‘Ní dhíolfaidh mé m’árasán le hamhantraithe ná le mamaithe agus deaidithe saibhre!’

Tá seasamh láidir á thógáil ag baintreach 96 bliain d’aois san Ísiltír a bhfuil na deacrachtaí atá ag an aos óg teach a cheannacht ag cur isteach uirthi go mór

‘Ní dhíolfaidh mé m’árasán le hamhantraithe ná le mamaithe agus deaidithe saibhre!’

Bhain baintreach Du Maine as cathair Haarlem, 96 bliain d’aois, an nuacht náisiúnta amach san Ísiltír an tseachtain seo caite.

An fáth?

Dhiúltaigh sí a hárasán a dhíol le lucht infheistíochta agus le ‘mamaithe agus deaidithe saibhre’.

Ach oiread le hÉirinn agus cuid mhaith tíortha eile san Eoraip, tá ganntanas tithíochta ollmhór san Ísiltír agus bíonn sé deacair ar an dream óg go háirithe teach a cheannacht.

Bhí an scéal sin ag cur isteach ar bhaintreach Du Maine.

Ba mhaith le baintreach Du Maine, dar lena mac Frank a labhair leis na meáin ar son a mháthar, gur le duine nó le lánúin a bheadh ag ceannacht tí den chéad uair a dhíolfaí a hárasán; duine nó daoine a bheadh sa bhád céanna agus a bhí sí féin agus a fear céile nuair a cheannaigh siadsan an t-árasán, tráth eile a raibh ganntanas ollmhór tithíochta san Ísiltír – ach ar chúis iomlán éagsúil.

Díreach tar éis an dara cogadh domhanda a tógadh árasán bhaintreach Du Maine, tráth a mbíodh ar go leor teaghlach teach a roinnt le teaghlach nó teaghlaigh eile toisc go raibh oiread tithe scriosta. Tá baintreach Du Maine ar dhuine de na daoine deireanacha a cheannaigh árasán i scéim tithíochta ar an Karel Doormanlaan an t-am sin agus a bhfuil cónaí uirthi san áit fós.

Ceantar de chuid an lucht oibre a bhí sa Karel Doormanlaan i dtuaisceart chathair Haarlem riamh agus a rian sin ar an áit, ach ní thógfadh sé ach 10 nóiméad ort lár na cathrach a bhaint amach ar do rothar. €225,000 an luach atá á lorg ag baintreach Du Maine; ní sladmhargadh go baileach ach is beag áit in iarthar plódaithe na hÍsiltíre a bhfaighfeá áitreabh ar an méid sin. Rud a thuigfidh amhantraithe a bheadh ag iarraidh an t-árasán a athdhíol go maith ar phraghas cúpla scór míle níos airde.

Tá baintreach Du Maine á moladh go hard na spéire i meáin na hÍsiltíre le seachtain anuas ach ar ndóigh is bocht an scéal é go mbeadh ar bhean 96 bliain d’aois jab an rialtais a dhéanamh: a chinntiú go mbeidh tithíocht ar phraghas réasúnta ar fáil don aos óg. Agus ar ndóigh mura spreagfaidh a seasamh láidir daoine eile a mbeadh teach le díol acu a sampla a leanacht ina sluaite, ní bheidh ina sampla ach mún dreoilín san fharraige.

Tá rialtas na hÍsiltíre ag iarraidh 90,000 teach nua a thógáil gach bliain as seo go 2030 chun an brú a bhaint den mhargadh, ach ní cosúil go mbainfear amach an sprioc sin ná baol air. Tá reachtaíocht á meas ag comhairlí cathrach áirithe a chuirfeadh iallach dlí ar dhaoine a cheannódh teach cónaí sa teach sin ar feadh trí bliana ar a laghad, rud a bhainfeadh cuid den ghaoth as seolta na n-amhantraithe, ach mar sin féin meastar go dtiocfaidh ardú 10 faoin gcéad ar phraghsanna na dtithe san Ísiltír as seo go ceann bliana.

Idir an dá linn tá muintir Du Maine dáiríre faoin scéal.

‘Tá fúinn an t-árasán a dhíol le duine nó le lánúin óg nár éirigh leo áit chónaithe dá gcuid féin a cheannacht go fóill,’ a dúirt Frank du Maine leis an nuacht áitiúil, NH Nieuws. ‘Agus ní bheidh muid á dhíol le mamaithe agus deaidithe saibhre a bheadh ag iarraidh árasán a cheannacht dá gclann ach oiread.’

Fág freagra ar '‘Ní dhíolfaidh mé m’árasán le hamhantraithe ná le mamaithe agus deaidithe saibhre!’'