‘Ní dhearna muid aon chúram de na daoine beaga’ – litir ón bPápa

I litir a scríobh sé chuig ‘pobal Dé’ deir an Pápa Proinsias nár leor aon iarracht a dhéanfaí ar phardún a fháil as an mí-úsáid i measc na cléire nó an dochar a rinneadh a leigheas

‘Ní dhearna muid aon chúram de na daoine beaga’ – litir ón bPápa

Tá geallta ag an bPápa Proinsias do Chaitlicigh an domhain go ndéanfar gach iarracht mí-úsáid a chosc agus daoine a stopadh óna ceilt.

Sa litir a scríobh an Pápa chuig ‘pobal Dé’, ghéill sé gur loic an Eaglais ar pháistí óga.

“Ní dhearna muid aon chúram do na daoine beaga, thréigeamar iad,” a deir an Pápa sa litir.

Dúirt sé nár leor aon iarracht a dhéanfaí ar phardún a fháil as an mí-úsáid i measc na cléire nó an dochar a rinneadh a leigheas.

“Fágann méad agus tromchúis gach ar tharla go gcaithfimid ar fad dul i ngleic leis le chéile ar bhealach cuimsitheach.

“Is é an dúshlán mór atá romhainn inniu mar phobal Dé pian ár ndeartháireacha agus ár ndeirfiúracha, a gortaíodh ina gcorp agus ina spiorad, a iompar,” a deir an Pápa.

Thagair Pápa sa litir do thuarascáil Ard-Ghiúiré in Pennsylvania faoin mí-úsáid ghnéis a foilsíodh an tseachtain seo caite. De réir na tuarascála sin rinne 300 sagart i sé dheoise mí-úsáid ghnéis ar 1,000 páiste le 70 bliain anuas. Thug tArd-Ghiúiré le fios gur dóigh go bhféadfadh “na mílte” páiste a bheith i gceist.

Dúirt an Pápa gur bhain cuid mhór de na cásanna sin leis an am atá caite, ba léir go ndearnadh “neamhaird” den mhí-úsáid le fada, gur “coinníodh ciúin” í agus nár ceadaíodh do dhaoine labhairt fúithi.

“Tuigimid anois nach mbíonn aon chneasú i ndán do na créachta seo agus gur gá dúinn na huafáis seo a cháineadh go láidir agus aghaidh a thabhairt le chéile ar an ruaig a chur ar chultúr seo an bháis,” a dúirt an Pápa.

Cuirfidh an litir seo leis an tuairimíocht go ndéanfaidh an Pápa beart láidir faoi scannal na mí-úsáide le linn a chuairte ar Éirinn.

Dhá lá a bheidh an Pápa Proinsias sa tír seo, an Satharn agus an Domhnach seo chugainn, an 25 agus an 26 Lúnasa.

Tabharfaidh sé caint ag Cruinniú Domhanda na dTeaghlach i bPáirc an Chrócaigh ar an Satharn agus maidin lá arna mhárach, tabharfaidh sé cuairt ar Chnoc Mhuire i gContae Mhaigh Eo sula bhfreastalóidh sé ar Aifreann i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.

Maidin Dé Sathairn, a thiocfaidh an Pápa go hAerfort Bhaile Átha Cliath áit a gcuirfear fáilte oifigiúil roimhe sula rachaidh sé go dtí Áras an Uachtaráin. Labhróidh sé le lucht riaracháin agus rialtais i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin sula rachaidh sé go dtí an Leas-Ardeaglais.

An tráthnóna sin tabharfaidh sé cuairt phríobháideach ar Ionad Lae na gCaipisíneach a dhéanann freastal ar dhaoine atá gan dídean. I bPáirc an Chrócaigh a chríochnóidh sé obair an lae nuair a thabharfaidh sé óráid ag Féile na dTeaghlach.

Beidh sé i gCnoc Mhuire maidin Dé Domhnaigh sula bhfillfidh sé ar Bhaile Átha Cliath le bheith i bPáirc an Fhionnuisce ag 2.30in mar a bhfuil rún aige an tseanmóir a thabhairt ag an Aifreann ansin. Cuireadh leathmhilliún ticéad ar fáil d’Aifreann an Phápa agus 45,000 ticéad a cuireadh ar fáil don ócáid i gCnoc Mhuire. Tabharfaidh an Pápa Proinsias aghaidh ar na Róimh arís ag 6.30in tráthnóna Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar '‘Ní dhearna muid aon chúram de na daoine beaga’ – litir ón bPápa'