire.

Lá amháin tháinig an tAire Ó Cuív ar chuairt oifigiúil chugainn. Bhí cead againn ceisteanna a chur air an lá sin ach ba léir go gcaithfeadh muid a bheith béasach, ómósach.

Chuir na Fianna a bhí ar an mBord ceisteanna neafaiseacha air arbh é a mbrí dháiríre gurbh é Ó Cuív an taca ab fhearr a bhí ag Gaeil ó aimsir Fhionn Mhic Cumhail.

D’fhiafraigh mé féin de cén fáth ar ghearr sé an t-airgead orainn?

Dúirt mé leis go raibh cúpla teoiric agam faoi sin ach nach raibh mé cinnte cé acu ba chirte:

(1) gur cheap sé le fírinne gurbh é ár leas níos lú airgid a bheith le caitheamh againn (2) go raibh Fianna Fáil faoi bhois an chait chomh mór ag na PDs faoin tráth sin go gcaithfidís gearradh a dhéanamh (3) gur shocraigh sé ciste an Údaráis a laghdú agus go gcaithfeadh sé an t-airgead a é féin mar Aire.

D’fhreagair sé na baill eile ar fad romhamsa agus ansin ar seisean ‘maidir le do cheistse, a Sheosaimh, ghearr mé an t-airgead agus tá mé á chaitheamh mé féin agus tá mé á chaitheamh go maith.’

Ba bheag nach bhfuair sé bualadh bos ó na Fianna. Sílim go raibh fonn ar chuid acu éirí  ina seasamh mar chomhartha ómóis dó.

Chuir sé deireadh leis na scéimeanna a bhí ag Roinn na Gaeltachta le caoi a chur ar bhóithre áise agus le fuinneoga nua agus doirse a chur i dtithe.

Fear tábhachtach in eagraíocht Fhianna Fáil é an tIar-Sheanadóir Nioclás Ó Conchubhair. Ní mhaithfidh sé go deo dhó é. Chonaic Nioclás an toradh a bhí ar an gcinneadh faoi na doirse agus na fuinneoga sa siopa breá crua-earraí agus ábhar tógála atá aige i gCasla.

Ar ndóigh, déarfadh Ó Cuív féin nach deireadh a chuir sé leis na scéimeanna seo ar chor ar bith; gur ‘ar fionraí’ a chuir sé iad.

Máistir é ar chaint dhébhríoch den chineál sin mar níl sionnach ar sliabh chomh glic leis.

An gciallaíonn sé seo ar fad go bhfuil muinín ar bith agam as Fine Gael? Is beag an baol. Más olc maol is measa mullach.

Tá sé chomh soiléir lena bhfaca tú ariamh gurb é Éanna Ó Cionnaith a bheas ina Thaoiseach aríst. Seans go mbeidh Lucinda labharthach Creighton agus Shane an tSíoda Ross istigh in éineacht leo an chéad iarraidh eile.

Cén seans a bheas ag an nGaeltacht ansin?

D’fhéafadh sé go gcuirfí freagracht eacnamaíochta an Údaráis faoi Richard Bruton agus na Coláistí Samhraidh faoin Roinn Oideachais.

B’fhéidir go bhfágfaí rannóigín bheag bhuinní in áit eicínt ag seafóid chainte faoin bplean 20 bliain don Ghaeilge.

An rud is measa ar fad faoi nach dócha go dtiocfaidh gíog ná míog as pobal na Gaeltachta féin go mbeidh sé rómhall.

Nuair a scrios Fine Gael an daonlathas ó thaobh Bhord an Údaráis a thoghadh, d’fhan siad ina dtost.

Tarlóidh an rud céanna aríst tá faitíos orm.

Cén seans ach an oiread a bheas amach anseo ag TG4, ag Raidió na Gaeltachta ná ag  Tuairisc.ie?

Fiafraigí d’Éamon é.