‘Ní dheineamar míbhainistiú ar an ngeilleagar’ – Cowen

Dúirt an tIar-Thaoiseach nár dhein aon duine ná aon eagraíocht stocaireacht air maidir le barántas a thabhairt isteach do na bainc

Screen Shot 2015-07-02 at 11.25.22

Dúirt an tIar-Thaoiseach, Brian Cowen leis an bhFiosrúchán Baincéireachta tráthnóna nár dhein sé féin ná an rialtas a raibh sé mar Aire Airgeadais ann “míbhainistiú” ar an ngeilleagar.

Bhí “polasaí soiléir laistiar de gach rud a bhí an Rialtas “ag iarraidh a dhéanamh”, a dúirt sé, agus thagair sé don lánfhostaíocht a bhí ann ag an am agus don infreastruchtúr a tógadh.

Dúirt Cowen nár tháinig an polasaí buiséid a bhí á chur i gcrích roimh 2008 ón ngéarchéim ach gurbh amhlaidh an scéal i gcás polasaithe airí airgeadais eile ar fud an domhain.

Níorbh ann d’aon aire airgeadais aon áit ar domhan nach raibh air “athruithe bunúsacha” a dhéanamh ag an am, a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh an polasaí eacnamaíochta a bhí á chur i bhfeidhm roimh an ngéarchéim bunaithe ar fhealsúnacht a bhí ‘bailí’, agus gur éirigh go maith leis an bpolasaí sin nó gur tháinig ann don ghéarchéim eacnamaíochta dhomhanda.

Thug sé le fios chomh maith nár dhein aon duine ná aon eagraíocht riamh stocaireacht air maidir le barántas a thabhairt isteach do na bainc go dtí an uair a deineadh an cinneadh a leithéid de bharántas a cheadú.

Mhaígh an tIar-Thaoiseach gur creideadh go forleathan nach raibh aon “bhagairt chórasach” ann don earnáil bhaincéireachta den chuid is mó den bhliain 2008, agus gur fadhb “leachtachta” amháin a bhí sna bainc.

Dúirt sé nach raibh aon “ghéarchéim” ann faoin am a d’éirigh sé as an aireacht airgeadais i mí na Bealtaine 2008.

Fág freagra ar '‘Ní dheineamar míbhainistiú ar an ngeilleagar’ – Cowen'

  • Concubhar

    Cad is ciall leis an gceannlíne? “‘Ní dheineamar míbhainistiú ar an ngeilleagar’ – Cowen”. An bhfuil riail nua tagtha i bhfeidhm mar gheall ar Dhein/Ní dhearna/Nior rinne….?

    • Kevin Hickey

      A Chonchubhair, a chara,

      Is leagan Duibhneach é ‘ní dheineama[i]r’.

      Mar eolas duit, ní ghlactar le ‘Dein’ ná leis na foirmeacha a eascraíonn as an litriú sin (e.g. dhein, dheineas, etc) sa Chaighdeán Oifigiúil, ach tá sé i measc na n-eisceachtaí a cheadaítear de réir stíl tí Tuairisc.ie ach leanúnachas a bheith ann ina dtaobh.

      Scéilín thairis ach is ionann an leagan Duibhneach ‘ní dheineama[i]r’ agus an leagan Múscraíoch ‘níor dheineama[i]r’.

      ‘We didn’t mismanage the economy’ an Béarla atá air, gan amhras.

      Le meas,

      Kevin

      Fo-eagarthóir Tuairisc.ie

  • Concubhar

    GRMA as an soiléiriú, Kevin. Ar ndóigh ní raibh a fhios agam gur Duibhneach faoi éide Uibh Fháílíoch abea an iar Thaoiseach.

  • sean o rathaille

    Chriost na bhFlaitheas! Ab in eile ata ag deanamh tinnis dar gConchubhar t’reis an t-alt sin a leamh? Mionphointe a leirionn a chuid aineolais agus a phioidi is ata se!
    Cad faoin meid a tuairisciodh faoi Cowen agus a a mhi-naire, a eadan, a dhanaiocht as cuimse , a aithisu ar ar dtuiscint agus ar meabhair? Ce chreideann e? An feidir aon fhocal a chreidiuint o aon pholaiteoir sa tir seo? Buion ropairi, conairt an airgid agus fioch fola orthu? Greim piobain acu ar mhuintir na hEireann agus uaillmhianta lucht cinsil a gcomhlionadh go humhal agus go dilis acu?
    Cathain a dhuiseoimid? Cuireann Cowen fearg orm anois ach cuimhneamh ar an lab mor airgid a ghaibheann se t’reis do an tir a scrios.
    Tabharfad an bad ban thar n-ais amach orm fein agus fagfad sibh i bpoillini na ndiabhal seo uile.

  • Concubhar

    Is olc an scéal é murar féidir ceist faoi leaganacha Gaeilge a chur ar shuiomh Ghaeilge. Go léor ráite agus scrīte agam faoi ‘phinsinéirí’ a rinne scrios ar an dtír roimhe seo.
    Thugas áird don cheannlíne mar go raibh cuma neamh chaighdeánach nó ‘mícheart’ air. Dfhiosraigh mé an scéal agus fuaireas freagra agus ghabh mé buiochas.
    Aineolach? Más ag lorg aineolais atá tú a Sheáin, féach ort féin.

    • Aodán Ó Sé

      Nach fearr “níor” a úsáid do’n aimsear caite ach amháin roimh na briathra neamh-rialta mar shampla “ní fhaca”?